Tá dhá áit draoíochta in aice le St Austell. Is féidir a rá gur brionglóid a bhí ag Altaire Ísiltíreach a tháinig chuig Corn na Breataine atá ionta.
Gairdíní Ceilte Heligan
Thugamar aghaidh ó dheas ó San Austel ar dtús chuig áit draíochta, go mór mór ag tús an Earraigh agus sa luath Samhradh.
Blath ón bhfiantas |
Brat chloigíní gorma (sa "Dufair Ceilte") |
"Claisán Raithní" |
Parrthas sa Chorn,
Deirtear linn gur Éidin a bhí ar an áit ina raibh cónaí ag Adhamh agus Eabha ag tús a saol ach gur díbríodh as an áit iad de bharr a bpeacha! Tugtar Éidin go minic ar aon áit atá ina parthas ó shin. Agus cinnte is cineál parrthas atá cruithithe ag Smits agus a chuid comráidithe i sean chairéal chré.
Coiréal roimh (pic beag) agus i ndiath cruthú Éidin |
Rognaiódh ceann acu san, poll mór lom ghortach, le brionglóid dodhéanta a chuir i gcríoch. An brionglóid sin? Parrthas a thógáil sa bhfásach. Glaodh Togra Éidin (Béarla) ar an dtionscadal.
Céard tá sa brionglóid seo? Ionad le dúlra a thaispeáint mar atá sé i limistéir aeráide. Tógadh "pobaill" mílteach mór ann angus anois tá dhá ionaid aeráide ann - teochriosach agus meánmhuiríoch. Tá siad ag iarraidh ceann eile, gaineamhlach, a thógáil.
Agus muid ag dul isteach sa phoball teochriosach trópaiceach cheapfá gur istich i gcinéal foraois dhraíochta - teocht, uisce, plandaí, crainnte árda agus ainmhithe ó na limistéirí sin
Agus sa poball eile cheapfá gur áit éigin san Iodáil nó i ndeisceart na Fraince atá tú!
Cé go bhfuil tarraingt mhór ag turasóirí chuig an áit tá obair fiúntach ar siúl ann ó thaobh oideachas agus taighde timpeallachta agus comhshaoil. Tá ceangal ag an áit le hollscoileanna agus bíonn neart scoláirí ag déanamh staidéar ann.
B'fhiú dul chuig an dá áit le feiscing cad is féidir a dheanamh in áit atá cuíosac iargualta.
No comments:
Post a Comment