"Ag brú níos faide ar aghaidh don Chonradh"
Chuala mé díospóireacht cuíosach teasaí idir Uachtarán reatha Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fhearghusa, agus Seán Ó hAdhmaill ar Iris Anoir (Raidió na Gaeltachta Céadaoin 31 Márta 2010). Chuir sé beagáinín iontas orm cé chomh bríomhar is a bhí an díospóireacht. Sé an íomhá atá amach ansin go forleathan ag an gConradh na dream seandóirí, sean-fhaiseanta, léanta atá daingnithe istigh in a chaisleán beag compordach féin. Scoth-aicme mí-éifeachtach nach bhaineann le hábhar!
Ach seo duine óg bríomhar ag tabhairt dúshlán iomlán don íomhá sin. Mar aon le haon eagraíocht stairiúil bhí an fear óg seo ag breathnú siar chuig fréamhacha na heagraíochta, chuig Dubhglás de hÍde féin (ar dheis), fear a bhí mar Uachtarán ar ghluaiseacht a bhí chomh láidir leis an Cumann Lúthchleas Gael céad bliain ó shin le mana a fháil dá fheachtas - "Ag brú níos faide ar aghaidh don Chonradh!"
Seo fear óg atá gníomhach agus le tuiscint ar na "meán sóisialta." Leathanach Facebook agus LinkedIn aige. Ag tuibhteáil ar Twitter. Agus atá a bhlag fhéin, "Do Chonradh na Gaeilge" aige chomh maith. Fear an fiche haonú aois.
Ach cé hé an lead óg seo? Cé h-é an fear seo atá a tarraingt taca ó gach áird den cibearspás - mar shampla "Ghlacfainn Páirt Níos Mó sa Chonradh dá dToghfaí Ó hAdhmaill!" nó "Cuireadh chuig Árfheis Chonradh na Gaeilge" a thugann lán tacaíocht dó. Cad as dó? Cad tá déanta aige roimhe seo?
Rinne mé beagáinín taighde!
Rugadh agus tógadh Seán Ó hAdhmaill le Gaeilge i mBéal Feirste chois chuan.
Chuaigh sé tríd an chóras gaeloideachais ón réamhscolaíocht go leibhéal na hiarchéime. Is céimí Fiontar é. Tá taighde iarchéime ar siúl aige faoi láthair leo, ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta sa tiomsú airgid agus ceachtanna foghlamtha don earnáil dheonach Gaeilge.
Tá cónaí air anois i mBaile Átha Cliath lena bhean chéile (agus ceann taca) Tara - féach an pic ar dheis!. Tá mac óg aige, Fionn.
Is Oifigeach Forbartha é le Forbairt Naíonra Teoranta agus bhí an post céanna aige le Gaelscoileanna Teo. Chuidigh sé le bunú 4 ghaelcholáiste, 8 ngaelscoil agus 5 naíonra gaelach le trí bliana anuas. Féach mar shampla ar "Fás rábach sna Naíonraí gaelacha i lár an Cúlú Eacnamaíochta" (Deaireadh Fomhair 2009) ar an mblag Gaeltacht 21.
Céard tá déanta aige sa Chonradh?
Is duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga é. Óg-eagraíocht bunaithe le mic-léinn a mhealladh isteach san fheachtas STÁDAS i 2004. B'shin an feachtas a ghnóthaigh stádas oifigiúil don teanga sa Aontas Eorpach.
Chláraigh siad mar Chraobh de Chonradh na Gaeilge i 2006. Sa bhliain céanna toghadh Seán go dtí an Choiste Gnó. Toghadh é go leanúnach ar an gCoiste Gnó ó shin i leith. Toghadh go dtí Buanchoiste (coiste airgeadais) Chonradh na Gaeilge sa bhliain céanna chomh maith agus tá sé mar Chathaoirleach ar Choiste Contae Átha Cliath athbhunaithe ó anuraidh.
Is ionadaí Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge é ar Bhord Stiúrtha Sheachtain na Gaeilge Teo.
Bhí agus tá sé an-ghníomhach i bhfeachtais éagsúla le blianta beaga anuas. Mar a dúrathas cheana bhí an-bhaint aige leis na Gael Óga i bhfeachtas rathúil STÁDAS na Gaeilge san Eoraip.
I 2006 bhí sé bainteach leis an Feachtas Gaelú na bhFón Póca a spreag seirbhís tuarthéacs (Bearla/Gaeilge)Vodafone “Get the focal” agus Gaelfóin Samsung agus seirbhísí eile cosúil le seirbhís suthach Gaeilge Meteor. (Tá suíomh Fón services as Gaeilge are Facebook!)
Ó 2006 tá sé gníomhach le Feachtas oideachais Chonradh na Gaeilge.
I 2007 bhí sé bainteach le Do Rogha, feachtas chun an chórais Luath-thumoideachas Iomlán a chosaint tar éis eisiúint ciorclán 0044/07 (go gairmiúil le GAELSCOILEANNA TEO. agus go deonach le Conradh na Gaeilge).
Mhol sé rún chun stáisiún raidió Gaeilge don óige a bhunú ag Ard-Fheis 2007 den Chonradh na Gaeilge. Bunaíodh Raidió X Teo. tar éis Seimineár Oireachtas na Gaeilge ar an gceist. I 2008 chuaigh Raidió X beo ar líne. Athraíodh ainm Raidió X go Raidió Rí Rá i 2009. Chuaigh Raidió Rí Rá beo ar FM i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh agus Gaillimh. Bhí mír ag Seán féin ar an stáisiún idir 2008-09, Éagsúlacht@8. (Sa pic ar dheis tá Seán Ó hAdhmaill le Miriam Maher agus Iaraire Ghaeltachta Éamon Ó Cuív ag an stáisiún anuireadh).
I 2008 bhí sé bainteach leis an fheachtas Glac Leis a dhíríonn ar dhaoine óga a chumasú agus a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh ó chomhlachtaí poiblí. Dhírigh an chéad chuid den bhfeachtas ar dhaoine óga a bhí ag freastal ar Choláistí Samhraidh.
I 2009 bhí sé bainteach leis an fheachtas chun go mbeadh rogha Gaeilge ar fáil ar na huathmheaisíní bainc de chuid Banc na hÉireann i mBaile Átha Cliath. Is cuimhin liom féin a bheith ar buile nuair nach raibh rogha mo theanga féin san UMB i Siopa an Phobal i gCois Fharraige roinnt mhaith bliain ó shin. Anois tá an rogha sinn ann, a mbuíochas do Sheán agus a chomh-fheachtasóirí!
I 2009 bhí sé bainteach leis an fheachtas Ainmneacha Gaeilge d’Eastáit Tithíochta nua i limistéar Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Tá Comhairle Deisceart Bhaile Átha Cliath tar éis sampla an Chomhairle Cathrach a leanúint ó thús mí Márta 2010.
Idir 2009-2010 bhí sé bainteach le bunú agus eagrú RITH 2010. Is ball de Lárchoiste RITH é agus is stiúrthóir RITH Teo. é. Agus mar a léiríonn an pictiúr ar dheis, bhí sé sásta a bheith allas a chur san chuid is gníomhaí den Rás sin!
Mar a deir sé féin "Is síntiúsóir na nGael mé!"
Agus sin iad na fáthanna a dtugaim féin tacaíocht dó! Tá meas agam ar Phádraig mar Uachtarán chomh maith, ach creidim féin, in ainneoin aon bhotún a dhéanann Seán san fheachtas seo, gur eisean, agus daoine óga mar é, guth na Gaeilge sna blianta beaga atá amach romhainn. Ligimis dó, agus ligimis do dhaoine óga mar seo, an lá a bheith acu. Thig linn tacú leo sa chúlra, agus tá mé féin lánchinnte go gcuirfear fáilte roimh an tacaíocht sin....
ReplyDelete