17.4.10

Féile Joe Éinniú

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 30 Aibreán - 2 Bealtaine.

Tá an fhéile seo bunaithe ó 1986, le comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar an amhránaí sean-nóis a bhásaigh i Seattle sna Stáit Aontaithe i 1984. Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.

Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór le Danny O’Mahony & Patsy Broderick, Edel Fox, Alan McDonald, Fiachra O’Regan & Sophie Lavoie, Griogair Labhruidh & Síle Denvir, Liz & Yvonne Keane, Máire Áine Ní Iarnáin, Ciarán Somers agus tuilleadh. Beidh ceardlanna amhránaíocht agus damhsa ar an sean nós ar bun ar an Satharn ó 10am–2pm in Áras Shorcha Ní Ghuairim. Taobh amuigh de na seisiúin ceoil agus foinn a bheidh ar bun sa gceantar ar feadh na deireadh seachtaine, beidh seoladh dlúthdhiosca nua “Faoi Bhláth” le Ciarán Somers agus Dave Sheridan ar an Domhnach in Óstán Chuan Charna; comórtas amhránaíochta don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Seán ‘ac Dhonncha.

Beidh neart imeachtaí ar siúl i gCarna le haghaidh sean agus óg le linn deireadh seachtaine saoire bainc na Bealtaine!

No comments:

Post a Comment