Showing posts with label Taisteal. Show all posts
Showing posts with label Taisteal. Show all posts

9.6.22

Trácht ar thrácht nó turas Seiceach go Baile Munna!


Is minic a bhíonn muid ag gearán faoin dtrácht i gcathair na Gaillimhe.

Bhí mé i mBaile Átha Cliath le deanaí agus bhí orm taisteal ó Chluain Tarbh go Baile Munna tráthnóna éigin. Bhí an lá go deas agus bhí RTÉ Lyric ar siúl sa charr. 

Ní gnáthach dom bheith ag tiomáint ag an am sin. Nuair atá mé sa bhaile bíon Raidió na Gaeltachta ar siúl agam de shíor ach bhí clár le Liz Nolan, sílim gur "The Full Score" atá ar a clár. 

Chuir sí siansa cáiliúl Uimh 9 de chuid an Seiceach Antóin Dvořák - "Aus der Neuen Welt!" (Ón Oileán Úr) ar siúl. Bhí an ceol seo ar eolas agam ó bhí me óg agus taitníonn sé go mór liom. Tá sé cuíosach fada agus cheap mé go meidh mé ag mo cheann scríbe roimh deireadh an cheoil. Tá sé cuíosach fad le ceithre gluaiseachta ann.

Ach bhí an trácht chomh trom sin gur thóg sé an méid sinn ama an turas a dhéanamh. Thaitn sé go mór liom gur ndéarnad mé an carr a pháirceáil díreach is na nótaí deireannach. Togann sé thart ar 41 neomad an siansa iomlán a seinnt mar sin is dócha go dtógann sé an méid sin ama tiomáint ó Chluain Tarbh go Baile Munna!

Ach má tá ceol deas ar siúl ní thugann tú faoi deara an t-am ag imeacht.

30.9.19

Traen go tús na fichiú aoise!


Bhí alt spéisiúl (Béarla) ag David McWilliams sa Irish Times le deanaí.  Bhí sé ag caint ar an buiséad agus ag rá cad a dheanfadh sé fhéin dá mba rud é go raibh sé fhéin i mbróga Phaschal Donohue. Bhí an chuid faoi cúrsaí taistil i mBaile Átha Cliath san alt dár liom agus gan mórán faoin gcuid eile den tír. Ní raibh mórán íonadh orm caithfidh mé a rá.

Ar an luain seo caite thugamar chuairt ar chathair Luimní. Bhaineamar úsáid as an dtraen ó Gaillimh. Osclaíodh an líne seo le seirbhísí teoranta sna h-ochtóidí agus cé go ndúradh ag lucht pleanála agus eile nach n-éiródh leis cuireadh leis an seirbhís sna nochaidí agus anois tá naoi dtraen gach lá ar an líne seo. Tá fós ag caint faoin líne a athoscailt ó thuaidh ach ar ndóigh tá Chonnacht i bhfad ó shamhlaíocht maorlathach lucht phleanála.

Ardán ós cionn Cannes - Lavery
Chuamar ar chuairt, a deirim, go Luimneach, príomh cathair Thuamumhain. (Ní maith liom a tearma pleanála gallda sin, "The Midwest", atá ag na maorlathaigh.) Bhí muid ag pleanáil dul ó dheas ó thús an tSamhraidh le féachaint ar thaispeántas "Lavery & Osborne" a bhí ann ó thús Mí Meitheamh in Iarsmalann Hunt (Béarla). Ní rabhamar san áit sin riamh roimhe agus ba chineál leathscéal dúinn dul ann leis an taispeantas úd a fheiscint!

B'fhiú go mór dul ann.

Ní mór thaispeántas a bhí ann ach pictiúirí a taispeán a ndearcadh ar an saol. Tá cáil i bhfad níos mó ar an ridire John Lavery (1856-1941) ar dtús mar phortráidí faiseanta i Londain é agus ansin mar phéintéir tabhachtach ó thaobh staire de, go mór mór stair na hÉireann. Is pictiúir stairiúla agus tabhachtach ní hamháin i stair na hÉireann (An Coileánach faoi ghradam) ach i stair breithiúnaí Shasana (Trial Ruairí Mhic Easmainn). Ach anseo bhí pictiúirí eile tabhachtach chomh maith. Ní ó thaobh staire de ach ó thaobh a shaol pearsanta féin agus é ag fás mar phéintéir, na cuairteanna a thug sé ar áiteanna iasachta agus an tionchair a bhí ar a chuid oibre. Pictiúir amháin a thaitn go mór linn na "Ardán ós cionn Cannes" a bhí lán d'atmaisféar agus teas na háite. Caileadh é i 1941 ag aois 85 bliain.

Buachaill lena mhadra - Osborne
Duine eile ar fad a bhí in Walter Osborne (1859-1903). Cé gur portráidí é chomh maith bhí a chuid pichtúir i ar dtús i bhfad níos pearsanta ach gan a bheith. Pictiúir amháin dá dheirfúir ag péintéireacht nó ceann eile de bhuachaill óg lena madra. Bhí pearsantach an difrúil aige ó Lavery. Diúltaigh sé ridireacht ón mBanríon Victoria sa bhliaon 1900 agus cailleadh é go h-óg (43) trí bhliain ina dhiadh san.

Tá an taispeántas thart inniú.

Nuair a bhí na pictiúirí go léir feicthe againn thugamar aghaidh ar an gcuid eile den Iarsmalann. Is i sean Teach an Chustaim na cathrach atá sé agus tá trí urlár sa foirgneamh. Bailiúchán chlann Hunt atá le feiscint ann. Bailiúchán eicléictiúil atá ann. Bhailigh John Hunt agus a bhean Gertrude na mílte rudaí suimiúil. Cuid acu an luachmhar agus cuid eile acu nach bhfuil luach ar bith ortha. Má bhí spéis acu sna h-earraí ba leor san agus chomh maith leis sin bhíodar á n-úsáid acu ina dteach gach lá nuair a bhíodar beo. D'fhagadar chuile rud don stáit nuair a cailleadh iad agus anois tá siad le feiceáil ag an bpobal. Bailiúcháin an suimiúil agus éagsúil atá ann gur fiú dul go Luimneach len é a fheiceáil.

Brú anseo le cúntas ar an taispeántas (i mBéarla)

20.5.19

Kernow a'gas dynergh! (4)


Ar ndóigh tá cáil ar chósta thiar Chorn na Breatiane mar áit surfála.


Éinne a bhí ag breathnú ar chlár íontach Mhicdara Uí Cuaig, Taoide, bhí léiriú ansin ar an bhfarraige i mBealach Bhristó agus an titim mór idir lán mara ann agus tráth na taoide agus an luas a athríonn sé.

Sin an fáth go bhfuil an surfáil chomh maith ansin Agus tá na tráthanna thar a bheith oiriúnach ann chomh maith.

Chuamar go dtí áit in aice le Newquay chun ceachtanna a fháil ar an sport seo. Tá neart scoileanna ann agus bhí an chuid daoine amuigh. 

Agus bhí an aimsir go maith leis. Bhí an traenáil an cuimsitheach. Níor chuaigh éinne amuigh ar na tonntracha go dtí go raibh miniú ar chúrsaí sabhála agus béasaíoch na céirde léirithe ag na traenálaithe.

Ag teacht thár n-ais!

13.5.19

Kernow a'gas dynergh! (3)

Iarsmaí sean is nua i gCorn na Breataine!


Iarsma sean
Leanamar siar go dtí áit nach raibh mórán eolas agam faoi. Tá Sceilg Mhichíl againne ó dheas agus in Iarthair na Normáine (muna bhfuil sé sa Bhriotáin féin) tá Mont Saint-Michel. Mar aon leis sin tá Cnoch Mhichíl Naofa (St Michael's Mount) amach ó chósta Choirn na Breataine. Mar aon le Mont San Michel is féidir siúl amach chuige nuair atá an taoide amuigh ach is gá turas ghearr ar bhád a thogaint amach chuige.

Brat an Choirn go bródúil ag Cnoch Mhichíl
Tá an oileán féin níos lú na cenn sa Normáin agus is cosúil gur tugadh do mhanaigh Mont Saint-Michel fadó ag Rí naofa Shasana Eadbhard san aonú aois deag. Cuireadh deireadh leis mar mainistir ag aimsir Anroí VIII agus anios is le clann St Aubyn atá ina chónaí ann ó shin. Tá sé ar oscailt don bpobal agus faoi chúram Iontaobhas Náisiúnta na Breataine agus tá an chuid den bhfoirgneamh ar oscailt mar aon leis na gairdíní thár timpeal air. Tá an chrot ar an caisleán agus an séipéal ársa atá fós á úsáid.

Tá sé suite ar bá ós comhair baile beag le hainm a cheap mé a bheith an-chosúil le ainm áite sa Bhriotáin - Marazion (Marhasyow i Cornais). Níos faide siar ar an bhá chéanna tá an baile Pennsans.

Iarsma nua
Níos faide siar tá i "iarsma" de short eile ar fad. Seoid is ceart a thabhairt air - Amrachlann Minack.
An stáitse agus an fharraige faoi mar cúlra!

Radharc ón stáitse
Thóg bean ó lár Shasana, Rwema Cade, áit cónaithe in iarthair Choirn an chomhgarach go Penn an Wlas (Land's End). Bhí suim aice i gcúrsaí dramaíochta agus thosaigh sí ag lorg suíomh a bheadh oiriúnach sa chomharsanacht. Thosaigh sí féin agus a garraíodar, Billy Rawlings, ag obair ar na haillte faoin teach. Is iad beirt a rinne an chuid den obair tógála. Bhí sé ullamh le haghaidh an chéad léiriú - The Tempest le Shakespeare - sa bhliain 1932. Baineadh úsáid as soilse charr mar nach raibh an treallamh cuí suite ann go fóill.

Na suíocháin
Lean siad ar an tógáil na hamhaclainne thuas go dtí go bhfuair sí bás, ag togáil suíocháin agus foth h-ardáin ag an stáitse go dtí an am a fuair sise bás sna hochtóidí. Leirítear drámaí ann fós agus fiú nuair atá cuairteoirí ag dul ann nuair nach bhfuil léiriú ar fáil bíonn daoine ann ag aisteoireach go neamh fhoirmeálta, rud a thaispéanáin acústach na hamharclainne. Bhí duine á dhéanamh agus muide ann mar a fheiceann tú sa pictiúir.

Bhí an aimsir go hálainn agus muid ann. Ba áit dríochta a bhí ann.

Radharc ó Mhinack


11.10.13

Áileacht an chósta gorm!

Deireadh an scéil!

Bhí mé an-bhruidiúil ó thágnamar abhaile agus ní raibh an seans agam scéal ár dturas Eorpach a chríochniú.
Antibes sa tráthnóna agus Nice sa cúlra
D'fhágamar an Róimh sa mhír deireannach agus d'éirigh linn Antibes na Fraince a aimsiú roimh oíche!

Tá léarscáil ag Myles na gCapaleen ina leabhair iomráiteach An Béal Bocht den Domhan Mór mar a fheictear ó Chorca Dorcha é. taobh amuigh den áit leathleach féin tá dhá áit le feiceáil, "Thár Lear" agus "De Odar Saighd!" Chun scéal fad a dhéanamh gearr sin an brí atá leis an ainm Antibes. Tá sé suite ar bhá gorm "meán mhuireach" ós comhair Nice sa Cóte d'Azúr.

Lón deas Frainceach!
Is cathair ceart é Nice le "pearsantacht" cathair ann. Ach is baile beag é Antibes ina bhfuil sean fhoirgnimh, caisleán, eaglais agus sráideanna agus lánaí caol lán de atmaisféar taitneamhach agus caiféanna cainteach.

Tá cáil ar an baile mar is ann a bhí ceann ceathrú ag an péintéir Phicasso le fada i dTúr an Chaisleáin i lár an bhaile, áit a bhfuil iarsmalan anois ann.

Bialann beag i gcroí lár Antibes
Tá an cuan is doimhne sa chomharsanacht, níos doimhne ná cuann cáiliúil Monte Carlo. Mar sin bíonn na luaimh is mó á cheangail ann. Mar sin tá an áit lán de stíl agus saibhreas agus siopaí agus bialainn den chéad ghrád, Ach cé go bhfuil na bialainne den chéad grád tá siad saor go leor don chuid is mó.

Bhaineamar úsáid as an áit mar lár ionad le turasanna ghearr a thabhairt ar na bailte stairiúla thár timpeal, áiteanna cosúil le Biot an Gloine, S Paul de Vance nó Mougins na bPéintéirí. Thugamar chuairt ar áit nach rabhamar ann cheanna Cagnes sur Mér. Tá sé, mar a deireann an ainm, in aice leis an farraige ach tá lár an bhaile thuas ar cnoc cuíosach árd.

Cagnes-sur-mer
Caitheamar timpeal cúig lá in Antibes. Bhí an aimsir go h-álainn an t-am a bhíomar ann agus bhaineamar an sult as.

Ach tháinig deireadh lenár saoir ró luath agus bhí orainn tiomáint ó thuaidh aríst go Cherbourg agus don bhád abhaile go hÉirinn.

Ach ar ndóigh sular thógamar an bád bhí beagáinín siopadóireachta le déanamha. Líonamar an búit le cásanna fíona so-ólaithe na Fraince mar cuimhne ar an t-am aoibhinn a bhi againn sa bhFrainc agus san Iodáil le deich lá anuas!