10.2.10

Club leabhar

Fadó, fadó bhí eagraíocht ann ar a dtugtaí An Club Leabhar a bhí á reachtáil, más buain mo cuimhne, ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Inniú fuair mé an nuacht seo a thosaigh mé ar an turaisín beag seo na smaointe!

Is é an t-úrscéal Sobalsaol le Pádraig Standúin ceann de na leabhar a bheidh á phlé ar ClubLeabhar.com.

Tá tionscadal nua, Clubleabhar.com, á sheoladh ag Gaelchultúr an mhí seo a bhfuil sé mar aidhm aige daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun a bheith ag léamh leabhar Gaeilge. Is féidir le daoine aonair ballraíocht a bhaint amach sa chlub leabhar seo ar líne ach tá sé mar aidhm ag lucht a bhunaithe chomh maith na baill a spreagadh le teacht le chéile uair sa mhí in ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus thar lear chun an saothar a bheidh mar leabhar na míosa a phlé.

Beidh ócáid seolta Clubleabhar.com ar siúl ó 6.00 p.m. Déardaoin, 18 Feabhra 2010 sa Curved Street Café, Filmbase i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath.

“Ní thógann sé ach nóiméad clárú don chlub ag www.clubleabhar.com,” a deir Sara-Jane Ní Ghabhann ó Ghaelchultúr, “agus níl aon táille i gceist. Beifear ag díriú ar leabhar nua gach mí agus beidh deis ag na baill plé a dhéanamh ar an saothar i bhfóram an tsuímh. Beidh fáil ag na baill ar aistriúcháin Bhéarla ar na focail agus frásaí is deacra sna leabhair a bheidh á bplé, rud a éascóidh an léitheoireacht go mór.

“Tá sé beartaithe againn leabhair a bheidh róchasta agus acadúil a sheachaint. Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh ghearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile chomh maith. Beidh meascán ann de leabhair nua-fhoilsithe agus clasaicigh atá fós i gcló.”

Tá liosta le fáil ar Clubleabhar.com de na clubanna leabhar Gaeilge atá ag feidhmiú in Éirinn cheana féin agus tá Gaelchultúr ag súil go spreagfaidh an tionscadal seo ar líne daoine le clubanna nua a thosú, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an domhain.

Tugtar liosta ar an suíomh chomh maith de na siopaí leabhar in Éirinn ina bhfuil leabhair Ghaeilge ar díol agus tá nasc ann chuig na cinn ar líne mar litríocht.com agus siopa.ie, rud a fhágfaidh go mbeidh sé éasca ag baill Clubleabhar.com na saothair á bheidh á bplé a cheannach.

Déanfar léirmheas ar leabhar na míosa ar an gclár Gaeilge ‘Splanc’ ar an stáisiún raidió Newstalk 106 chomh maith agus beidh nasc chuig podchraoladh den chlár seo le fáil ar Clubleabhar.com. Déantar Splanc’ a chraoladh gach Dé hAoine, 10.00 – 11.59 p.m.

Tá maoiniú á chur ar fáil do Clubleabhar.com ag Clár na Leabhar Gaeilge (Foras na Gaeilge) agus ag an gComhairle Ealaíon.

No comments:

Post a Comment