Showing posts with label Airgead. Show all posts
Showing posts with label Airgead. Show all posts

19.1.23

Cent ar bith!


Is minic agus mé ag fáil artola sa charr déanaim iarracht an praghas a ardú go méad €uro glan. Sé sin nuair atá sé ag teacht go dtí barr an tanc leanam orm go mall go dtí an figiúr glan - gan cent ar bith. Ach de ghnáth ní éiríonn liom agus stopann sé beagáinín ró ard i gcónaí - cent nó dhó so bhreis.

Ach cúpla lá ó shin bhí mé á líonad ag Tí Mháirtín Bháin agus stop an pumpa díreach ag €50.00 uaidh féin.

Miriúlt beag?

20.7.22

Cad a dhéanfaimíd feasta gan airgead?

Fuair mé teachtaireacht r-phoist ó Bhanc Aontas Éireann ar maidin. Bhí sé faoin gcraoibh in a bhfuil cúntais againn san áit a dtugann siad "Spiddal" uirthi.

Is cosúil go bhfuil siad le deireadh a chuir le gnáth sheirbhísí bhanc ann agus go mbeidh orm dul isteach go Gaillimh - "Your nearest branch with cash services is at Lynch's Castle." a deireann siad. Anois beidh ar dhaoine dul isteach go Gaillimh, áit pairceáile a fháil agus a íoch agus siúl isteach go lár na cathrach.

Tá seirbhís maith ag an gcraobh ar an Spidéal agus tá sé éasca páirceáil, saor in aisce, agus do chuid ghnó a dhéanamh. Ach anois ní bheidh nótaí, boinn, seiceanna, malartán eachtrach, dréachtanna bainc. Mar sin tá níos mó ná airgead reatha atá i gceist.

Deirtear go mbeidh seirbhís níos fearr tré Oifigí Phoist ach ag an am céanna tá sé teoranta go leor. Agus má tá tú ag iarraidh gnó nó ceist íogair a phlé ní féidir sin a dhéanamh ag cuntar phoist oifige!

Dhúnadar an foth-chraobh ar an gCeathrú Rua roinnt mhaith blianta ó shin - an fada a tharlódh an rud céanna don Spidéal?

Tuige a bhfuil banc ann anyways?  Níl fiú meas acu ar phobal na háite leis an t-ainm ceart a thabhairt ar an mbaile.

Nach mbeadh sé níos fearr fill ar ais chuig an an sean tocht sa seomra leapan?

3.8.19

An Timpeallacht Gheilleagrach.


Leanann geilleagar na hÉireann de bheith ag fás ar luas láidir agus tá buacacht na gníomhaíochta eacnamaíche intíre agus fás láidir ar onnmhairí ag tacúleis an bhfás sin, cé go bhfuil fás ar éiginnteacht maidir le hionchais eacnamaíocha agus constaicí seachtracha. 

Ar an taobh intíre, bhí an fás láidir leathan ar fhostaíocht, mar aon le tuilleamh méadaithe, arna chothú ag dálaí fabhracha airgeadais agus ag tuilleadh feabhais ar dhálaí airgeadais teaghlaigh agus gnólachtaí, mar bhonn agus mar thaca faoin móiminteam fáis seo. Mar thoradh air sin, tá fás láidir ar chaiteachas tomhaltóirí, cé gur srianadh é beagán de bharr éiginnteachta, fad is a bhí luas faoiathbhorradh i bpríomhghnéithe den infheistíocht intíre, amhail tógáil agus foirgníocht. Ar an taobh seachtrach, in ainneoin timpeallacht gheilleagrach idirnáisiúnta níos lú fabhraí, tá ionadh faoi fhás onnmhairí ar an taobh thuas, cé go dtugtar faoi dearagur cruinníodh fás i líon beag earnálacha, agus go bhfuil forlámhas ag gnólachtaí ilnáisiúnta.

Ag féachaint chun tosaigh, tá an réamhaisnéis fós dearfach ach tá sí faoi réir leibhéil ardaithe riosca agus éiginnteachta. Is é réamhaisnéis lárnach an Bhainc Ceannais, a bunaíodh ar an tuiscint gur féidir Brexit mí-ordúil, gan chomhaontú, a sheachaint, go dtiocfaidh fás ar luas sách seasmhach ar an mbunghníomhaíocht eacnamaíoch sna blianta atá romhainn, cé go bhfuil ionchas ann go dtiocfaidh maolú áirithe ar an bhfás sin in 2019 agus in 2020. Is léiriú é an maolú tuartha ar fhás ar thionchar maolaithe an ionchais fáis dhomhanda níos lú fabhraí agus an tionchar atá ag constaicí acmhainne intíre teorantach atá ag teacht chun cinn.

Sa réamhaisnéis lárnach, meastar gur ó neart an leathnaithe ar bhunéileamh intíre a thiocfaidh an príomhspreagadh don fhás sna blianta atá romhainn, rud a léirítear san fhás láidir ar chaiteachas tomhaltóirí agus ar bhuninfheistíocht (lena n-eisiatar na gnéithe luaineacha den infheistíocht i sócmhainní doláimhsithe agus in aerárthaí). Maidir leis an leathnú i mbunghníomhaíocht le linn thréimhse intomhaiste na réamhaisnéise, tuartar go spreagfar é le tuilleadh méaduithe ar fhostaíocht agus ar ioncaim, cé go dtuartar go beidh modhnú i bhfás fostaíochta óna ráta fáis láidir le linn thréimhse intomhaiste na réamhaisnéise. Mar sin féin, agus mar léiriú ar thionchar na sonraí láidre is déanaí, tugann sé sin le tuiscint go mbeidh fás fostaíochta bliantúil thart ar 0.3 faoin gcéad níos airde don bhliain seo ná na réamhaisnéisí a foilsíodh san Fhaisnéis dheireanach. Ar an taobh seachtrach, tuartar go bhfásfaidh fás onnmhairí i gcomhréir níos mó le héileamh maolaithe i bpríomhpháirtithe trádála na hÉireann, cé go meastar go leanfaidh glan- onnmhairí de chur go dearfach le fás le linn thréimhse intomhaiste na réamhaisnéise.
Mar léiriú ar athléimneacht an éilimh intíre agus an fháis onnmhairí sa chéad leath de 2019 agus ar láidreacht an fháis fostaíochta, leasaíodh na réamhaisnéisí lárnacha do 2019 agus do 2020 a foilsíodh san Fhaisnéis dheireanach chun bisigh. De bharr réamhaisnéis níos airde ar chaiteachas tomhaltóirí in 2019 agus in 2020 den chuid is mó, tuartar go dtiocfaidh fás 4.4 ar bhunéileamh intíre i mbliana agus fás 3.3 faoin gcéad air in 2020, arb athbhreithnithe aníos iad sin de 0.4 faoin gcéad agus de 0.1 faoin gcéad faoi seach. I gcomhréir le hardú áirithe ar na réamhaisnéisí fáis onnmhairí, chun sonraí láidre le deireanas a chur san áireamh, tuartar anois go dtiocfaidh fás 4.9 ar OTI in 2019 agus fás 4.1 air in 2020, arb ardú 0.7 agus ardú 0.5 iad sin faoi seach.

Dá ainneoin sin, gabhann rioscaí ábhartha intíre agus seachtracha leis an réamhaisnéis seo. Ar an taobh seachtrach, is é Brexit an riosca is suntasaí. I bhFaisnéis Ráithiúil Eanáir 2019, leag an Banc Ceannais amach a mheastacháin ar an tionchar a bheadh ag Brexit mí-ordúil, gan chomhaontú, ar gheilleagar na hÉireann. Cé go bhfuil éiginnteacht i gceist le cleachtadh den saghas seo, tugann na meastacháin le tuiscint go laghdódh an toradh sin fás aschuir 4 phointe faoin gcéad sa chéad bhliain agus go mbeadh aschur 6 phointe faoin gcéad níos lú tar éis 10 mbliana, i gcomparáid le cás gan Brexit. Tá na meastacháin sin gan athrú agus i mBosca B (leathanach 16) den Fhaisnéis seo, cuirtear an anailís sin i bhfeidhm le féachaint ar na himpleachtaí féideartha a bheadh ag Brexit mí-ordúil, gan chomhaontú ag imeacht RA ó AE ar an 31 Deireadh Fómhair 2019 ar na meastacháin lárnacha. Tugann na torthaí le tuiscint go laghdófaí fás OTI ó 4.9 faoin gcéad go 4.5 faoin gcéad do 2019, agus go dtitfeadh fás in 2020 ó 4.1 go 0.7. Ó thaobh impleachtaí eile de, tugann na meastacháin le tuiscint go mbeadh 34,000 níos lú post ann sa gheilleagar faoi dheireadh 2020 i gcomparáid leis an leibhéal fostaíochta a thuartar sa mheastachán lárnach, fad is a bheadh an cóimheas Iarmhéid Ginearálta Rialtais go OTI thart ar 0.75 faoin gcéad ní ba mheasa.

Ar an taobh seachtrach, sa bhreis ar Brexit, tá rioscaí a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta agus cáin fós ann, agus i bhfianaise ról tábhachtach na ngnólachtaí ilnáisiúnta laistigh den gheilleagar agus an comhchruinniú i bhfás onnmhairí, tá sé tábhachtach athléimneacht an gheilleagair a thógáil in aghaidh tarraingí féideartha don earnáil.

Ar an taobh intíre, de bharr láidreacht le déanaí in aschur agus i bhfostaíocht, tá ardú tuilleadh ar staid thimthriallach an gheilleagair, agus tá acmhainn intíre bhreise, atá teoranta cheana féin, á creimeadh. (Féach Byrne, S. agus T McIndoe Calder (2019): ‘Employment growth: Where do we go from here?’, Faisnéis Ráithiúil Bhanc Ceannais na hÉireann, Iúil 2019.)  Sa chás gur féidir Brexit mí-ordúil, gan chomhaontú, a sheachaint, meastar go mbeidh feidhmíocht láidir ann sa bhunghníomhaíocht gheilleagrach in 2019 agus in 2020. I bhfianaise staid thimthriallach fhorbartha an gheilleagair, tá riosca ábhartha ann go dtiocfadh róbhorradh agus brú pá aníos as leathnú láidir leantach. Scrúdaítear an cheist sin in alt san Fhaisnéis seo dar teideal ‘Modelling Overheating Risks in the Irish Economy’. Léirítear ann go bhféadfadh dinimic borradh-agus-cliseadh teacht as pá atá ag ardú, i bhfoirm cailliúint iomaíochta agus titim in aschur, mura bhfuil pá solúbtha anuas i gcás ina maolaítear ar dhea- dhálaí eacnamaíocha. Cé gur féidir méadú ar inimirce cuidiú le dinimic róbhorrtha sa mhargadh saothair a mhaolú, ag an am céanna, féadfaidh sé éileamh níos mó a chruthú agus brú breise a ghiniúint i gcodanna eile den gheilleagar. Cuidíonn bainistíocht mhaicreacnamaíoch chuí déileáil eis na dúshláin, agus féadfaidh ról tábhachtach a bheith ag beartas fioscach chun éileamh iomarcach a theorannú agus strus iomarcach a sheachaint ar gheilleagar atá ag feidhmiú gar d’acmhainn iomlán.

De bharr phátrún na rioscaí agus na n-éiginnteachtaí atá roimh an ngeilleagar faoi láthair, tá dúshlán agus tábhacht níos mó ag baint leis an gconair beartais fioscaigh cuí a leagan amach. Más féidir Brexit mí-ordúil a sheachaint, cuirtear béim ar leith leis an mbun-réamhaisnéis agus, go háirithe, leis an riosca róbhorrtha, ar an tábhacht a bheadh le feabhas ní b’uaillmhianaí ar an staid fhioscach. Agus aschur ag an acmhainneacht, nó gar di, chuideodh beartas fioscach ní ba dhaingne le brú éilimh a bhainistiú. De bharr na timpeallachta éiginnte, tarraingítear aird ar an ngá le spleáchas a laghdú ar ioncaim, a d’fhéadfadh a bheith sealadach, chun gealltanais caiteachais mharthanacha a mhaoiniú. Ba stuamaí amhantair a choigilt seachas iad a chaitheamh, chun dinimic chomhthimthriallach a mhaolú agus chun leathnú fioscach fritimthriallach a éascú lena ndéanfaí cobhsaíochtú i gcás cor chun donais amach anseo. Má bhíonn mainneachtain ann barrachas leordhóthanacha a fháil le linn tréimhsí dea-fheidhmíochta geilleagraí, d’fhéadfadh sé sin scóip ghníomhaíochta a theorannú amach anseo. Is maith ann don fheidhmíocht gheilleagrach láidir atá ann faoi láthair, ach ionas gur féidir a chinntiú go bhfanann an geilleagar ar chonair fáis inmharthana, tá sé tábhachtach go bhfuil beartas fioscach réamhghníomhach ann chun dinimic chomhthimthriallach a mhaolú.

Ar an taobh eile, dá mbeadh Brexit mí-ordúil ann, rachadh an staid fhioscach in olcas go hábhartha agus bheadh an timpeallacht fhioscach i bhfad ní ba dhúshlánaí. Féadfaidh go mbeadh gá tacaíocht shealadach agus dhírithe a chur ar fáil do na hearnálacha ba mhó a n-imreofaí tionchar orthu, sa bhreis ar oibriú na ngnáthchobhsaitheoirí uathoibríocha a cheadú. I gcás tionchar eacnamaíoch ní ba leithne agus ní ba ghéire, d’fhéadfadh sé a bheith cuí tacaíocht fhioscach ní ba leithne a chur ar fáil. Tá sé tábhachtach go mbeidh aon fhreagairt fhioscach i gcomhréir le hinmharthanacht fiachais fadtéarmach agus nach gcuirfear an obair chrua ar ceal a rinneadh chun creidiúnacht fhioscach na hÉireann a athbhunú agus nach mbeidh an riosca ann go dtiocfadh dinimic fiachais do- mharthana chun cinn.

• An buiséad faoi scáth ghalar na gcomharsan craiceáilte (Cathal Mac Choille, 3 Lúnasa 2019)

25.11.10

Suantraí an tromluí


Le Marion Gunn

An phoblacht a cailleadh sna geallchluichí
Féile Mhíchíl a n-imeartha i gcoim na hoí’:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht a shaoraigh baincéirí
as sáinn nár tháinig sí féin aisti:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Poblacht nach daonlathas a thaobhaíonn sí
ach gabhaltais bheaga mar ríocht Chiarraí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a ghlac iasacht scillingí
ó rídhamhna uasal Liam óg Buí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a caitheadh i dtraipisí
gan uachtarán tofa, le rialú gan bhrí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a chaill a náire is a slí,
a thug cúl le Dev is le Connolly:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht shlecht ghlas níos gearmánaí
ná bratwurst lofa na neascóidí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht mar cheantar tástála buamaí
airgeadais i dtrialacha an ECB:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a scaoil uaithi na hacmhainní
ó bharr go bun a farraigí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

An phoblacht a threascair Teamhair na Rí,
beag beann ar shinsir ná ar lucht sí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá poblacht an rachmais ag imeacht le gaoith,
agus fuílleach a maoine ag lucht na faillí:
ní hionann í agus Éire mo chroí.

Tá an phoblacht sin coigistithe is Gaeil ag guí
go seasfaidh seantír ár n-aislingí,
gurb ionann í agus Éire mo chroí.


11.1.10

Thíos seal


Léigh me páipéar taighde WP09/32 (Béarla pdf) le Morgan Kelly as Coláiste na hOlscoile Bhaile Átha Cliath a léiríonn go beacht an mboilgeog creidmheasa agus a éifeacht ar ár dtodhchaí

Seo h-iad na príomhphointí a thóg mise as:

1. Mhéadaigh ioncam náisiúnta na hÉireann ó thógáil tí 4-6% i 1997 (an gnáth figiúr i dtír forbartha) go 15% i 2006 le breis is 6% ó tógála eile (iomlán 21%).

2. Sa bhliain 1995, bhí meán phraghas ar theach 4x meán thuilleamh. Faoi 2006 bhí méadú tagtha ar 10 x meán tuilleamh 10x meán, le tithe dara láimhe i mBaile Átha Cliath ag 17x meán thuilleamh.

3. I 1997 bhí iasachtaí bainc in Éirinn 60% de OTN (olltáirgeacht náisiúnta); níos luaithe ná Sasana agus sa meán limistéar an euro de 80%.

4. Le linn 10 mbliana d'árdaigh Shasana agus an limistéar euro 100% faoi 2008 (An Spáinn 160%). Shroich bainc na hÉireann 100% de OTN faoi 2004, agus ansin sna 4 bliana idir sin agus 2008 suas chomh fada le 200% faoi 2008.

5. Bhí na bainc Éireannach beagnach go h-iomlán maoinaithe ar éarlais suas go 1997. Ó sin tá múnla gnó baincéireachta na hÉireann bunaithe ar iasachta mórdhíola trom costasach.

6. Fagann an tubaiste ar an margadh mórdhíola bainc i mbaol ó:
- Caillteanais móra do na forbróirí
- Ag braith ar mhaoiniú mórdhíola
- Dóchúlacht mainneachtana morgáiste fairsinge

7. Níl iasacht bainc reatha 5.6% le morgáistí a mhaoiniú, inmharthana.

8. Má filleann critéir iasachta ar ais chuig caighdeán na nochadaí, beidh praghsanna réadmhaoine laighdaithe aon trionn den phragheas is aoirde (leath praghsanna an lae inniú!).

9. Má fhasann praghsanna réadmhaoine i gcomhréir le fás fíorioncam nó pá 2% sa bhliain , tógfadh sé 50 bliana na buaic praghsanna a bhaint amach.

Ar ndóigh tá a pháipéar i bhfad níos soiléire ná mo achoimre neamhfhoirfe. Is fiú go maith an páipéar féin a léamh.

Go bunúsach, tar éis a chuid acmhainní a loit ag tartháil na bancanna ó chaillteanais forbróirí - Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) (NAMA - Béarla), an mbeidh an Stát in ann iad a tharrtháil ó mainneachtainí morgáiste (NAMA II)?

Céard é do mheas féin!