3.10.11

Dul faoi na gréine...

Iarraidh orm an fhuinneoig ar bharr an tí a dhúnadh ar an lá deireannach de Meán Fomhair.

Rith mé thuas staghaire agus sular dhún mé í thug mé faoi dearadh go raibh dath cineál dearg sa spéir. Chuir mé mo chloigeann amach agus bhreathnaigh mé siar agus chonaic mé radhar álainn nár bhfaca mé cheanna.

Ghlaogh mé ar mo bhean agus d'fhéachamar beirt ar an radharc álainn.


Thóg mé pictiúir de le mo fón phóca agus chuir mé ar leathanach Facebook Gaeilge Amháin é. Bhí cara linn níos faide siar ná muide i mBaile Uí Chonghaile a thug faoi dearadh a spéir álain leis. Tá cónaí uirthe in aice le Ceann Léime agus togadh pictiúir álainn eile ansin de.


Is cosúil gur thug duine in Oideas Gael ó thuaidh dTír Chonail faoi deara é leis agus chuireadar féin pictiúir de thuas ar líne.


"Luí na Gréine sa Ghleann aréir - ní fhaca muid a leithéd ariamh roimhe!" a duradar.

Mar a dúirt an file:

"Níl aon chríoch eile
Mar luí na gréine..."

2 comments:

  1. Go hálainn, go deimhin..:-)

    ReplyDelete
  2. Bhabha. Is breá liom an dara ceann go háirithe. Dá bpéinteálfá é, ní chreidfí thú!

    ReplyDelete