11.9.13

Daichead bliain ó shin!

Deirtear "Níl aon leigheas ar an ngrá ach pósadh!"

Ar an lá seo daichead bliain ó shin phós mé mo bhean.

Mar a dúradh le Tobias "...glac cúram do mhná...ort féin. Ón uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo amach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin daoibh."

Tá beirt cailín againn, mac amháin agus a bhean agus beirt gar pháistí. Tá muid ag fás!

Deireann Naomh Pól: "A fheara, bíodh grá agaibhse do bhur mná faoi mar a bhí grá ag Críost don Eaglais...ar an gcuma céanna grádh gach fear a bhean mar é féin agus tugadh an bhean ómós dá fear."

Rinne mise, rinneamar beirt, iarracht é sin a dhéanamh i rith an daichead bliain. Uaireanta theip orm, uireanta eile d'éirigh liom.

Tá súil agam gur éirigh liom níos mó ná mar a theip orm!

Ní mór dúinn iarraidh ar Dhia na glóire cabhair a thabhairt i gcónaí ar an dturas seo:

A Dhia, nuair a chruthaigh tú an cine daonna ba é do thoil é go mba aon iad an fear agus an bhean.

Tá do sheirbhísigh Eoin agus Máire faoi chuing an phósta le daichead bliain inniú,

Ceangail i gcónaí iad i gcuing an ghrá agus cuir rath ar a ngrá dá chéile ionas go mbeidh siad ina bhfinnéithe dílse ós comhair an tsaoil ar do ghrá-sa.

5 comments:

  1. Go maire sibh! Beidh 25 bliain curtha isteach againne mí Shamhna seo.

    ReplyDelete
  2. Go maire sibh, Dia go deo leat.


    Fearn

    ReplyDelete
  3. Ná bpósfar go deo arís sibh!

    Tréaslaím libh é

    ReplyDelete
  4. Turas fada i mbur ndiaidh, turas fada romhaibh, tá súil agam.
    Go n-éirí an bóthar libh ar an chuid eile den turas seo agaibh.

    ReplyDelete