6.10.19

An tAthair Colm ag guibhe...!

Fuair an tAth Colm Ó Ceannabháin bás i rith na seachtaine. Canónach de chuid Ard Deoise Thuam a bhí ann ach ar ndóigh ní dócha gur smaoinigh éinne air ach mar An tAthair Choilm nó uaireanta "Father Canavan."

An tAth. Colm ar Lá Cholm Cille 2005
Bhi a choirp ós comhair na hAltóra i Séipéil na Tulaí ar maidin agus an Aifreann á céiliúradh san áit deireannach ina raibh sé ag freastal go dtí gur chuaigh sé siar go teach altranais Charna. Bhí a gcuimhne ag chuile duine a bhí i láthair is dócha.

Rugadh i gCois Fharraige é sa bhliain 1928. Bhí sé ina shagart i gColáiste Iarlaithe, Tuaim, Cill Chiaráin agus An Tulach, ina shagart Paróiste i gCrois Bhaoithín, Maigh Eo agus An Cheathrú Rua. Is sa Tulach a chuir muide aithne air. Chuir sé fáilte croíúl romhainn nuar a thangamar chuig an bparóiste seo. Bhíodh comhrá agam ar chursai an tsaoil leis ó am go chéile.

Is cuimhin liom go raibh me ag cruinniú de choiste thréadac a bhí againn ag an am sin agus bhí orm píosa a léamh agus bhí an focal "guí" ann. Bhí meangadh gáire ar a aghaidh nuair a bhí mé críochnaithe. "'Guibhe' a deireanns muide!" a dúirt sé.

Is ag guibhe atá mé ó shin!

I soiscéal an lae bhí píosa a cheap mé a bheith thar a bheith oiriúnach mar léiriú ar shaol an tsagairt lách seo. Tá na focail sa leagan a rinne se féin agus sagairt eile, An tAthair Micheál Ó Flannbhra ina measc, i nGaeilge na hAite - Gaeilge Chonamara.

"Níl ionainn ach searbhóntaí, níl déanta againn ach an méid a bhí orainn a dhéanamh!"

Ar dheis Dé go raibh anam chaoin uasal.



No comments:

Post a Comment