4.10.16

An tearmann Tearmann?

Níor cheannaigh  mé an leabhair seo ach bhuaigh mé i gcomórtas ar líne ag an bhfoilsitheor é sular ar foilsíodh é. (Gura maith agat 'Mharcais!)

Léirmheas eile
Scóip litríocht na Gaeilge á síneadh ag ‘Tearmann’ Hijmans 
(Eoin P. Ó Murchú - Tuairisc.ie)
Níl ach labhair amháin eile le Alex Hijmans léite agam. "Aiséirí!" Ar bhealach ní fhéadfadh an leabhair a bheith níos difriúla ach ag an am ceanna tá sé cosúil leis. Is faoi duine as baile in áit nua agus mar a thárla ann dó nó di atá san dá leabhair!

Ar ámhairí an tsaol thosaigh mé á léamh nuiar a bhí rabhadh faoi smugairle róin, longa cogaidh Portaingéalach, ar tránna ar iarthair na hÉireann agus go rabhadar thár a bheit dainséarach. Tá cuntas thar a bheith go maith ar dlúth-theagmháil idir an Éireannach agus na créatúr nimhneach san a bheadh deachair a sharú. Bhí a léiththeoir sáite ann leis sa bhfarraige agus ansin ina intinn agus a shamhlaíocht rámhailleach. Ní haon íonadh mar dúirt an údar ar twitter le déanaí "Bhí mise tinn ar feadh trí lá mé féin nuair a chuir ceann acu ga ionam agus mé ag snámh."

Ach an scéal!

Tá sé faoi fhear óg as Éirinn i mBraisil. Eoin an tainm atá air. Rinne sé céim is cosúil i gcúrsaí cearta daonna sa bhaile agus tháinig amach go dtí an tír seo le staidéar a dhéanamh ar chursaí inti. Tá spéis aige i gcearta na bundúchasaigh agus an coimhlint idir iad féin agus na hEorpaigh a thainig chuig a dtír breis is 500 bliain ó shin agus a thóg a gcuid tailte agus a bhris a spiorad nach mór. Ar ndóigh tá cosúileachtaí leis an rud a thárla anseo in Éireann (agus atá fós ag tarlú?).

Tá alt amháin ann a chuaig go mór i bhfeidhm orm ar an ábhar seo. An fadhb atá sa tír sin na go bhfuil na daoine geala ag iarraidh an dufar a gearradh siar ionas go mbeadh talamh glan ann le barra brabúsach a fhás ann nó beithigh. Bhí taithí ag na bundúchasaigh conas saol ceart a bheith acu sa dufar ach nuair a tháining a dream eile scriosadar a shaol agus chailleadar na sean bheallaigh marachtála. Ansin nuair a thosaigh an Rialtas i  mBrasilia ag iarraidh tailte dá gcuid féin acu thosnaigh siad féin ag gearradh na crainnte mar a bhí deanta ag na hEorpaigh. Thig an lead as Éirinn cé chomh dona is a bhí an cleachtadh sin ach ní fhaca a cháirde nua cad a bhí ag cur isteach air.

"Rith fregra na ceiste leis ansin. Siondróm de chuid an iarchoilíneachas a bhí anse gan amhras: oiread ama caite ag an treabh faoi chuing na n-úinéirí talún deoranta nach bhféadfaidís ach aithris a dheanamh orthu sin agus creach a dhéanamh ar an bhforaois. Bhí athgabháil le déanamh fós ar aigne na treibhe, ba léir. Bhí tasc ansin do dhuine éigin."

Ní fhéadfadh Misneach in Éirinn é a rá níos éifeachtaí!

Leanann an scéal ar aghaidh agus i gcónaí tá spéis ag an léitheoir ar cad tá le tárlúint. Tá an coimhlint idir an treabh agus na húinéirí talún ag dul níos measa. Cé gur thug an Rilatas a gcuid talamh don treabh ní raibh na húinéirí sasta ligint dóibh agus ar ndóigh ní raibh a Rialtas sásta nó i ndán mórán a dhéanamh faoi.

Deintear scrudú ar an cuimhlint sin agus ar a éifeacht ar an Éireannach óg agus diaidh ar ndiaidh mealltar isteach sa cogadh seo go mbíonn ar roghanna uafásacha a dhéanamh.

Is fiú an leabhar seo a leamh chun tuiscint níos fearr a bheith ar fhadhb an choilíneachais ní hamháin sa Bhraisil ach in áiteann i bhfad níos cóngaraí dúinn. Ach is fiú é a léamh mar is sceal suimiúil atá ann.  Mar a dúirt léiritheoir ar chlúdach an leabhair, 'Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn...'

Léigh é!

No comments:

Post a Comment