12.3.13

Reoite i mí Márta...

Bhí sé fuair ar maidin.

Inniú lá na h-araidí bruscair anseo agus chuaig mé amach leo go luath. Bhí an féir beagáinín brioscánach faoi mo chosa agus mé ag siúl leis na málaí chuig ionad iontrála ár ndiméine!

Ar mo bhealach thug mé faoi deara go raibh an locháinín bheag atá againn i ngairdínín, atá á dhéanamh againn taobh leis an sciobóil, reoite. Bhí an oighear crua agus tiubh. Chuir sin íontas orm mar níor cheap mé go raibh sé chomh fuair sin. Bíonn díonta na tithe thár timpeall bán i gcónaí le sioch agus ní raibh ar maidin. Is cosúil gur oíche an-tirim a bhí ann gan mórán tais san aer.

Anois tá an ghriain ag éirí agus níl scamall sa spéir. Beidh an lá go hálainn.

Buíochas le Dia.

2 comments:

  1. Is maith an cur síos agat.

    Sin an saghas lá a dheirfeadh mo mhaimó go raibh an "gloinic" ann!!


    Fearn

    ReplyDelete
  2. Fuar anseo,freisin, a Eoin, ach lá álainn a bhí ann mar sin féin..:-)

    ReplyDelete