30.8.15

Nótaí Chois Fharraige! @CTribune

Seo nóta a fuair muid inniú:

A chairde,

Thóg Nótaí Chois Fharraige, an colún sa gCuradh Connachta, sos le linn Iúil agus Lúnasa mar nach raibh a dhóthain ábhar ag tíocht isteach leis an leathanach a líonadh go seachtainiúl. Tá áthas ar an gCumann Forbartha a rá go mbeidh an colún ag filleadh arís ar an Déardaoin seo chugainn, 3 Meán Fómhair. As seo amach, gach Luan, beidh muid ag cuartú scéalta agus grianghrafanna faoi imeachtaí a tharla an deireadh seachtaine roimhe nó imeachtaí atá le tarlú san am atá le tiocht.

Ba bhreá linn go speisialta torthaí na gcluichí a imríonn na clubanna spóirt sa gceantar ag an deireadh seachtaine a fháil, le cur sa gcolún agus tuairisc ghearr faoi na cluichí is tábhachtaí.

Má tá grianghraf  nó dhó le dul leis an scéal, bheadh fáilte rompu chomh maith, ach iad a bheith ar caighdeán maith agus i bhformad JPEG. Grianghrafanna nach n-usáidtear sa gcolún bíonn muid in ann iad a usáid ar an leathanach nuachta ar ár suíomh idirlíon .

Ba mhaith linn an t-ábhar a fháil roimh 2.30pm ar an Luan. Is fearr an ábhar a choinneál gearr, gonta agus ní ghá a bheith buartha faoi litriú ná gramadach, mar go ndéantar an t-ábhar a cheartú sara gcuirtear chun bealaigh é. Bíonn an colún le réiteach agus le cur chun bealaigh faoin 6.00 le bheith in am don Churadh Chonnachta. Is féidir an t-ábhar a chur ag an seoladh ríomhphoist seo:              

Obair dheonach a chuireann an colún le chéile, mar sheirbhís do phobal Chois Fharraige agus an fhad is atá ár ndóthain ábhar ag tíocht isteach coinneofar ar bun é. 

Tá muid an bhuíoch do Dave O' Connell, eagarthóir an Churadh Connachta, faoin deis a chur ar fáil dúinn. Is fúinne uilig atá sé an deis a thapú le eolas a scaipeadh agus poiblíocht a thabhairt do na himeachtaí atá ag tarlú sa gceantar. 

Ar ndóigh foilsítear an t-ábhar go léir a bhíonn sa gcolún, agus ábhar breise, ar an suíomh idirlíon againne

Tá muid buíoch faoi bhur dtacaíocht go dtí seo don cholún agus tá súil againn sna seachtainí atá le tíocht go mbeidh sibh in ann tairbhe a bhaint as, tré neart ábhair a sheoladh chugainn.


Ádh mór,

Donncha Ó hÉallaithe,
Cathaoirleach, Cumann Forbartha Chois Fharraige.


Éabha Ní Choisdealbha, 8 mbliana d’aois, ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh 16 Lúnasa agus brat na Gaillimhe á chrochadh aici chun na mórtha fáilte a chur roimh fhoireann iománaíochta na Gaillimhe ag tús na himeartha. Ar ndóigh, bhuail Gaillimh Tiobraid Árann chun áit a fháil sa gcluiche ceannais in aghaidh Chill Choinnigh.
Pic: Ray Mc Manus
• Suíomh an Churadh Chonnachtach (Béarla do chuid is mó)


No comments:

Post a Comment