27.9.13

Siopaí na Róimhe!

12 Meán Fómhair 2011: Sos beag!

I ndiaidh an lá gnóthach a bhí againn inné thógamar sos beag linn féin inniú. Chuamar ag siopadóireacht!

Céard is féidir a rá faoi siopaí na Róimhe, nó siopaí na hIodáile ina iomláine i ndairíre. Bhuel! Ar dtús ní cathair siopadóireachta í an Róimh deirtear. Is ag Firenze atá an onóir sin, nó b'fhéidir Milano. Mar sin féin tá an-chuid siopaí sa Róimh agus i gcomhairsineachta na cathrach. Is i gceann de na ceantreacha sin, ag bun an Via Aurelia, Piazza Irnerio agus Via de Boccea a bhí muid.

Tá an chuid siopaí beag príobháideach ansin. Táid an-bheag cinnte ach táid lán de earraí, stórálta ón urlár thuas go dtí an sileáil. Bróga, cumhrán, éadaí, torthaí, spéaclaí, "tobac," earraí cistine, pé rud gur mian leat bhí siad le fáil sna siopaí, beaga, cúnga, féin banastaíochta seo. Is iad na húinéirí a bhíonn taobh thiar den gcúntair sna siopaí seo, Níl mórán de na siopaí-slabhra mar Tesco nó Dunnes s'againn féin le fáil san Iodáil.

Chaitheamar maidin iomlán ar na sráideanna sin agus bhí lón deas Rómánach againn ar thaobh na sráide. Bhí roghnú feola ag mo bhean agus spagetti deas agamsa agus rud éigin a faightear sa Róimh, fíon dearg fuaraithe. Seo nós atá acu mar bíonn an aimsir chomh te san ann. Agus creid nó ná creid tá sé go deas.

Nuair a bhí sin thart thógamar an bus isteach go dtí Cearnóg Pheadair mar bhí orainn breathnú agus roghnú na griangrafeanna a togadh dínn agus muid ag caint leis an bPápa inné. Rinneamar sinn, bhí na céadta pictiúirí le breathnú ortha agus ar deireadh roghnaigh muid cuid acu le chur ar aghaidh chugainn sa bhaile i gcionn seachtaine nó mar sin.

Cé go raibh sé te ní raibh sé ró-the le bheith mí chompórdach agus bhí orainn rud eile nach ceart an Róimh a fhágáil gan é a dhéanamh. Céard é. Uachtair reoite ioncurtha na hIodáile a bhlaiseadh! Rud a rinneamar.

Mar a deitear thiar Neam! Neam!

1 comment:

  1. @fíon dearg fuaraithe. ??

    Muise, tá mé ag foghalim

    @Níl mórán de na siopaí-slabhra mar Tesco nó Dunnes s'againn féin le fáil san Iodáil.

    Is ionadh dom riamh mar a chaitheann an tÉireannach le sruth idir an leanbh agus a uisce salach nuair a mbíonn gaimbín ar fáil!!

    @Uachtair reoite... Neam! Neam!

    Abair é!


    Fearn

    ReplyDelete