29.1.20

Aimsithe!

Scríobh mé cupla uair cheanna* faoi mo dheirfiúr Máirín a cailleadh agus í ina naoíneán sa bhliain 1952 ag aois trí mhí. Toisc lagú ó bhroinn ní raibh aon seans go mairfeadh sé i bhfad.

Plásóg na nAingeal, Glas Naoín.
Nuair a fógraíodh shuíomh gréasáin ginealais na Ranna Chultúir oscailte anuireadh, rinne mé cuardach ag iarraidh fháil amach an raibh aon eolas ann fuithí. Fuair mé taifead fuithí agus ar a bás. Mar a dúirt mé i mí Mean Fomhair scríobh mé chuig Siúracha na Carthanachta chun a fháil amach cá raibh sí curtha. Chun an fhirinne a insint bhí eagla orm go mbeadh sí curtha i bplásóg anaithnid taobh lesi an oispidéal ina bhfuair sí bás - Cnoch an Teampaill - atá anois imithe ó sheilbh na mBan Rialta.

Tar éis tamail ghearr go leor fuair me freagra deas ó duine de na siúracha. Dúirt sí go raibh sí curtha is bPlásóg na nAingeal i nGlas Naoín i mBaile Átha Cliath. Bhí áthas orm é sin a chlos mar tá ár dtuismitheoirí curtha sa reilig céanna.

Ar ábharaí an tsaoil bhíomar tar éis leach uaighe a ordú dár dtuismitheoirí ach ní raibh seans againn  breathnú ar ó tógadh é roimh Nollaig. Chuigh mé ann inné chun breathnú air agus nuair a bhíos ann rinne mé eolas ar an bplásóg úd a fháil. D'Fhuair mé amach go bhfuil níos mó ná Plásóg na nAngeal amháin ann. Mar sin thug mé an t-eolas faoi Máirín sagainne. Ar ndóigh cheap mé go mbeadh sí sa phlásóg ach ní bheadh fhios ag éinne cén áit go díreach ina mbeadh sí curtha. An-fhoireann atá acu in Iarsmalann na Reilige - chomh cáirdiúil agus tá Gaeilge ag cuid acu. Cuireadh mé chuig bean a bhí ag bínse ginealais.

Reilg Glas Naoín -
Plásóg na nAingeal in aice leis an dTúr
ag an mbun ra dheis.
Íontas na n–íontas bhreathnaigh an bhean isteach ina ríomhaire agus fuair sé taifead adhlactha ár ndeirfiúir. "Sea, tá sí curtha sa Sean Phlásóg na nAingeal!" Dúirt sí linn cá raibh sé agus dúirt "Tá sé curtha ag NA 104.5!" Mhínigh sí dom conas é a aimsiú.

Tá lithreacha ar taobh amháin den bplásóg agus ar an mballa ar thaobh na plásóige tá na h-uimhreacha. Is beag ná gur thosaigh mé ag caoineadh nuair a dúirt sí é sin mar, mar a dúirt mé, níor cheap mé go mbeadh an taifead chomh chruinn sin.

Chuaigh mé ansin go dtí an áit agus bhí sé íontach go mbfhéidir  seasamh díreach ag an áit sa plásóg ciúin sin ina bhfuil sí curtha. Ní raibh mé chomh congarach léi ón lá a rugadh ocht mbliain agus thrí scór ó shin agus í ina cliabhán.

Móimint speisialta!

Ag lorg Maureen.. (16/9/19)
   Edward - m'uncail agus Máirín - mo dheirfiúr! (1/6/2016)

No comments:

Post a Comment