21.10.16

Astons Stenar! Neart clocha!

Is íontach an rud a bheith i do dhaideó!

Tá beirt againne anois tá cead again iad a mhilleadh le rud éigin deas. Is féidor sin a dheéanamh agus trioblóid a sholáthar dá dtuismitheoirí. Is dócha gur cineál díoltas uainn ar an dtrioblóid a thug siad siúd dúinne agis iad óg! Níl mé ach ag magadh!

Bíonn féile ar siúl i nGaillimh gach bhliain do na páistí - Babaró (Béarla) agus chineamar ar iad a thógaint chuig chean  de na himeachtaí. Bíonn an éileamh ortha agus bhí sé deacair aon rud a chuir in áirithe cé gur níos mó ná mí roimhe a bhíomar á gcuardú. Sa deireadh cheannaigh muid ticéidí d'Amharclann Mhick Lally - nó An Druid (Bearla). Bhí dráma le bheith ann "Clocha Aston" ag complacht ón tSualainn - Teater Pero (Sualainnis).

Bhailíomar an beirt ar an lá agus ar ndóigh bhí orainn cuairtv a thabhairt ar McDonald's ar dtús agus bhí fhios acu cad a bhí uatha, bhí i bhfad níos mó trioblóide ar an sean bheirt a rogha féin a dhéanamh.

Nuair a shriochamar an amharclann bhí na sluaite ann. Is beag páiste a bhí níos sine na b'fhéidir ocht bliana d'aois agus iad go léir ag déanamh an méid sin torann le muid a bhodhrú! Ansin ligeadh isteach san halla muid agus bhí na haisteoirí an ar an stáitse ann. Nuair a bhí gach duine ina áit thosaigh an dráma féin.

Scéal a bhí ann faoi clann, athair, máthair agus a ngadhair Aston. Daoine fásta iad uilig agus ghlac fear amháin páirt an Aston. Bhí se amuigh ag siopadóireacht lá lena mháthair nuair a chonaic sé cloch agus bhí sé trua do mar bhí sé ina aonar ansin. Mar sin thóg sé abhaile é agus thosaigh sé ag bailiú clocha ó shin mar bhíodar garbh nó fuair, nó brónach nó ... - go dtí go raibh an teach lán de clocha.

Bhí sé go maith bheith ag breathnú ar na daoine óga, a bhí ciúin agus a n-aird ar a bhí ag tárliúnt ar an stáitse. Lean an taispeántas ar feadh uair a chloig nó mar sin agus ní h-amháin gur bhain na páistí taitneamh as ach bhain na daoine fásta as leis. Nuair a bhí sé thart tháinig na h-aisteoirí i measc an tslua ag caint leo go mór leis na leanaí.

An maidin dár gcionn fuaireamar teachtaireacht óna máthar. "D'inis an duine is óige den mbeirt scéan iomlán an dráma dúinn - ar a sé a cloig ar maidin!"

Nach íontach an rud a bheith i do dhaideó?

• Mas maith leat breathnú ar fhís gearr den dráma - Sualainnis le fotheidil i mBearla - a fheiscint anseo!

No comments:

Post a Comment