7.6.11

Rámhaile ag an gCodú!

Mar a bhuail beirt bhlagálaithe ar a chéile i gCaorán na gCearc

Ise Áine!
Tráthnóna inné, chuala mé carr ag teacht isteach sa tsráid ós comhair an tí.

Chuaigh mé amach le fháil amach cé bhí ann.

Níor aithin mé an carr.

"Cé é seo!" a dúirt mé liom féin, "Duine atá caillte agus ag lorg eolais a bealaigh uainn?"

D'oscailíodh duras an tiománaí agus bean a bhí ann. "Mise, Áine" a dúirt sí agus an cuma uirthi go raibh aithne aici orm. Thosaigh an mé ag cúardú an bunachar sonraí istig i mo chloigeann. "Meas tú cé í?"
 
"Chonaic mé an jípín taobh amuigh agus shíl mé gur tú a bheidh ann!" a dúirt sí. "An raibh tú in Eanach Mheáin an lá faoi dheireadh?"

Ba leor nod don eolach!

Bí an Áine a bhíonn ar Rámhaille a bhí ann. Dúirt me ar a bhlag an lá faoi dheire go mbeinn i gCeantair na n-Oileán níos déanaí: "Beidh mé ag tiomáint anoir ansin (ó gCaorán na gCearc) i gcionn uair nó dhó - jeepín beag Mitsubishi......." a dúirt mé.

Ach ní fhaca mé í. Ach ós rud é go luaigh mé Caorán na gCearc, agus go raibh fhios aicí cá raibh an áit dríochta sin bhí a suíl amach agus í ag dul trén áit aréir. Agus chreid nó ná chreid d'éirigh lei an teach a aimsiú.

Bhí sé go deas buaileadh le duine den na blagálaithe is líofa agus is rialta minicíoch (má tá a leithéid d'fhocal ann!). Nach aisteach an rud go mbíonn aithne again ar dhaoine trén teicneolaíocht - an réaltacht fhíorúil mar a déarfa! Ach ar bhealach tá sé i bhfad níos íontaí feoil a chuir ar an bpearsantacht a bhíonn beagáinín teibí ar líne.

Anois nuair atá mé ag léimh píosa Rámhaile Áine, cloisfidh mé a glór, feicfidh mé an meangadh ar a aghaidh.

2 comments:

  1. Casann na blagadóirí ar a chéile, ach ní chasann na sléibhte is na cnoic!

    ReplyDelete
  2. Táim ar ais i gCeann Scríbe anocht, a Eoin, agus fáil agam ar an idirlíon, agus ar na blaganna uile, arís.

    Bhí sé iontach deas bualadh leat, a chara, agus beidh mé ag glaoch arís, amach anseo - ó tharla gur dheas an fháilte a cuireadh romham an chéad uair, an dtuigeann tú. :-)

    ReplyDelete