10.12.20

Iománaí ar chlé – nó ar dheis…


Tháinigh eagrán an Gheimhridh den Iris is sine, Timire an Chroí ró Naofa, sa post inné. Bhí alt faoin gceannteideal "Iománaí ar Chlaí" san eagrán deireanach a spreag  chun pinn mé agus bhí an eagarthóir sásta mó phíosa a chur i gcló.

Seo mar a scriobh mé:

“Ní gá gurb ionann seasamh An Timire agus na tuairimí san alt seo!” Ardaíodh mo chuid spéise nuair a léigh mé é seo ag tús ailt sa Timire le deanaí (Fomhair 2020).

Bhí an alt féin faoi chúrsaí na hEaglaise agus an coimhlint idir “liobrálaigh” agus “coimeadaigh!” 

Ní maith liom na lipéidí sin go mór mór nuair is cúrsaí eaglasta atá i gceist.  Mar a admhaíonn údar  an ailt féin go h-indíreach ceileann na lipéidí sin an chuid den fhirinne. Cad is brí leis an lipéidí sin agus an ceart iad a úsáid i gcúrsaí eaglasta, nó i gcúrsaí chreidimh?

Tagann sé ó dhearcadh “domhanda” agus ag daoine a cheapann gur eagras éigin í an Eaglais. Cineál cumann le rialacha trom nach féidir iad athrú nó ar an dtaobh eile gur féidir iad a athrú más sin toil for mhór na baill. Ach, mar a deireann Naomh Pól linn is coirp í an eaglais, Corp Chríost. 

Mar sin ní cumann í an eaglais,  agus ar bhealach ní reiligiún í fiú! Is muintireas, caidreamh idir gaolta, clann Dé tré ár ndeatháir a Mhac, Íosa, mac Mhuire.

Is cuimhin liom fiche bliain ó shin, gur cuireadhh ceist orm ag Sagart i Meiriceá i mBéarla, “Are you a conservative or a liberal Catholic?”  Ar ndóigh níor smaoiníos ar seo i mo shaol roimhe seo ach thuig mé gur ceist “politiuíl” a bhí ann. D’fhreagraíos é, “I hope I am an orthodox Catholic.”  Is cosúil gur shásaigh an fhreagra sin é. 

Ach cad is liobarálach ann?  Cad is coimeadaí ann? An ceart na téarmaí, na lipéidí, sin a úsáid ag caint faoi Eaglais Chriost?  Ní dóigh liom gur ceart. Is tearmaí “domhanda” iad, téarmaí a úsáidtear sa saol polaitíochta.  Tharais san is téarmaí iad a úsáidtear le deighilt a cruthú dár liom.  I ndairíre is dócha co bhfuil tuairimí liobarálach agus tuairimí coimeadach ag gach duine, Coimeadaigh Liobarálach, Liobarálaigh Coimeadeach!

Sílim nach mbaineann na breathiúnais sin le saol Chaitliceach Chriostaí (ná Críostaí ar bith!) beag nó mór áfach.  “Ná tugaigí breith le heagla go dtabharfaí breith oraibh..” a dúirt Íosa tráth. 

An Pápa i gCearnóg Pheadair 11 Meán Fomhair 2014

Deireann údar an alt úd nach n-aontaíonn an Pápa Prionsias leis an gclé, deas, clé, deas,  seo ach an oiread. “Ní fheiceann an domhain mór ach daoine a bheith páirteach ar an taobh clé nó deas.” Ní fheiceann an Spiorad Naomh ach clan Dé, a deireann sé.  Ní dóigh go ndúirt Pápa ar bith eile a mhalairt.  

Cinnte ní ceart dúinn bheith in adharca a chéile.  I bhfocal Íosa féin, ag guibhe leis an Athair,  “Go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa; go mbeidís seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mé.”

Luann údair an ailt úd an litir láidir a chuir an tArd Easpaig Viganó inar iarraidh sé ar an bPápa éirí as mar nach bhfuil sé láidir ag cosaint firinne an chreidimh.  Ionsaí fíochmhar a bhí sa litir úd.  (An féidir an litir “Dubia” ó ceithre Cairdinéal* a lua sa comhthéacs seo chomh maith cé nach bhfuil sé seo leath chomh spadhrúil is atá comhfhreagras an Ardeaspaig.) Cuireadh ceist ar an bPápa faoi seo agus é ar a thuras go hÉireann agus d’fhreagair sé: "Ní déarfaidh mé focal amháin faoi seo, sílim go ndeireann an ráiteas seo a scéal féin, agus is leor an cumas atá oraibhse mar iriseoirí bhúr gconclúd féin a dhéanamh!”   Chuir sé ocáid eile im intinn agam, “… freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardíonadh ar an ngobharnóir.”

Deireann an tIománaí ar Chlaí go bhfuil peaca marfach,  “nach maithfear dó é”, déanta ag an bPápa.  Is breithiúnas gan aon amhras é sin.  B’fhéidir nach dtuigeann sé meon an Phápa seo. Nó b’fhéidir go dtuigeann sé go ró mhaith é. 

Is maith liom polaitíocht agus go mór mór polataíocht na Vatacáine. Ach nach bhfuil baol áirithe ann  breithiúnas a dhéanamh ar rudaí nár ceart breithiúnas a dhéanamh.  Níor mhaith liom féin a rá faoi éinne go bhfuil peaca mairfeach déanta aige cé go dtuigim céard is peaca mairfeach ann.  

Sílim gur fiú go mór éisteacht leis an méid a bhí le rá ag Jorge Mario Bergoglio agus é díreach tofa far Pápa, "Is peacach mé, ach tá muinín agam as trócaire agus foighne ár dTiarna Íosa Críost atá gan teorainn." 

Seo Pápa a thuigeann go bhfágann Dia saor sinn fiú chun muid féin a scaradh uaidh agus botúin a dhéanamh ach ar deireadh atá ag feithimh orainn, ag glaoch orainn i gcónaí. Seo teachtaireacht a rinne Eoin Pól II i nGaillimh chomh maith le hóige na hÉireann.

Is dócha gur seo an teachtaireacht atá á theagasc i gcónaí ag Prionsias ó shíochán Pheadair sa Róimh. Teachtaireacht go bhfuil níos “mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.”

Is léir sin ón manadh a thóg sé nuair a ornaíodh ina Easpag é san Airgintín: “Miserando atque eligendo!”  (“Ó d’féach sé air go trócaireach do rognaigh sé é!”)

* Litir i mí Meán Fomhair 2016 le cúig ceisteanna a chuir na Cairdinéil (Raymond Burke, Carlo Caffarra, Walter Brandmüller, Joachim Meisner) chuig an Pápa tár éis fhoilsiú Imlitreach "Amoris Laetitia."


• Seans go mbeadh spéis agat san píosa seo uaim "Boladh na gCaorach." (26/9/2015)

No comments:

Post a Comment