24.6.18

Lacordiere faoi dhó!

Nuair a chloisim rud éigin i bhfoinse amháin agus ansin cloisim an rud céanna in áit éigin eile - nuiar a thárlíonn rud mar sin chuireann sé ag smaoineamh mé.

Rinne mé thagairt do chomhtharlúint a thárla níos mó ná deich mbliaina ó shin dom anseo sa phíosa "Sé áthas an Tiarna do neart" (21/1/2007). Is dócha go bhfuil sé seo mar an gcéanna.

Ar an nDéardaoin chonaich mé áit éigin ar líne - ní fios dom cén áit - dán nó b'fhéidir gur litir de chuid  Henri-Dominique Lacordaire (Fraincís) ag miniú don sagart an obair agus an phribhléid a ghairm sheirbhíse. Léigh mé é - ní raibh tuairim agam cérbh an duine seo Lacordaire agus cheap mé go raibh píos féin deas agus cuimsitheach.

Ansin ar maidin inné bhí mé ag léamh na haltanna a tá in eagrán reatha "An Timire." (Is fiú go mór é a fháil dála an scéal, tá na haltanna gonta so léite ann agus ní fhéadfá a rá go bhfuil siad go léir cráifeach!). Ar aon nós bhí mé á léamah agus tháinig mé ar alt a bhí scríofa ag Fiontáin Ó Monacháin, Easpag nua ar Chill Dalua faoin sagartóireact agus mar críoch ar a phíosa bhí an dán úd" Seo é:

Le bheith i do chónaí in measc an domhain,
Gan dúil a bheith agat i bpléisiúr an tsaoil seo;
Le bheith id bhall de chuile theallach,Ag an am céanna gan a bheith claonta i dtreo clainne ar bith;
A bheith ag fulaingt in éindí le daoine;
Feiceáil tré rúndiamhra;
Gortaithe a leigheas;
Filleadh ón chine daonna ag Dia;
Maithiúnas agus dóchas a bhreith leat;Do chroí a bheith ag lasadh le carthanacht;
Croí cré-uamha ar son na geanmnaíochta;A bheith i do mhúinteoir agus pardún a thabhairt;
Le Sólas agus beannachtaí a thabhairt i gcónaí;
A Dhia, a leithéid de shaol;
Agus is leats é,
A Shagairt d'íosa Chríost.

Tá neart scéalta cloiste again ar shagairt nach raibh díograsach ag chomlíonadh a ghairm. Is dócha gur féidir le chuile shagart mar Peadair, a rá leis an dTiarna, “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” Agus is ceart sin ach nach ceart go tabharfadh sagart iarraidh ar an gcraobh luachmhair a bhaint. Mar a deireann an sean náth "Tá Dia láidir agus Máthair mhaith aige!"

Deineann an Easpag tagairt do méid uaire a thugann an Pápa Prionsias dúshlán don gcéir "boladh na gcaora" a bheith acu. Ach cé go bhfuil an caidreamh leis an bpobal tabhachtach tá níos mó gá le dluthcaidreamh a bheith ag an sagart leis an Tiarna. Cad is sagart ann ach "Alter Christus, Patris Glorificator, Animarum Salvator!"

Sa lá atá inniú ann "Tá rabharta de thaoide inár n-aghaidh ach tá sé tabhachtach gan misneach a challiúint" a deireann an Easpag.

No comments:

Post a Comment