27.5.09

Ár dTrevor...

Bravo Trevor!

Tháinig muintir Sinn Féin chuig an teach aréir agus d'fhagadar billeog ar son Trevor Uí Chlochartaigh.

Íontas na n-íontas níl focal Béarla air a bhilleog. Sea, chonaic tú i gceart é - NÍL FOCAL BÉARLA AIR!

Fiú ar chúl tá píosa faoi Phadraig Mac Lochlainn, iarrathóir Shinn Féin i dtoghcheantair Eorpach, atá i nGaeilge leis. A céad píosa faoi an nduine seo i nGaeilge a chonaicamar. Mar a duramar cheana an píosa a cuireadh sa phost chuig an ceantair Gaeltachta seo is i mBéarla amháin a bhí sé - seachas líne amháin.

Ní bheinn ag súil ach le meas agus tuiscint ar a phoball ó Trevor. Is trua nach bhfuil an meas céanna á léiriú ag a bPáirtí. An ndéanfaidh a dhearcadh aon tionchar ar dearcadh a Pháirtí. Bhí beagnach an rud céanna á rá ag Conchubhair Ó Liatháin. Go beacht sé an rud atá á rá faoi ná "Is maith linn Trevor ach is trua faoin bPáirtí!" Ach ag an am céanna cén tionchar a bhíonn ag Comhleoir Chontae ar pholasaí aon pháirtí!

Chonaic mé fógra ag Pat the Cope a bhí i nGaeilge in aice linn anseo (buladh bos!). Ach tá fógraí atá ag Seamus (sic) Walsh - a bhí ina Bhreathnach ag toghchán an Údaráis - go léir as Béarla. (Dala an scéal an mise a t-aon duine a cheappann go bhfuil a aghaidh ar na postaerí céanna cosúil le Marx, Groucho ní Karl - féach thíos!)

Ach thar n-ais chuig Trevor, deireann sé sa bhileog:

"Teastaíonn uaidh an pobal a chuir i dtús áite arís. Tá béim faoi leith aige ar sheirbhísí don aos óg, óg oideachas, sláinte, seirbhísí poiblí agus fostaíocht d'árdcaighdeám=n do mhuintir Chonamara. Is duine ionraic, glórach é Trevor, a sheasann don gnáthdhuine agus iad siúd ar an imeall. Fear misniúil agus fear pobail!"

Gan amhras, fear misniúil! Go n–éirí adh leis.







Groucho nó Karl!

1 comment:

  1. Níl aon amhras orm gur fear den scoth é Trevor Ó Clochartaigh agus cuireann sé go mór le SF a bhí gan iarrthóír fiúntach ó aimsir Sheain Uí Choistealbha.

    Tá súil agam go n-eiríonn leis - cé go bhfuilim fós in amhras faoin pháirtí lena mbaineann sé. Léiríonn sé, áfach, gur féidir le comhairleoir nó ball aonair tionchar a imirt ar a pháirtí nó ní fhaca mé morán Gaeilge ar an mbileog a fuaireas ó SF anseo i Múscraí.....

    ReplyDelete