4.2.10

Gradam Ceoil TG4

Is ar an bpíobaire cumasach as Carna, Seán McKiernan, a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2010. Fógríodh an liosta buaiteoirí do na Gradaim éagsúla ag nuacht ócáid i gceannáras Na bPíobairí Uilleann (Béarla) i mBaile Átha Cliath.

Bronnfar Gradaim sna rannóga eile ar cheoltóir óg as Co Dhún na nGall, ar amhránaí ildánach as Fear Manach, ar bheirt dearthár as iarthar Chorcaí as a gcumas cumadóireachta, ar fhear den shloinne atá luaite le ceol sa bpríomhchathair le céad bliain agus ar mhúinteoir as Corca Dhuibhne ó dhúchas a bhunaigh agus a d’fhorbair ceann de na hinstitiúidí ceoil traidisiúnta is cáiliúla ar domhan.

Seo liosta na nGradam do 2010:
  • Gradam Ceoil TG4 - Seán Mc Kiernan
  • Ceoltóir Óg na bliana - Aidan O’Donnell
  • Gradam Saoil - Seán Potts (ar dheis)
  • Cumadóirí na Bliana - John agus Finbarr Dwyer
  • Gradam na gCeoltóirí - Muiris Ó Rócháin

  • Bronnfar seic €5,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta a coimisiúnaíodh ó John Coll ar bhuaiteoir Ghradaim Ceoil TG4 2010, ar Sheán McKiernan. Gheobhaidh Aidan O’Donnell, Ceoltóir Óg na Bliana, seic €2,000 agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Gheobhaidh na buaiteoirí eile €1,000 an duine agus píosa speisialta dealbhóireachta le John Coll. Coiste neamhspleách moltóirí a roghnaíonn na buaiteoirí. Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh in Áras Ceoldráma Loch Garman (Béarla) ar an Satharn 27 Márta 2010, á chur i láthair ag Dáithí Ó Sé agus craolfar na himeachtaí ar chlár speisialta ar TG4 Domhnach Cásca, 4 Aibreán.

    Deir Ardstiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir go bhfuil Gradaim TG4 áirithe mar scéim aitheantais a léiríonn an meas forleathan atá ar scoth na gceoltóirí. "Tugann na Gradaim seo deis dúinn a chur in iúl do na laochra seo go dtuigimid an saothar iontach agus an ealaíon luachmhar atá á cruthú agus á seachadadh acu."

    No comments:

    Post a Comment