2.9.19

Cathair ann féin?


"Ón fharraige, maidin samhradh, is aoibhiúla é - suaiceanna a chuid teampall ag éirí go huaibhreach ós cionn an bhaile, sléibhte Bhaile Átha Cliath faoina gculath ghlas ar a gcúl, Cnoc Dheilginse ó dheas agus an cathair faoi cheobhrán bánghorm ó thuaidh.."

Rugadh i dteach ós comhair an Piara Thiar i nDún Laoghaire mé. Is dócha gur ar sin a bhíos ag smaoineamh nuair a cheannaig mé an leabhair seo* mar bhall den gClub Leabhar i mí Aibreán 1977! Bhí sé ina luí i measc leabhair eile sa teach ó shin ina aoinair gan léamh. Ar ndóigh tá cáil ar Dhún Laoghaire in Éirinn mar is ón bpiara ansin a d'imigh na sluaite ag caoineadh ar an mbád bán thoir go Sasana agus níos faoide i gcéin.

Thóg mé suas é le déanaí agus thosaigh mé á léamh. Leabhair an spéisiúil atá ann go mór mór don té a bhfuil eolas agus aithne aige ar an mbaile agus an cheantair máguaird. Agus mé á léamh thuig mé cé fáth ainmneacha ar shráideanna agus ardáin na h-áite, a lethéid mar Crofton, De Vesci, Crostwaite, Verschoyle, Longford agus Clarinda agus ar ndóigh George féin.

Dún Laoghaire a bhí ar an áit go tús an naoiú aois deag. Baile mara iascaireachta nach gcuirfeá mórán suntas ann. Ach thárla aistriú ar an mbaile nuair a tógadh cuan nó calafort mór amach ón mbaile. Socraíodh ar an áit mar calafort don bád phoist ó Chaergybi na Breataine Bige agus is uaidh sin i thosaigh an boradh ar an áit. Is ansin a bhí an Rí, Seoirse IV, an Leasrí a bhí, le teacht i dtír ar chuairt ar Éirinn 1821 - an céad Rí Shasanach a tháinig i dtír ar chuairt síochánta. Seo an Rí, "the fourth of fools and oppressors called George" mar a thug an file Byron air a thug a chead ainm na h-áite a athrú go Kingstown nuair a d'iarr Coimisiéirí air. "Nár chaith rí ní ba shuaraí ná é an choróin i Sasana ná i dtír ar bith eile" a dúirt Petrie ina thaobh.

Tá cúntas ar an obair mhóir ar thógáil an calafort céanna. Cúrsaí airgid, na fadhbanna agus na hargóintí. I ndairíre chuir cur agus ag cúiteamh ar feadh suas le daichead bliain, oibreacha móra an lae inniú mar Oispidéal na Leanaí nó an Choras Bhanda Leathan.

Tógadh na carraig go léir ón gcoiréal i Cnoc Dheilginis, áit ina raibh mis agus mo cháirde ag spraoí níos deanaí agus áit ina mbíonn dreapadóirí ag cleachtadh a gcéird sula dtéann sid go dtí na Himiléithe nó Alpa na hEilibhéise.

Tá cur síos ar na traigóidí a thárla go mór mór stoirm mór dosháraithe 1861 agus na hiarrachtaí a rinne an Captaen John McNeill Boyd. Is cuimhin liom ag cuir ceisteanna faoin bhfear seo mar tá leach ina onóir ar an bpiara thoir i nDún Laoghaire. Tá sceal an fhir chróga seo inste sa leabhar seo.

Tháining an bhorradh ar an gcalafort i rith na 20 aoise agus bhí bád farantóireachta an le fada. Ach ar dtús na fichiú aoise déag tháinig meath ar sin agus anois is beag obair ar bhonn tráchtála nó fiú iascaireachta a thárlaíonn ann. Is áit do bháid pléisiúir don chuid is mó atá ann anois. Ar ndóigh is ionad siúlóide cáiliúil é an Piara Thoir úd. Do thug James Joyce, "a disappointed bridge" air!

Calafort Dhún Laoghaire ón Aer (wikipedia)
An Piara Thoir ag a bun.
Tá cur síos ar bhochtanas na "gnáth daoine" san baile le "upwards of one hundred courts and lanes in a most abominable state of filth and neglect..." Ag an am sin - i lár réimis Victoria, Banríon & Impire - bhí fás ar an mbaile agus daoine mór le rá ó gCaisleán ag dul amach ansin ar an dtraen nua go dtína dtithe breá ar ardáin agus cearnóga nua Clarinda, Crostwaite agus eile - (Chosnaigh sé thart ar £80,000 céad "first class houses" a thógaíl i gKingstown - "beautifying this charming place"). Bhí daoine ag brú ar na gCoimisinéirí rud éigin a dhéanamh do na boich sna "slumaí." Bhi baol an chalair ann agus thárla ráig sna triocaidí, na daicheadaí agus bhí ceann ann i 1861 chomh maith. Thosaigh ar obair mór (ní hamháin i nDún Laoghaire ach i mBaile Átha Cliath agus i gcathreacha eile) ar scéimeanna séarachas. Tá muid fós ag baint úsáid as na córais sin a togadh 150 blian ó shin.

Ar ndóigh tá athrú ar ainm an bhaile anois ann agus is Dún Laoghaire atá air ón 6U lá Iúl 1920 nuair a ritheadh rún "that this Kingstown Urban District Council do hereby change their name and style and the name of their district to the Dún Laoghaire Urban District Council and the Dún Laoghaire District respectively."

I rith an ama seo deireann an údar, "is ag fás i gcónaí atá Baile Átha Cliath, ag slugadh ina gceann agus ina gceann na bailte agus na sráidbhailte a bhíodh ina slabhra mórthimpeall air leis na cianta." Faraoir is baolach go bhfuil sin fós ar siúl - nós cathrach is dócha! Bhí baol ann go mbeadh sé curtha leis an gcathair agus bhí an chaint ar sin sna feichéidí agus fiú níos deanaí.

Sa bhliain 1930 cuireadh deireadh leis an seancomhairle agus chuaigh comhairle eile ina áit - Bardás Dhún Laoghairle, comhairle a riarfadh a cheantair le Charraig Dhuibh, Deilginis, Cill Iníon Léinín agus an Baile Breac. Is cuimhin DLC a bheith scríofa ar fógraí. Glaogh Seán Lemass, "this second city" ar Dhún Laoghaire ag an am.

Scríobhadh an leabhar seo i lár na seachtóidí agus tá athrú eile ar rialtas áitiúil ann. Is Comhairle Chondae Dún Laoghaire & Ráth an Dún (DLR) atá air anois agus tá Cabán tSíle, Gleann Chuileann, Dundroma curtha leis.

Tá an taighde déanta ag an údar anseo, nótaí ag a chúl agus tá sé éasca le leamh. Agus tá neart foghlamtha agam faoi áit mo bhreithe nach raibh ar eolas agam roime seo.

Dún Laoghaire inniú!
Agus mé á scríobh seo d'fhoilsigh an Irish Times, "Dún Laoghaire’s continuing failure to reinvent itself," (Béarla)  alt ó Jennifer O'Connell faoin meath ar Dhún Laoghaire ó na hochtóidí agus go mór mór ó aistraigh Stena and seirbhís stairiúl ó Caergybi go dtí Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2014. Agus alt eile ón gcolúnaí uileláithreach David McWilliams, "Dún Laoghaire typifies Ireland’s poor use of land!"(Béarla). I lár na hochtú aoise déag bhi trácht ar an "most abominable state of filth and neglect." I mbliana tá trácht ar "the stae of the town, with its relentless decline and empty retail units, is a travesty."

Deirtear go bhfuil feabhas ag teacht ar an tír, tá an daonra ag méadú. Mar a deireann McWilliams an féidir le Dún Laoghaire, an céad bruach bhaile in Éirinn, bheith ina cheannródaí don gcuid eile den tír?

* Ó Kingstown go Dún Laoghaire, Dónal Ó Suileabhán, FNT 1976


Calafort Chill Rónáin (6 Márta 2013)

No comments:

Post a Comment