14.2.12

Na chéad "Daffs!"


Inniú Lá Vailintín, agus mo Vailintín féin i bhfad ó bhaile inniú! Ag smaoineamh uirthi ar feadh an lae! Chaill sí céad bhlathú lus an chromchinn sa ghairdín againne.

Comhairthe eile earraigh!

Tá dhá dhán cháiliúil faoi an mbláth i mBéarla agam. Dán beagáinín brónach Robert Herrick, "To Daffodils" agus ceann áthasach Wordsworth a bhfuil níos mó cháil air, "Daffodils!"

Ná dein dearmad gur ar an 23ú lá den mí seo atá Lá Lus an Chromchín ar son Chuman Ailse na hÉireann!

Moladh go deo le Dia!

Agus mar críoch éist le Seán Monahan ar a Vailintín fhéin!

1 comment:

  1. nach breá na daffs bheith ag blathú chomh luath seo! Tá na cinn s'againne i mBaile Átha Cliath díreach ag iompú buí ag barr. Comhartha cinnte earraigh.

    ReplyDelete