18.5.26

Míbhuntáiste digiteach - tost!

Bhí orm dul chuig an bannc áitiúl le airgead, i bhfoirm seice, a chuir isteach. Tá sé éasca go leor é a dhéanamh tré inneal* ag an brainse agus carta speisialt atá éisithe ag an mbannc. Chuir mé istig mo charta, agus ansing chuir mé an seic isteach agus dúirt sé liom méid na seice. Deimhnigh mé an méid tre cnaipe a bhrú agus thug sé admháil dom. Éasca go leor.

Níl Gaeilge againn!
Ansin bhí orm buidéal báinne fháil sa siopa - Tesco a bhí ann. Chuaigh mé isteach agus shúil mé trén siopa len é a fháil. De gnáth sna siopaí bíonn an Báinne ag cúl an siopa agu bíon ort siúl trén siopa ar fad - maragaíocht is dócha agus is mininc a fheicim rud eile nach bhfuil ag taisteal uaim ach ceannaím é chomh maith! An babhta seo ní raibh ach báinne uaim agus séan mé an cathú an uair seo. Tá gléas* acu le n-íoch as do chuid siopadóireacht ansin. Rud a rinne mé.

Shiúl mé amach as an siopa leis an báinne.

Ag dul abhaile dom smaoinigh me nár labhair mé le duine ar bith. Nach aisteach an rud é. Níor labhair mé le h-éinne agsu níor labhair éinne liomsa. Dul chun cinn?

Nach mbeadh sé go deas cúpla focal, fiú an "gura maith agat" a rá nó bhféidir comhrá beag a bheith agat faoin aimsir? Nó faoi bhua na hIar Mhidhe ar Bhaile Cliath inné?

Deirtear gur dull chun cinn an digitiú seo agus ar bhealach b'fhéidir gur féidir forchéimiú atá ann. Ach nach bhfuil rud tabhachtach caillte - daonnacht, an comhrá eadrainn mar dhaoine?


* Ar ndóigh ní labhrann an Bannc nó Tesco linn sa Teanga Náisiúnta ar na gléasanna seo, cé go bhfuil an dhá chraobh luaite anseo, i gcroí lár na Gaeltachta...

No comments:

Post a Comment