10.3.17

Laochra!

Is i bPáirc an Chrócaigh, ionad go leor de na héachtaí atá á gceiliúradh sa tsraith, a sheol Uachtarán CLG, Aogán Ó Fearghail an séasúr nua Laochra Gael tráthnóna. Tá meas agus gean ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha ar fad ar an tsraith seo ina dtugtar cuntas ar éachtaí imeartha mór-imreoirí peile agus iomána le leathchéad bliain anuas.

Craolfar na cláracha sa séasúr nua Laochra Gael TG4 gach Céadaoin ag 9:30pm ó 15 Márta agus gach tráthnóna Domhnaigh tar éis GAA BEO.

Cuirfear suim ar leith sna cláir sa tsraith nua mar go dtugtar chun cuimhne roinnt imreoirí a thuill cáil agus meas ar leith lena linn:

  • Dónal Óg Cusack, cúlbáire cróga iomána Chorcaí, 15/3/17 10pm (athchraoladh 19/3/17 5.55pm).
  • Cliodhna O’Connor, bean a sheas an fód ar feadh i bhfad sa gcúl le peileadóirí Áth Cliath, 19/4/17 9.30pm (athchraoladh 23/4/17 5.55pm).
  • Tommy Walsh, crann taca agus foinse inspioráide le hiománaithe Chill Chainnigh ina ré órga ag tús an chéid seo, 12/4/17 9.30pm (athchraoladh 16/4/17 5.55pm)
  • Dara Ó Cinnéide, naoscaire cruinn peile agus craoltóir cumasach Ciarraíoch, 22/3/17 9.30pm (athchraoladh 26/3/17 6.15pm).
  • Na deartháracha cáiliúla Lowry as Uíbh Fhailí, 3/5/17 9.30pm (athchraoladh 7/5/17 5.55pm).
  • Éamonn O’Hara, fathach lár páirce pheileadóirí Shligigh, 5/4/17 10pm (athchraoladh 9/4/17 5.55pm)
  • Pete Finnerty cosantóir crua sciliúil iomána as Gaillimh, 29/3/17 9.30pm (athchraoladh 2/4/17 5.55pm).
  • Seánie McMahon, crann taca stuama cruinn le hiománaithe an Chláir, 10/5/17 9.30pm (athchraoladh 14/5/17 5.55pm).
  • Owen Mulligan, naoscaire lúfar le peileadóirí Thír Eoghain,17/5/17 9.30pm (athchraoladh 21/5/17 5.55pm).
  • Pat Fox, tosach a bhris croíthe an fhreasúra go mion minic lena chruinneas. 26/4/17 9.30pm (athchraoladh 30/4/17 5.55pm).
Ag labhairt dó ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh, dúirt Uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail go bhfuil meas ar leith ag a eagraíocht ar an tsraith fhad-bhunaithe seo. “Cuireann na cláir seo lenár dtuiscint ar shár-scil na mór-imreoirí ó na blianta atá caite, agus tugann chun cuimhne na cluichí inar thugadar sár-thaispeántais. Beidh fonn ar éinne a chonaic iad an dara deis seo a thapú iad a fheiceáil an athuair.” 

Dheimhnigh an tUachtarán gur léiriú follasach é an séasúr nua seo ar an dlúthpháirtíocht idir CLG agus TG4 agus ghabh buíochas leo sin ar fad a bhí páirteach sa togra.

Deir Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont go bhfuil an cainéal thar a bheith bródúil as an tsraith agus as an séasúr nua seo, an cúigiú ceann déag ag Laochra Gael. “Is cuid lárnach de chlúdach ilghnéitheach TG4 ar na cluichí Gaelacha í an tsraith seo,” a dúirt sé, “agus tá a fhios againn go bhfuil gean ar leith ag lucht leanta na gcluichí uirthi. Tugann sí chun cuimhne cumas agus scil na réalta seo agus iad i mbarr a maitheasa agus tugann ábhar mórtais dúinn ar fad.”

Is é an comhlacht aitheanta neamhspleách NemetonTV (Béarla) a léiríonn an tsraith seo do TG4, comhlacht a sholáthraíonn go leor de chlúdach spóirt an chainéil.

@TG4 @sporttg4 @nemetontv @officialgaa @beo_clg

No comments:

Post a Comment