30.7.14

"Tiontú, íoch nó bás" - rogha gan rogha!

Nach uafásach na scealta atá á gcraoladh gach oíche ar an nuacht teilifíse?

An cogadh uafásach sa Phailistín nach bhfuil seans ar bith go mbeidh bua ag aon taobh. Má múineann stair ár dtíre féin aon rud dúinn is é nach n-oibríonn comhéigean ar an gcoismhuintir, ar phobal ar bith. 
(seo píosa ag iGaeilge faoi: Iosrael agus Gása: Uile loscadh na linne seo
agus seo ón dTuairisceoir: Domhain gan Dóchas )

Ansin tá an cogadh atá imithe i bhfolach sa tSudáin, áit eile atá an cogadh ag cuir isteach ar an gnath dhuine. Agus fós an sceal faoi na chailiní a fuadaíodh i dtuaisceart na Nígéire, ní cloistear mórán futha ach táid fós á iarraidh. Agus ansin cearta na daoine a maríodh ar an eitilt MH17 ós cionn na hUcráine atá fos á shéanadh de bharr cogadh míthreocaireach.
Comharthaí an gCríostaí

Ach is beag aird atá á thabhairt sna meáin ar atá ag tarliúnt i dtuaisceart na hIaráice. Ach díaidh ar ndiaidh tá comhartha nua le feiscint ar mhacasamhail fhíorúil nó abhatár ar chuntaisí facebook nó twitter 7rl. Is litir Arábacha é a seasann don focal "Nazairéanach" nó an focal atá san Arábais don "gCriostaí!" Is cosúil go bhfuil dlí nua á chuir i bhfeidhm ag an dream nua a d'fhás amach as an cogadh sa tSiria agus anois atá imithe isteach i dtuaisceart na hIaráice - Cailifeacht Mhoslamach.
Teach i Mosul
Tá an dlí seo dírithe ar na Chríostaithe agus tugann trí rogha dóibh. Imeacht as an áit gan aon rud a thógaint leo; an cáin, jizyah, a íoch - seo cáin a chuirtear ar éinne nach Moslamach é nó í agus tá €340 ($450) sa mhí ar an gcáin seo. Is beag duine i dtuaisceart na hIaráice le h-airgead den cineál sin aige ar ndóigh. An tríú rogha atá acu ná bás a fháil. Agus is minic gur céasaítear iad nó baintear a gcloigeann óna gcorp! Níl mórán trócaire á thaispeáint acu.

Anois tá Críostaí an domhain ag glacadh leis an litir úd mar a siombal féin ar a dhílseacht do Chríost agus mar comhartha tacaíochta le Críostaithe na ceantreacha seo. (Tuilleadh i mBéarla faoi!)

Tá na pobail Críostíochta is sine ar domhain sa cheantair seo - ón ceathrú aois agus níos sine táid ann. Cé go bhfuil an-chuid acu in gCaitliceach agus ceangailte le hEaglais na Róimhe ní Caitleachaí Rómhánach iad ach bhaineann siad le gnásaíocht eile, Caildéach, Siriach agus Airméinis mar aon le heaglaisí Ceart Creidimheach Sireach. Chuireann na h-údaráis nua an litir "N" seo ar tithe na gCríostaí ionas go n-aithnítear iad. Bhí milliún Críostaí in Iaráic, thár timpeal cathair Mosul, sular thárla ionradh Bhush ann agus anois is cosúil gur ar éigin atá 200, 000 fágtha.

Níl an pobal Moslamach i gcoiteanna ró-shásta leis seo agus seo tuairisc i La Stampa na h-Iodáile (Béarla) le déanaí faoi Moslamach cróga a bhí sást labhairt amach.

Ar ndóigh tá an naimhdeas céanna á thaispeáint do Siagh, cé gur Moslamaigh iad ach nach ionann iad agus an brainse Sunnaí atá i réim sa Chailifeacht.

Labhair an Pápa amach faoin na scéalta seo sa Meán Oirthear ar an nDomhnach beag seo (Iodáilis). "Ar an lá seo téann ar gcuid smaointe chuig trí ghéarchéim chrua, An Meán-Oirthear, an Iaráic agus An Úcráin. Iarraim oraibh a bheit liom in ár gcuid paidreacha ag iarraidh ar Dhia an eagna agus an neart is gá ar na h-údaráis conair na síochána a aimsiú tré idirphlé agus cumhacht an athmhuintearais...Ná déanfaimís dearmad go bhfuil gach rud caillte le cogadh agus nach bhfuil rud ar bith caillte le síochán."

"Fratelli e sorelle, mai la guerra! Mai la guerra! Penso soprattutto ai bambini, ai quali si toglie la speranza di una vita degna, di un futuro: bambini morti, bambini feriti, bambini mutilati, bambini orfani, bambini che hanno come giocattoli residui bellici, bambini che non sanno sorridere. Fermatevi, per favore! Ve lo chiedo con tutto il cuore. E’ l’ora di fermarsi! Fermatevi, per favore!"

Ní cogadh! Tá sé in am stopadh! Stop, len bhúr dtoil!


"Ná déanfaimís dearmad go bhfuil gach rud caillte le cogadh agus nach bhfuil rud ar bith caillte le síochán."



Céard iad seo?

Bhfuil aon nádúraí amuigh ansin?
Ag siúl dom cúpla lá ó shin thug mé faoi dearadh na rudaí dearg ar duilleoga róis fhiáin ar thaobh an mbóthar.

Bhfuil fhios ag éinne cad iad.

Táid crua go leor cé nach mbriseadh na spící do chreacann, níl siad ró-ghéar!  Is cosúil go mbíonn siad beag go leor agus dearg ach ansin fásann siad agus athríonn siad go dath oráiste agus buí agus athríonn siad a gcrot.

Fuair mé freagra ó Aonghus Ó hAlmhain, (eisean a scríonn Smaointe Fánacha Aonghusa) a cheap gur cinneál ubh a bheireann an gálfhoiche ar rósanna fiáine. Bíonn imoibriú ceimiceach ar dilleog an róis agus fásann an adhaint seo ina bhfuil suas le 60 ubh ann. Dhírigh sé m'airde ar an alt seo i wikipedia Bhéarla.
Mar a deirim go minic. Tá mé fós ag foghlaim
!



23.7.14

An aimsir neamhgnáthach fáistineach foirfe!


Is maith an scéalaí an aimsir agus tá an seanfhocal sin á athnuachan go laethúil anois ag
seirbhís fheabhsaithe aimsire TG4 ina bhfuil athchóiriú tarraingteach ard-ghléine (HD) ar an ábhar físe ar fad agus roinnt láithreoirí nua ar an Aimsir Láithreach a chraoltar ar an gcainéal teilifíse.

Irial Ó Ceallaigh
Caitlín Nic Aoidh
Fiona Ní Fhlaithearta
I measc na maisíochtaí atá ar fáil san athchóiriú cuimsitheach, tá:

• Dearadh nua a chuireann cruth agus cuma úr ar scéal na haimsire ar an Suíomh Gréasáin (nasc) agus ar an gcraoladh teilifíse. Foireann ghrafaicí TG4 féin (a bhfuil duaiseanna aitheantais go leor buaite aici) a dhear agus a chruthaigh seo i gcomhar leis an soláthraí seachtrach Metra Weather. I measc na bhforbairtí nua, tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí agus pictiúir ó cheamara breise atá feistithe i nGaoth Dobhair ag soláthar pictiúr na haimsire reatha ansin. Tá a leithéid ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i gCorca Dhuibhne agus i mBaile na hAbhann.

• Láithreoirí nua aimsire agus saibhreas na gcanúintí le cloisteáil uathu: Irial Ó Ceallaigh (an Rinn), Fiona Ní Fhlaithearta (Conamara) agus Caitlín Nic Aoidh (Tír Chonaill). Roghnaíodh an triúr seo ón slua mór iarrthóirí agus tar éis tréimhse oiliúna agus ullmhúcháin, tá siad i mbun craolta anois agus an pobal ag cur aithne orthu.

Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is maith mar a chum ár sinsir téarmaíocht chruinn fhileata Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir.  Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn agus an raon canúintí atá ag na láithreoirí nua aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na Gaeilge – ach nílimid ach ina thús. Fáilteofar roimh théarmaí eile. Táimid cinnte go mbeidh fonn ar dhaoine iad a sholáthar le r-phost agus sa gcomhrá leanúnach atá bunaithe againn ar Twitter (@AimsirTG4). Tá súil againn go spreagfaidh na maisíochtaí nuálacha agus na láithreoirí breise seo aiseolas leanúnach agus go bhfeabhsóidh siad an aimsir fháistineach ó TG4.”


22.7.14

Ainm á lorg!

Tá Buachailín deas ag Yasmin...

Rugadh buachailín nua i mBaile Átha Cliath ar an nDaordaoin seo caite. Bhí an máthair, Yasmín, á iompair le dhá mhí agus scór agus tar éis na beirthe tá an beirt, máthair agus mac slántiúil.

Pic:Barbara Lindberg/REX
Eilifint áiseach atá ann i agus rugadh é i mBaile Átha Cliath, san áit ar a thug muid Gáirdín na nAinmhí air nuair a bhí mise óg ach anois is zú atá ann! Tá sé ag siúl thár timpeall cheana a féin agus tá sé le dul amach lena athair, Upali, agus leis an dtréad sar i bhfad! Seans go mbeidh tú i ndán é a fheiscint ar shuíomh an zú anseo. (Béarla)

Ar ndóigh níl aon ainm ar an gcréatúirín beag go fóill. Beag a deirim ach tá sé ar chomh mheachán le duine fásta (ca 80Kg) agus méadair ar aoirde cheanna féin.

Tá comórtas á eagrú le h-ainm a thabhairt air agus duais ag an té a roghnaíonn an ainm is oiriúnaí. Ta na téarmaí agus eolas le fáil ar shuíomh facebook an Natural Facebook Company!

Ainm áiseach atá á lorg acu! Tuairim ag éinne?

18.7.14

Súil eile sna státaí!

Seirbhís TG4 á chraoladh ar fúd Stataí Aontaithe Meiriceá

Tá fáil anois ar dhá uair an chloig sa tseachtain de chláracha Gaeilge TG4 ar chainéal teilifíse i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó cuireadh tús an tseachtain seo le soláthar rialta dhá uair an chloig gach Domhnach ar Today’s Ireland (Béarla), an cainéal teilifíse a chuireann ábhar ón tír seo ar fáil don phobal féachana thall.


CITY/STATE STATION Broadcast Cable
New York, NY WNYJ (WFME) 66 AT&T Uverse: 66, Cablevision: 15 &18, Comcast: 247, DirecTV: 66 & 900, Dish
Network: 66 & 8117, Time Warner: 96, Verizon FiOS: 29
Los Angeles, CA KLCS 58.4
Chicago, IL WYCC 20.3 Comcast 272
Philadelphia, PA MiND TV (WYBE) 35.6
Stanford, CA University Cable Student Cable 182
Washington, DC MHz Networks 30.1 Comcast 271, Cox 470, RCN 30, Verizon FiOS 451
Seattle, WA KBTC 28.2 (Tacoma), 15.4 (Centralia-D),Click! Network 454
Minneapolis, MN MPS Cable Comcast 76
St. Paul, MN Neighborhood Network, Comcast 20
Denver, CO KBDI 12.3
Orlando, FL WDSC 15.3 Bright House 1153
Cleveland/Akron/
Youngstown, OH
WNEO/WEAO 45.3, 49.3 Armstong 417, Masillion 85, Time Warner 369
Charlotte, NC WTVI 42.2 Time Warner 175
Nashville, TN WNPT 8.2 Comcast 241, Charter 176
Salt Lake City (UT state) UEN 9.2 Comcast 114
Warrensburg, MO KMOS 6.3 Mediacom 86
Grand Rapids/
Kalamazoo, MI
WGVU/ WGVK 35.2 (Grand Rapids), 52.3 (Kalamazoo), Charter 137
Las Vegas, NV KLVX Cox 114
New Orleans, LA WLAE 32.2
Richmond, VA WCVE 23.3 Comcast 202
Athens, OH WOUB 20.3
Flint, MI WDCQ 19.1 Charter 433
Spokane/Yakima, WA KWSU/KTNW 10.1 (Spokane), 31.3 (Yakima), Time Warner 10 & 710, Comcast 18
Charleston, IL WEIU 51.2 Comcast 418, Time Warner 351, Las Cruces, NM KRWG 22.2
Plattsburgh, NY WCFE 57.2
Quad Cities, IL WQPT 24.2 Mediacom 116
Lansing, MI LCC TV Comcast 15, 31
Macon, GA WMUB 38.1 COX Channel 112 or digital 73-6, ComSouth 212, Flint 123, Reynolds 112, Suburban 15,Watson 15
Topeka, KS KTWU 11.2 Cox 671
Rochester, MN KSMQ 15.2 Charter 397
Charlottesville, VA WHTJ 41.3 Comcast 201
Is cainéal de chuid MHz Networks é Today’s Ireland, atá i mbun craolta le bliain anois agus scoth an ábhair ar fáil ann ó chainéil teilifíse na hÉireann, theas agus thuaidh. Tá fáil air ar an gcóras cábla i roinnt de mhór-chathracha na Stát Aontaithe agus ar mhodhanna eile glactha freisin (sonraí thíos). Fuair an togra a bheannacht agus tacaíocht ón Taoiseach agus ó eagrais chultúrtha agus ó earnáil na meán sa tír seo agus thall.

Tá an tseirbhís ag freastal ar na milliúin i SAM ar de bhunadh Éireannach iad nó ar súim leo cultúr agus saíocht na hÉireann. Cuirfidh an fhorbairt nua seo an Ghaeilge ina láthair agus rogha samplach de scoth-chláir TG4 mar ghéarú goile dóibh. Beidh cláir chainte, nuachta agus amhrán ina measc sa gcéad chéim (sonraí sceidil thíos) agus beidh cluichí ó Chraobh TG4 i bPeil na mBan ar fáil ann freisin ó mhí Lúnasa.

Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, gur cor suntasach é seo i bhforbairt na seirbhíse. “Is maith is eol dúinn cheana féin go bhfuil na mílte sna Stáit Aontaithe ag féachaint ar aschur TG4, idir bheo agus chartlann, ar an Seinnteoir TG4 .Tá idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí ina measc sin agus tabharfaidh an soláthar samplach ar Today’s Ireland an deis dóibh cláracha a fheiceáil ar ghléas teilifíse seachas ar scáileán ríomhaire. Táimid cinnte go mbainfidh siad taitneamh agus tairbhe as agus go mbeidh siad ag iarraidh méadú ar an soláthar”.

D’fháiltigh Fred Thomas, Bunaitheoir agus Uachtarán MHz Networks USA roimh TG4 freisin.


Sceidealú Ábhar TG4 ar Today’s Ireland MHz Worldview (náisiúnta)

Comhrá – Domhnach 1PM ET
Formáid thar a bheith simplí a bhfuil ard-mholadh tuillte aige. Bíonn an duais-chraoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag comhrá le duine, Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.

Sean Nós Domhnach 1:30PM ET
Scoth na n-amhránaithe i mbun cainte agus ceoil le Síle Denvir agus iad ag trácht ar a suim sna hamhráin, na leaganacha is ansa leo agus ag seinm freisin, ar ndóigh. Tá áis nuálach bhreise ar fáil don tsraith seo mar go bhfuil na h-amhráin agus focla an leagan a chas an t-amhránaí áirithe seo ar fáil anseo ar an Suíomh.

Timpeall na Tíre Domhnach 1:30PM ET
An chuid is suimiúla agus is spreagúla de na scéalta a chraol Nuacht TG4 le seachtain anuas. Más leat méar a chur ar chuisle na hÉireann sa lá atá inniu ann, féach air seo.

Féilte - Slí an Atlantaigh
Síle Ní Bhraonáin agus a criú ar an mbóthar ó Mhálainn go Carn Uí Néid, iad ag leanacht cúrsa an bhóthair nua-bhrandáilte cois cósta agus iad ag freastal ar fhéilte, ar imeachtaí agus ag casadh le daoine agus le cócairí an cheantair.

MHz1 (i gceantar Washingto DC)
Comhrá – Domhnach 5PM ET
Sean Nós – Domhnach 5:30PM ET
Timpeall na Tíre – Domhnach 6PM ET
Féilte - Slí an Atlantaigh – Domhnach 6:30PM ET

14.7.14

Goile aisteach an shnaig bhreac!

Chuireamar beathadáin éan ar chúl an tí le déanaí and bhaineann muid an-shásamh ag breathnú ar an h-éin bheaga ag teacht agus ag imeachta le h-aghaidh béile!

Is i spás le foscadh maith ón ngaoith atá siad agus anois is arís nuair atá an aimsir go maith suíonn muid amuigh ann. Ach mo léann uaireanta bíonn ionradh míoltóg ochracha ann leis. Mar leaghas ar sin cuireann muid coinnle frith-míoltóga thár timpeall.

Ar maidin chonaiceamar snag breach, eán atá ró-mór do na bheathadán, ag buaileadh na céire agus á ithe.

Má fheiceann éinne snag breach thár timpeall agus boladh deas líomóide ón a dhífhaecú nó a thuar beidh fios agat gur ó Chaorán na gCearc a tháinig sE!

11.7.14

Tacaíocht i gCois Fharraige!


Tá ionad álainn tógtha ag pobal Chois Fharraige in aice le Séipéil an Chnoic. Ionad tacaíochta teaghlaigh an cheantair atá ann. Glaotar An Crann Taca air.

Foilsíodh scánáinín beag le déanaí ag taispeáint chuid den obair atá ar siúl ann leis an páistí óga a deireann i bhfad níos éifeachtaí céard tá ar siúl ná aon fhocal uaimse.

9.7.14

Bliain eile fhaoisimh ag Árainn!


Is cosúil go bhfuil bliain eile a dtabhairt don sheirbhís aer Oileáin Árainn ag Roinn na Gaeltachta. I ráiteas ag Seán Kyne (ait go leor i mBéarla amháin!) ar a shuíomh. Dár leis an raiteas seo tá an seirbhís slán go dtí 30 Meán Fomhair 2015.
Pic: Suíomh Aer Árann
Nuacht maith é sin gan amhras is léir nach dtuigeann lucht na roinne, nó bfhéidir éinne de lucht na polataíochta conas a oibríonn fiontar tráchtála. Cé gur faoiseamh do muintir na h-oileáin atá sa chinneadh is beag pleanáil is féidir le lucht na sheirbhíse féin a dhéanamh i dtréimhse gearr mar sin. Ní féidir infheistiú meán- nó fad-théarmach a chuir isteach sa bhforbairt. Nach mbeidh an imní céanna ann agus a bhí ar mhuintir Árainn i rith na bliana ag tosú arís i mí Eanáir 2015.

Deireann Seán Kyne go bhfuil súil aige go mbeidh an staidéir ar an sheirbhís ag EY á iniúcadh go sciopaidh ag an Roinn agus go mbeidh cinneadh fad théarmach ar son muintir na n-oileáin agus daoine eile a úsáideann an seirbhís go luath.

Tá muid ag feitheamh!

30.6.14

Píob eile!


Bhí scannán cúpla blian ó shin faoi bpíob i Ros Dumhach, The Pipe, faoin bpíob a tógaint gás isteach chuig scaglann gan toil phobal na h-áite.

Anois tá scéal phíopa eile le cloisint i nGaeltacht Chonamara.

Tá Loch an Óir ar bharr agus Árd Mór féin
ar an bóthar R340
Is cosúil gur cuireadh píopa nua trasna bóthair poiblí ag Árd Mór in Iorras Aithneach. Deirtear gur gan cead pleanála nó gan cead ar bith a deineadh an oibre seo. Ní raibh fhios ag muintir na h-áite faoi dár le tuairisiscí. Cé a thabharfadh cead, Uisce Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe nó dream eile?

Tá an píob le uisce a thógaint ó Loch an Óir (ainm mícheart atá á thabhairt air in roinnt tuairiscí), dó nó trí míle ón áit síos go Cora na hÁirde Móire. Deirtear go dtógfar dhá milliúin gallúin uisce ón loch in aghaidh an lae.

Baol truaillithe?
Tá an t-uisce le n-úsáid le laigheas ar an ngalar AGD (Béarla)  atá forleathan i bhfeilimeacha éisc in Éirinn, na cinn i mBá Chill Chiaráin ina measc, agus ar fúd an Domhain de réir tuairiscí.

Tá imní ar muintir na háite faoin innealtóireacht díosail a núsáidfar leis an uisce a phumpáil go mbeadh sceith ola diesel isteach sa loch á trúailiú. Úsáidtear an t-uisce ón loch mar chuid den chóras solátaire usice sa cheantair!

Briseadh an píopa i rith na deireadh seachtaine agus tá na Gárdaí ag déanamh fiosrúcháin!
Fir ag obair! Bhfuil cead acu?

11.6.14

D’imigh siad leo ina nduine is ina nduine....

Agus scéal na bpáistí agus a máithreacha a daoradh isteach san h-árais úd ar fúd na tíre smaoiníos ar an rud is ceart do gach Críostaí a dhéanamh nuair ata fadhb d'aon saghas ann.

Más Críostaí mé is ceart dom an-iarracht an meon céanna agam agus atá ag Íosa, mar a deireann an Aspal, "Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost!" (Fil 2:5). Agus conas tá fhios agam cén mheoin atá ag Críost? Is tré aithne a bheith agam air - ní eolas ach aithne. Agus conas is féidir liom aithne a bheith air? Tré bheith ag caint leis, tré bheith ag éisteacht leis, tré bheith ag léamh faoi sa Bíobla agus i scríbhinn na n-Aithreacha.

Ó na scrobhínní is sine is cosúil go raibh lucht na cumhachta ag gearán faoi hÍosa a bheith i meas na bocht, na peacaigh agus na striapaigh. (Chuireann sé sin in aigne dom an Pápa Prionsias ag caint faoi "boladh na caorach!")

"An duine agaibh atá gan pheaca..."
Tá scéal i soiscéal Eoin le scéal faoi bean óg a "rugadh uirthi in adhaltranas!" Agus seans go bhfuil ceacht le foghlaim sa scéal sin.

"Thug na scríobhaithe agus na Fairisínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: 

“A mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?” 

Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Ós rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú,d’éirigh sé suas agus dúirt leo: 

“An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha léi.” 

Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. 

Arna chlos sin dóibh d’imigh siad leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí, agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. 

D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: 

“A bhean, cá bhfuil siad? Nár dhaor aon duine thú?” 

“Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,” ar sí. 

Dúirt Íosa léi: 

“Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.”'

An rud atá soiléar sna h-imeachtaí seo fadó, agus fós anois b'fhéidir, nach bhfuil mé ag éisteacht le guth hÍosa mar a deirean sé in áit eile faoin Samárach maith - “Imigh leat, agus déan féin mar an gcéanna.”

Nach trua nach n-éistimís leis sa lá atá inniú ann?

• Dála an scéal tá an Bíobla Naofa (Biobla Mhagh Nuad) ar líne i bhfoirm pdf anseo.

5.6.14

Leamhan!


Tá mé ag foghlaim!

Thánamar ar rud a cheapeas gur féilacán é ar maidin. Nuair a chuardaigh mé na suíomheanna (mar a rinneamar nuair a ghlach mé pictiúir den mbarr buí cúpla bliain ó shin.

Leamhan flanndearg
(Tyria jacobaeae)
Ach theip orm pictiúir cosúil leis a fháil ar an lios de fhéileacán na hÉireann ar líne. Bhí an pictiúir cuíosach maith agus chuir mé suas ar an gcóras giolcaireachta twitter é. Taobh istigh de cúpla bhí freagra agam ó @ConchubharOD agus @SayersPeig (ón uaig?) ag rá gur leamhan a bhí ann, leamhan flanndearg.

Is cosúil go bhfuil se forleathan anseo in Éirinn, go mór mór ar thalamh féaraigh, ach deirtear go bhfuil sé forleathan i ngairdíní leis. Faigheann an bolb bia ón mbuachalán agus an leamhan féin ón ngrúnlas. Tá dathanna buí agus dobh ar an mbolb cosúil le dathanna beiche. Is dócha go scainríonn sé seo a chuid maimhde!

Agus a chéad ceist eile. Cad é an difríocht idir féileacán agus leamhan. Is cosúil nach bhfuil mórán. Tá sé de nós ag an leamhan a bheith amuigh san oíche ach tá cinn a théann amach faoin ngrian leis. Ac deireann @sayerspeig go gclúdaíonn an leamhan an cholainn, mar atá seisean á dhéanamh i mo phictiúr.

Nach íontach an rud é an t-idirlíon le h-eolas a fháil?

• Tá píosa ag miniú na difríochta idir an dá chineál feithide i mBéarla anseo! Agus seo píosa (molta ag @tuigim) ar shuíomh i Sasana faoin leamhan flanndearg féin agua a chuid thrithe. (Béarla)

4.6.14

Léim an Bhradáin – Tobar na Feasa!

Raidió na Life, ag tosú Dé hAoine beag seo 6 Meitheamh, 8 – 9 i.n.


Beidh siad ag tabhairt an samhradh leo ar  Raidió na Life an samhradh seo ar an tsraith nua 'Léim an Bhradáin.' Craolfar an clár seo le linn an tsamhraidh ar an stáisiún agus a bheidh ar fáil mar phodchraoladh chomh maith.

Cuan Ó Seireadáin
Cad 'tá i gceist leis an teideal sin?  Mhaifí duit dá gceapfá gur ar ainm an bhaile i gCo. Chill Dara atá sé bunaithe, ach ní hé sin údar an teidil.  Is ar fhios an bhradáin fheasa, tobar sin an eolais i dtraidisiún na nGael atá 'Léim an Bhradáin' bunaithe.

Céard atá i ndán dúinn sa tír seo?  Cén sórt sochaí atá uainn in Éirinn?  An bhfuileamar ag dul sa dtreo ceart?  Chun freagraí a aimsiú ar na domhaincheisteanna seo, déanfaidh lucht léinn, lucht gnó, lucht na polaitíochta agus lucht na healaíona machnamh ar thodhchaí na hÉireann agus iad i mbun cainte le Cuan Ó Seireadáin ar 'Léim an Bhradáin', gach Aoine idir a 20.00 – 21.00 ar Raidió na Life 106.4FM.

Dírítear ar bhuncheisteanna fealsúnachta, físeanna phearsanta, agus déantar iarracht theacht ar fhreagraí nua agus éagsúla orthu ar an tsraith agallaimh seo.  Ina measc siúd a bheidh le cloisteáil ag cíoradh na gceisteanna le Cuan, beidh leithéidí Alan Titley, Maureen O'Sullivan TD, Conall Ó Móráin, Peadar Kirby agus tuilleadh smaointeoirí spéisiúla is tráchtairí tábhachtacha ó ghach cúinne de shochaí comhaimseartha na hÉireann. Tá 'Léim an Bhradáin' á léiriú agus á láithriú ag Cuan Ó Seireadáin agus is é Fearghal Saxe an t-innealtóir fuaime ar an tsraith.

Beidh 'Léim an Bhradáin' ar siúl mar sin, gach Aoine idir a 20.00 – 21.00, ag tosú Dé hAoine 6ú Lá Meitheamh 2014.  Is féidir teacht ar Raidió na Life ar 106.4FM i mórcheantar Átha Cliath agus ar ar Shuíomh an Stáisiúin ó áit ar bith eile.  Beidh na hagallaimh ar fad ar fáil mar phodchraoltaí ar leathanach SoundCloud Raidió na Life.


26.5.14

Campa cumarsáide ar an gCeathrú Rua!


Tá Campa Samhraidh Cumarsáide a reáchtáil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le maoiniú ónRoinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta arís i mbliana.

Cúrsa praiticiúil i scileanna cumarsáide a bheidh ann - Cur i láthair teilifíse agus raidió, taifead físe agus fuaime, iriseoireacht, ceardlanna le hiriseoirí agus láithreoirí aitheanta, turas ar chomhlachtaí cumarsáide i gConamara agus go leor eile.

Tá an campa féin le bheith san Acadamh ar an gCeathrú Rua agus scoth na n-áiseanna ar fáil ann. Coicís a bheidh i gceist arís i mbliana ón30 Meitheamh go dtí 11 Iúil (10 lá).

Costas €70 a bhéas ar an gcampa. Tá sé dírithe ar dhéagóirí ó theaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Tá líon teoranta áiteanna ar an gcampa agus moltar do dhaoine iarratas a dhéanamh a luaithe agus is
féidir.

Tá chuile eolas faoin gcampa bhfoirm iarrta (pdf) anseo.

19.5.14

Siúlóid na Trá Báine!

Scríomar faoin damáiste a deineadh ar Toit Chónáin in aice linne i rith na stoirmeacha. Ar ndóigh is beag áit ar chosta Chnamara nár mhothaigh cumhacht na fairrige i rith an Gheimhridh.

Tá sé de nós againn dul siar chomh fada leis an Trá Bhán, i gCeantair na nOileán agus siúl taobh cladaigh ansin. Is ansin a bhíodh cuid de na sceacha sméara dubha is toirthúla sa cheantair. Ar ámharaí an tsaoil ní dhearna muid an siúlóid seo i mbliana go dtí an domhnach seo caite.
Leagtha ag an stoirm!
Agus is mó an t-athrú atá tagtha ar chuid den chosán ar chosta thoir an oileán ón dtrá bhán ó tuaidh. Bhíodh an cosán le feiscint agus bhí sé éasca teacht air. Ach anois tá an-chuid den cré sciobtha ag an bhfarraige agus bíon ort beagáinín níos mó dreapadóireacht. Tá sé soiléir gur imigh an uisce isteach i dtír agus go raibh leibhéil an árd air i rith na stoirmeacha i mí na Nollag agus Mí Eanáir.
Balla ath-tógtha
Níos faide ó thuaidh ar an gcosán cé nach raibh an damáiste don chosán féin ach cé go raibh an cosán féin timpeall 20 troigh nó níos airde ón uisce ba léir go raibh tionchair ar na ballaí ar thaobh an chosáin. Bhí cuid acu atá ath tógtha ach bhí sé soiléar gur ballaí nua a bhí ann mar ní raibh rian de na sceacha nó fiú plandaí á gclúdú mar a bhí anuireadh. Bhí cuid eile nach raibh togtha agus iad lagtha go talamh.

Mar sin féin d'éirigh linn siúlóid iomlán deas slántúil a bheith againn.

15.5.14

Ceol draíochta aimsithe agus foilsithe!


Is cuimhin liom go maith an Domhnach a chuala mé go raibh Seán Ó Riaida tár éis bháis. Ní minic a chuireann bás éinne ag caoine mé ach rinne bhás Sheáin Uí Riada é sin. Ba cineál "Spiorad na nGael" dom é.  Bhí an dúchas ag canadh go láidir tréna chuid ceoil.!Gael

Chonaic me roinnt uair é ag coirmeacha ceoil, ceann mór san halla a bhí ag an Olscoill atá anios ina Cheoláras Náisiúnta le Ceolteoirí Chualann a thaitn go mór liom. Chaill mé an ceann a bhí sa Gaiety  agus a deineadh ceirnín de níos déanaí.

Bhí cuid dá gcuid ceol claisicí ar cheirnín (Ceirníní Claddagh) agam fadó! Nomus Uimhir 1 - Hercules Dux Ferrariae agus Bernadette Greevy ag canadh amhráin sa Ghearmáinis le dánta ó Friedrich Hölderlin agus ceol le Seán féin. Ní fios dom an bhfuil an taifeadadh áirithe sin fós le fáil ach tá taifeadadh le fáil ó RTÉ (agus ar spotify) de chuid dá gcuid cheoil claisiceach!

Is féidir le mo cuimhne dul chom fad siar le hAmharclann na Mainistreach nuair a bhí sé in Amhraclann na Banríona (Sr an Phiarsaigh BÁC) sna caogadaí. Bhíodh geamaireacht ar siúl acu am Nollag ag an tráth sin agus is cuimhin liom gur sheinn an Stiurthóir Cheoil a bhí acu solo ar an bpiano. Bhí mé óg aga an am agus ní cuimhin liom cén píosa ceol a seineadh ach nach aisteach an rud é nach ndearnadh mé deamad ar sin - ní cuimhin liom rud ar bith eile ón oíche sin!

Anois tá nuacht mhaith ann againn go bhfuil taifeadadh nua a fhoilsiú ag Gael Linn. Ar thaifeadtaí ceoil nár eisíodh cheana, cruthaíonn an Riadach ceo meala agus é ag seinm a chuid cóiriúchán féin d’fhoinn mhóra ar an bpianó agus ar an gcruitchorda.

Ar an albam cloistear an Riadach féin i mbun ceoil le linn a cheolchoirm taifeadtha deireannach i mí Márta 1971. Cloistear rianta a taifeadadh  i mí Bealtaine 1971, cúig mhí roimh a bhás anaibí in aois 40 bliain  agus cinn eile fós ón mbliain 1966. Ábhar é seo nár chualathas cheana!

Ar an albam aoibhinn seo cloistear Seán Ó Riada ag seinm leithéidí: Do Bhí Bean Uasal, Carraig Donn agus Sliabh na mBan, chomh maith le foinn a chuir an Riadach féin os comhair an phobail den chéad uair: Aisling Gheal, Port na bPúcaí agus Cois an Ghaorthaigh.

Ina theannta sin, cloistear sraith de ghearrphíosaí ceoil a bhfuil téama an tírghrá mar shnaidhm eatarthu. Mar mhír spéisiúil sa bhreis, cloistear an Riadach ag aithris scéal seanchais. Ar leabhrán 12 leathanach tugtar cúlra na bpíosaí ceoil ar fad.

Is mór mar a chuireann an t-albam seo le clár saothar an Riadaigh. Seo an cnuasach is mó dá dá bhfuil ann agus ceol aonair á sheinm aige -  cnuasach eisiach den mháistir é féin ag seinm na bpíosaí ab ansa leis.

Bhí ról lárnach ag Seán Ó Riada maidir le ceol traidisiúnta na hÉireanna a chur chun cinn san aois seo caite. Trína chuid ceoil do na scannáin Mise Éire agus Saoirse?, rinne sé spiorad mhuintir na hÉireann a athbheochan agus, lena ghrúpa Ceoltóirí Chualann, rinne sé claochló ar conas mar a chuirtear an ceol i láthair an phobail.

12.5.14

An postchód leis an dlí a bhriseadh?


Sheol an Coimisinéir Cosanta Sonraí, Liam Ó hÉacháin, a thuarascáil bhliantúil le haghaidh 2013 ar an Luain (12/5/2014). Amhail blianta roimhe seo, déanann an tuarascáil achoimriú ar ghníomhaíochtaí na hOifige le linn 2013 trí thagairt a dhéanamh d’imscrúduithe agus d’iniúchtaí sonracha faoinar tugadh mar aon le hachoimre ar shaincheisteanna beartais agus gníomhaíochtaí AE/idirnáisiúnta.

Thug mé spéis san píosa seo. Tár éis a bhreithiúnas ar a dúirt an Iar-Aire Dlí & Cirt faoin dTeachta Wallace is dócha go mbeidh daoine a tabhairt níos mó aire ar na teachtaireachtaí a thagann ón a oifig amach anseo. An mbeidh an cinneadh conspóideach agus costasach (€20m) ag an Aire Cumarsáide dleathach?

Seo mar a deireann tuairisc an Choimisinéara:
Chuaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i dteagmháil leis an Oifig seo maidir le postchód uathúil seacht gcód8 a leithdháilfear ar gach teach sa tír in 2015. Chuamar i dteagmháil leis an Roinn ar an tsaincheist seo in 2006 agus arís eile in 2010 nuair a léiríomar buairt thromchúiseach go bhféadfaí a mheas gurb ionann bunachar sonraí poiblí a rinne nasc idir cód le seoladh aonaid singil mhiondíola agus sonraí pearsanta áititheoirí an áitribh sin. I gcomhthéacs na hÉireann, cuid thábhachtach dá bhféiniúlacht é seoladh baile duine agus is é an dara píosa is tábhachtaí d’fhaisnéis phearsanta chun féiniúlacht duine a dhearbhú. Anuas air sin, i gcás teach teaghlaigh, d’fhéadfadh postchód nasc a dhéanamh le go leor daoine aonair i gcúrsa a ngníomhaíochtaí laethúla.

Go bunúsach, sáraíonn an postchód uathúil seacht ndigit a bhfuil i gceist le “seoladh”, mar gheall, trí theicneolaíocht nua-aimseartha agus “Sonraí Móra” a úsáid, is furasta é a ghlacadh isteach in aon sórt gléis nó tacar sonraí leictreonaigh a d’fhéadfaí a úsáid do chuspóir ar bith, ar a uain sin, idir sheirbhísí Stáit agus saothrú tráchtála. Ina leith seo, léiríomar an bhuairt go bhféadfadh na tacair shonraí a dhéanfadh an postchód seo a dhearbhú faisnéis íogair faoi dhaoine aonair a shainaithint gan stró, ina measc siúd bheadh áiteanna sonracha ina bhfuil patrúin shonracha choireachta nó ghalair a shainaithint.

Fíoraíodh an bhuairt thromchúiseach seo idir an dá linn, nuair a d’fhógair an tAire an 8 Deireadh Fómhair 2013 gur chomhaontaigh an Chomh-Aireacht le tabhairt isteach an chóid uathúil seacht ndigit do gach bosca litreach sa Stát faoi by 2015. Fostaíodh cuibhreannas a bhfuil Capita Ireland ina gceannas orthu9 chun an postchód nua a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a oibriú agus…


  • “Faoin gcóras nua, is í Éire a bheidh ar an gcéad tír ar domhan ina mbeidh bunachar sonraí poiblí d'aitheantóirí do gach maoin a chabhróidh le saoránaigh, comhlachtaí poiblí agus le gnólachtaí chun gach teaghlach aonair sa Stát a aimsiú.


Níl an Oifig seo feasach ar conas a chinnteoidh an Cuibhreannas seo, i gcomhar leis an Roinn, go gcosnófar ceart an tsaoránaigh Aonair i leith cosaint (agus Príobháideachas) sonraí amach anseo tríd an bpostchód seo a úsáid. Go háirithe, cibé acu má dhéanfar an chosaint seo a imfhálú go reachtúil, ar nós a beartaíodh a dhéanamh maidir le haitheantóirí leighis seacht ndigit uathúla amhail a bheartaigh an Bille um Aitheantóir Aonair Sláinte, 2013 nó conas a bheidh comhlachtaí poiblí agus príobháideacha i gcomhlíonadh an Achta um Chosaint Sonraí, agus an Postchód seo á úsáid. Rinneamar fiosrúcháin ón Roinn chuige seo agus leanfaimid le hamhlaidh a dhéanamh, ar feitheamh soiléiriú iomlán maidir leis an mbealach a oibreoidh an córas postchóid i gcomhlíonadh na nAchtanna um Chosaint Sonraí.
Feictear amach anseo!

10.5.14

Cruinniú le iarrthóirí sa Seanscoil! (12/9/2014)

Tá curtha in iúl ag deicniúr dena iarrthóirí atá ainmnithe le seasamh don Chomhairle Chontae i dtoghcheantar Chonamara sna toghcháin áitiúla, go mbeidh siad i láthair ag cruinniú poiblí a bhéas ar bun ar an Luan seo chugainn, 12 Bealtaine, i Seanscoil Sailearna ag tosnú ag 8.30pm, atá eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Pic: RTÉ

Gormfhlaith Ní Thuairisg ó Raidió na Gaeltachta a bhéas mar aoi-chathaoirleach ar an gcruinniú:

(i) tabharfar 3 nóim. do gach iarrthóir cur i láthair a dhéanamh, ach iad a bheith ann ag an tús;

(ii) d'fhéadfadh go gcuirfidh Gormfhlaith Ní Thuairisg roinnt beag ceisteanna ar na iarrthóirí;

(iii) beidh deis ag na daoine a bhéas i láthair ceisteanna a chur ag an bpoinnte sin;
Seo a leanas na iarrthóirí a bhéas i láthair (san ord inar tháinig siad ar ais chuig na heagraithe ag glacadh leis an gcuireadh.):

  • Máirín Mhic Lochlainn (Sinn Féin);
  • Macdara Hosty (Fianna Fáil);
  • Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile (Neamhspléach);
  • Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach);
  • Seán Ó Tuairisg (Fianna Fáil);
  • Daithí Ó Cualáin (Neamhspléach);
  • Joe Ó Cualáin (Cearta Chonamara);
  • Joe Curran (An Lucht Oibre)
  • Seosamh Ó Laoi (Fine Gael)
  • Máirtín Lee (Fianna Fáil).

    Tá an cruinniú ar an Luan á eagrú  le deis a thabhairt don phobail aithne a chur ar na iarrthóirí, éisteacht lena bhfuil le rá acu agus ceisteanna a chur orthu.

    Tá sé i gceist an cruinniú foirmeáilte a chríochnú suas thart ar 10.00pm. Beidh cúpán tae/caifé ar fáil ag an bpoinnte sin dona iarrthóirí agus do dhaoine a bhéas ag iarraidh fanacht thart le castáil a chéile.

    2.5.14

    Ó bhreith go béal an bháis!

    Seo físeán gearr ar an Naomh Éanna, bád finscéalach Árainn. Bhíodh an turas amach go na h-oileáin ón gcathair, turas a thóg breis is trí uair a chloig. Is cuimhin liom ag dul siar agus bhí orainn fanacht i nGaillimh thár oíche le bheith in am d'imeachta an bháid!

    Bhí sí le briseadh ach tá feachtas ar siúl chun i a shabháil agus a thógaint thár n-ais go Gaillimh, le bheith mar óstallán agus bialann ar thaobh na céibhe!

    Go n-éirí go geal leis an bpleán!


    Naomh Éanna - Ó Bhreith go Béal an Bháis ó Dhonncha Mac Con Iomaire ar Vimeo.

    27.4.14

    Ceathrar bPápaí!


    Thárla rud éigin inniú san eaglais nár thárla riomh cheanna. D'aitheanm eaglais na Róimhe beirt Phápa mar naomh. Sé sin le rá rinnedh iad a liostú i nDialann Ginearálta na Róimhe (Béarla), nó an liosta oifigiúil de na naomh atá aitheanta go canónta ag an Eaglais. Ní h-amháin go raibh beirt Pápaí a chanónú ach bhí beirt Pápa i láthair ag an searmanas, an Pápa Prionsias agus a chomharba emeritus Benedict XVI a bhí i measc na heaspaigh chomh-chéiliúraithe ag an Aifreann.

    Naomh Eoin XXIII a bhí mar Pápa ó 1958-1963. An Pápa Maith a tugadh air agus nuair a bhalaigh an 58 cairdinéal le chéile le comharba ar Pius XII a roghnú ní raibh fhios ag éinne cérbh é an seanfhear ramhair seo. Dúradh ansin gur feighlí a bheidh ann go dtí go mbeadh duine níos óige le feiscint ag a bhás. Ach ní mar sin a bhí. D'oscail sé fuinneoga na Vataicáine nuair a gair sé na heaspaigh go léir chuig an Róimh do Chomhairle Vataicáine II. (Bhí an chéad Comhairle sa Vatacáin in 1870 ach níor chríochnaigh sé sin a chuid gnó mar thárla aontú na hIodáile agus caith an céad cúig Pápa eile nar Priosúnaigh na Vatacáine go dtí Conradh Laterna 1929 faoi Pius XI a rinne stáit beag "Cathair na Vatacáine."). Níor éirigh leis críoch na comhairle a fheiscint mar fuair sé bás sa bhliain 1963. Ach bhí go leor déanta leis an Eaglais a athrú ach fágadh an obair ag a chomharba Pól VI a leanúint. Glaogh an Pápa Prionsias "Pápa a bhí oscailte don Spiorad Naomh!" ar Eoin XXIII mar ní raibh eagla ar bith air an rud réabhlóideach seo a dhéanamh.

    Muide le Naomh!
    Bhí aithne nach beag againne go léir ar Naomh Eoin Pól II mar b'é an chéad Pápa a thug cúairt ar Éirinn sa bhliain 1979. "Papa an teaghlaigh" a thug Prionsias air. Dúirt sé go raibh sé fábhrach gur thárla an searmanais seo sa bhliain áirithe seo mar tá an eaglais ag ullmhú do Sionad na Clainne sa bhFomhair. Is dócha go bhfaca níos mó daoine an naomh nua seo i rith a threimhse mar phápa ná a thárla d'aon Phápa eile, no b'fhéidir ná aon duine riamh - muid fhéin ina measc!

    Tá an-chuid scríofa faoin lá seo. Seo ceann ó tráchtaire atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe, Rocco Palmo, "Dhá naomh. Aon Eaglais, Aon Glao." (Béarla) gur fiú a léamh.

    Bhí clár ar an mBBC faoi go luath ar maidin, (nach aisteach an rud é go mbíonn níos mó eolas le fáil faoi cúrsaí na hEaglaise Caitlichí ar an mBBC ná ar RTÉ?), agus luadh an rud is tabhachtaí faoin dá bPápa seo: Urnaí nó paidreoireacht. Ní cuimhin liom Eoin XXIII ró mhaith agus ag an am sin ní raibh na meán cumarsáide chom maith agus atá siad sa lá atá inniú ann.

    Ach i gcás Eoin Pól bhí rud amháin a thug mé faoi ndeara aon am a chonaic mé ar an teilifís ag searmanais éigin. Is beag rud ná bhfaca sé ach anois is arís cheap mé go raibh an cuma air go raibh sé imithe chuig áit éigin eile. Tiochfaidh ciúnas agus suaimhneas ar aghaidh ar feadh neomad nó dhó agus ansin bhíodh sé thár n-ais inar measc. Is iomaí scéalta atá le fáil ar an mbealach a bhíodh sé ag guibhe. Is cuimhin liom píosa a scríobh an Cardinéal Leon-Josef Suenans, Beilgeach agus cara d'Éirinn, ina dírbheathaisnéis. "Bíonn sé ag guibhe lena choirp iomlán - tá sé ina ionchollú na -n-úrnaí - agus ag an am sin feachann sé i bhfad níos sine. Feacann sé go h-íseal, ag feachadh gearr don talamh; sa Séipéal Sistíneach, agus é ag guibhe an paidir bhuíochais, d'fhéach sé mar dhuine a thit i laige, agus cheap mé go raibh sé tinn. Ach chomh luath agus a éiríonn sé féacann sé íontach óg." (Souvenirs et Esperances1991)


    Lá na gceathrar bpápaí!



    17.4.14

    Dhá lá, Caoga duine, Seacht gContae déag agus go leor cairde nua.

    "...the wise have pitied the fool that hath striven to give a life..." (PH Pearse)

    Tá rud éigin tár-éis tárlúint a thug dóchas don scríobhnóir seo i rith na deireadh seachtaine atá díreach thárt. Scríobamar cheanna anseo faoi Snámh Phádraig.

    Cuireadh é seo ar leathanach facebook ag Aodháin Uí Dheá aréir:


    Pádraig Schaeler
    "Dhá lá, Caoga duine, Seacht gContae déag agus go leor cairde nua. 

    "Geallaim daoibh gurb é seo mo stadas dheireanach faoi #SnámhPhádraig ach ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabhadh ar gach duine a thug tacaíocht dom- breis is €2,000 go dtí seo. 

    "Nuair a thosaigh mé amach bhí mé ag ceapadh go mbeinn sásta le €5,000 san iomlán ach tá breis is €34,000 tiomsaithe go dtí seo. Go raibh míle míle maith agaibh."

    Tá éacht déanta agat fhéin a Aodháin, ní h-amháin do do chara Phádraig agus a mhuintir ach duit fhéin, don chaoga iomadáin & óinseacha a rinne an seacht snámh déag agus dúinne go léir a bhí páirteach libh ag lapadaíl libh go fíorúlach, ar twitter, facebook agus áiteacha eile ar líne!

    Agus cé nach raibh aithne ag an cuid is mó againn ar Phádraig féin, anois ón ghníomh sa agaibh agus obair a mhuintire tá muid go léir ag guibhe ar a shon go n-éiródh leis an gcóir leighis thoir san Ghearmáin agus go mbeidh sé sa bhaile i measc a chlann agus a cháirde sar i bhfad.

    Tá dóchas againn ní h-amháin don bhuachaill seo agus dá chlann ach dóchas as an aois óg a bhí sásta beart da réir a mbriathar is cuma cé chomh aimeadach is a bhí an gníomh!

    Gura maith agat-sa agus an caoga a bhí sásta dul leat as gníomh a dhéanamh ar son bhúr gcara!