Showing posts with label Cumann Forbartha Chois Fharraige. Show all posts
Showing posts with label Cumann Forbartha Chois Fharraige. Show all posts

30.8.15

Nótaí Chois Fharraige! @CTribune

Seo nóta a fuair muid inniú:

A chairde,

Thóg Nótaí Chois Fharraige, an colún sa gCuradh Connachta, sos le linn Iúil agus Lúnasa mar nach raibh a dhóthain ábhar ag tíocht isteach leis an leathanach a líonadh go seachtainiúl. Tá áthas ar an gCumann Forbartha a rá go mbeidh an colún ag filleadh arís ar an Déardaoin seo chugainn, 3 Meán Fómhair. As seo amach, gach Luan, beidh muid ag cuartú scéalta agus grianghrafanna faoi imeachtaí a tharla an deireadh seachtaine roimhe nó imeachtaí atá le tarlú san am atá le tiocht.

Ba bhreá linn go speisialta torthaí na gcluichí a imríonn na clubanna spóirt sa gceantar ag an deireadh seachtaine a fháil, le cur sa gcolún agus tuairisc ghearr faoi na cluichí is tábhachtaí.

Má tá grianghraf  nó dhó le dul leis an scéal, bheadh fáilte rompu chomh maith, ach iad a bheith ar caighdeán maith agus i bhformad JPEG. Grianghrafanna nach n-usáidtear sa gcolún bíonn muid in ann iad a usáid ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlíon .

Ba mhaith linn an t-ábhar a fháil roimh 2.30pm ar an Luan. Is fearr an ábhar a choinneál gearr, gonta agus ní ghá a bheith buartha faoi litriú ná gramadach, mar go ndéantar an t-ábhar a cheartú sara gcuirtear chun bealaigh é. Bíonn an colún le réiteach agus le cur chun bealaigh faoin 6.00 le bheith in am don Churadh Chonnachta. Is féidir an t-ábhar a chur ag an seoladh ríomhphoist seo:              

Obair dheonach a chuireann an colún le chéile, mar sheirbhís do phobal Chois Fharraige agus an fhad is atá ár ndóthain ábhar ag tíocht isteach coinneofar ar bun é. 

Tá muid an bhuíoch do Dave O' Connell, eagarthóir an Churadh Connachta, faoin deis a chur ar fáil dúinn. Is fúinne uilig atá sé an deis a thapú le eolas a scaipeadh agus poiblíocht a thabhairt do na himeachtaí atá ag tarlú sa gceantar. 

Ar ndóigh foilsítear an t-ábhar go léir a bhíonn sa gcolún, agus ábhar breise, ar an suíomh idirlíon againne

Tá muid buíoch faoi bhur dtacaíocht go dtí seo don cholún agus tá súil againn sna seachtainí atá le tíocht go mbeidh sibh in ann tairbhe a bhaint as, tré neart ábhair a sheoladh chugainn.


Ádh mór,

Donncha Ó hÉallaithe,
Cathaoirleach, Cumann Forbartha Chois Fharraige.


Éabha Ní Choisdealbha, 8 mbliana d’aois, ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh 16 Lúnasa agus brat na Gaillimhe á chrochadh aici chun na mórtha fáilte a chur roimh fhoireann iománaíochta na Gaillimhe ag tús na himeartha. Ar ndóigh, bhuail Gaillimh Tiobraid Árann chun áit a fháil sa gcluiche ceannais in aghaidh Chill Choinnigh.
Pic: Ray Mc Manus
• Suíomh an Churadh Chonnachtach (Béarla do chuid is mó)


6.2.15

Comórtas scoraíochta idir Bhailte i bParóiste an Chnoic!

Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige Comórtas Scoraíochta Idir Bailte a eagrú i bParóiste an Chnoic, sé sin na bailte idir Abhainn an Spidéil agus Abhainn Cruimlinne. Bhíodh a leithéid de chomórtas ann blianta ó shin.

Séard a bheas sa gcomórtas ná seó nó scoraíocht, thart ar 25 noiméad ar fhad, a bheadh curtha in oiriúint don stáitse ag bailte fearann sa bparóiste. Sa scoraíocht bheadh meascán de cheol, amhránaíocht, damhsa, scéalaíocht, greann, drámaíocht etc. faoi théama éicint. Bheadh sé fágtha faoin mbaile an téama a roghnú.

Bheadh PríomhGhradam á thabhairt amach don léiriú is fearr, ag tógáil san áireamh na réimsí seo:

  1. ceol; 
  2. amhránaíocht; 
  3. damhsa; 
  4. daoine óga; 
  5. éagsúlacht; 
  6. cumadóireacht; 
  7. scéalaíocht/filíocht/lúibíní 
  8. aisteoireacht; 
  9. greann; 
  10. feisteas.

Bheadh sé i gceist gradaim éagsúla a bhronnadh chomh maith sna réimsí thuas.

Uasmhéid de scór duine a bheas ceadaithe le bheith páirteach sa seó ar an ardán. Beidh cead props agus soilsiú a úsáid. Beidh cead ag bailte beaga atá buailte ar a chéile tíocht le chéile nó dul i bpáirt le baile eile taobh leo.

Caithfidh gach duine atá le bheith páirteach sa scoraíocht a bheith ina chónaí sa mbaile fearann óna dtagann an seó, nó de bhunú an bhaile sin sa gcás nach bhfuil cónaí orthu sa mbaile sin anois.

Tá go dtí an Aoine an 6 Feabhra ag bailte lena chur in iúil an mbeidh siad páirteach sa gcomórtas scoraíochta. Má bhíonn níos mó ná 5 bhaile ag iarraidh a bheith páirteach sa gcomórtas beidh dhá réamhbhabhta ar bun le 4 bhaile a phiocadh amach le dul san iomaíocht sa gcraobhchomórtas ag an deireadh.

Tá an Cumann Forbartha ag súil go mbeadh an comórtas críochnaithe faoi dheireadh Mhárta.

Tá níos mó eolais faoin gcomórtas le fáil ach glaoch ar Mháirín Mhic Lochlainn ag an uimhir 0860888578.

11.12.14

Damhsa sa Phoítín Stil

Tá Céilí á eagrú sa bPoitín Stil ag  Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Satharn seo - 13ú lá Nollaig 2014. 

D'éirigh thár barr le Chomóradh 40 Bliain Oireachtas Chois Fharraige breis is dhá mhí ó shin (tá muid ag fás!) agus bhí céilí mar chuid de sin.

Matt Cunningham (Béarla) ag teacht lenár gcos ag chuir "ag tapáil!"  Agus tá Máirtín Jamsie le muid a gríosadh amach ar an úrlár...

Más maith leat Fallaí Luimní, Ionsaí na hInse, An Cíp, Port Ochtar, an Cor Seisear Déag nó fiú an sean-waltx féin bí ann agus bain sult as.


10.5.14

Cruinniú le iarrthóirí sa Seanscoil! (12/9/2014)

Tá curtha in iúl ag deicniúr dena iarrthóirí atá ainmnithe le seasamh don Chomhairle Chontae i dtoghcheantar Chonamara sna toghcháin áitiúla, go mbeidh siad i láthair ag cruinniú poiblí a bhéas ar bun ar an Luan seo chugainn, 12 Bealtaine, i Seanscoil Sailearna ag tosnú ag 8.30pm, atá eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Pic: RTÉ

Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta a bhéas mar aoi-chathaoirleach ar an gcruinniú:

(i) tabharfar 3 nóim. do gach iarrthóir cur i láthair a dhéanamh, ach iad a bheith ann ag an tús;

(ii) d'fhéadfadh go gcuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg roinnt beag ceisteanna ar na iarrthóirí;

(iii) beidh deis ag na daoine a bhéas i láthair ceisteanna a chur ag an bpoinnte sin;
Seo a leanas na iarrthóirí a bhéas i láthair (san ord inar tháinig siad ar ais chuig na heagraithe ag glacadh leis an gcuireadh.):

  • Máirín Mhic Lochlainn (Sinn Féin);
  • Macdara Hosty (Fianna Fáil);
  • Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile (Neamhspléach);
  • Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach);
  • Seán Ó Tuairisg (Fianna Fáil);
  • Daithí Ó Cualáin (Neamhspléach);
  • Joe Ó Cualáin (Cearta Chonamara);
  • Joe Curran (An Lucht Oibre)
  • Seosamh Ó Laoi (Fine Gael)
  • Máirtín Lee (Fianna Fáil).

    Tá an cruinniú ar an Luan á eagrú  le deis a thabhairt don phobail aithne a chur ar na iarrthóirí, éisteacht lena bhfuil le rá acu agus ceisteanna a chur orthu.

    Tá sé i gceist an cruinniú foirmeáilte a chríochnú suas thart ar 10.00pm. Beidh cúpán tae/caifé ar fáil ag an bpoinnte sin dona iarrthóirí agus do dhaoine a bhéas ag iarraidh fanacht thart le castáil a chéile.