2.10.12

Ag eitilt le hiolair...

Thugamar cuairt ar áit álainn, nach raibh aon eolas agam faoi go dtí cúpla lá ó shin.

Scréachóg reilige
Gearr do Bhaile an Mhóta i gContae Sligeach atá Láriond Taighde Éin Chreiche na hÉireann (Béarla) agus molfainn d'éinne chuairt a thabhairt ar an áit chun an obair atá ar siúl ann leis na hulchabháin, na híolair, seabhaigh agus bultúir. Níl siad gaolta lena chéile ach amháin gur éin a déanann fiach nó seilg ar ainmhithe nó éin bheaga don chuid is mó. Tá gob cúrán acu agus gríobh mar chos acu.

Tá ceithre cineál ann agus táid le fáil thar timpeal an domhain. Tá eolas éigin ar a suíomh idirlín acu ach is fearr go mór dul ann agus foghlaim ó na heolaithe ann. Fuaireadar aitheanta mar Zú EU cúig bliain ó shin. Ach ní gnáth zú atá ann mar molann siad do lámh a chuir ar na hainmhithe tú fhéin. Is íontach go deo iolar nó ulchabhán a bheith ina seasamh ar do dhorn.

Chuirtear na héin ag eitilt dhá uair i rith an lae ar maidin agus sa iar nóin.

Fiú muna bhfuil spéis agat sna cúrsaí seo is áit álann an áit le cuairt a thabhairt air chun an grá soiléir atá á thaispeáint ag lucht an ionaid a fhéiscint.

3 comments:

  1. suimiúl, a Chódú!

    An bhfaca tú aon clamhán ann?



    Fearn

    ReplyDelete
    Replies
    1. Chonaic - bhí dhá cineál ann dream ón "Sean Domhain" agus dream eile - nach bhfuil gaolta leo ó an "Nua Domhain" - Meiriceá thuaidh & theas.

      Delete
  2. deas liom a fháil amach go bhfuil a leithéid ann!

    ReplyDelete