Poitín Chois Fharraige! |
Cáis Áranach! |
Tá sé de nós agam tár éis béile mór speisialta deoch a ól le mo bholg a chuir ar a shuaimhneas. Más féidir liom is deoch ón Iodáil, Grappa, a olaim agus cinnte níl rud mar é len do bholg a chuir ina choladh nó muna chuireann sé ina choladh é deirtear go gcuireann sé gan aithne gan urlabhra é! I bhfocail eile d'fhéadfá a rá go bhfuil sé beagáinín (?) garbh. Dódh sé thú agus é ar a bhealach anuas!!
Bhaineas trial as deoch Mhicil agus ba deoch an dheas a bhí ann. Ní raibh sé garbh ach ag an am céanna mhothaigh mé ag dul aníos agus ag téamh chuile bhall de mo choirp ach gan iad a dhó. Moladh liom roinnt mhanglam leis mar Micil Mojito nó Micil Thyme Sparkler nó Daiquiri. Ach sílim fhéin gur leor Micil lom leis fhéin!
Cheannaigh mé buidéal.
Baolach nach Grappa a bheidh á ordú tár éis béile mór na Nollag.
Sláinte!
Tá traidisiúin ársa stilléireachta i gConamara agus tagann Micil anuas ón dtraidisiúin sin. Seo clúdach ar Fhéilire 2018 ó Cheantair na nOileán. |
No comments:
Post a Comment