23.9.19

Liric nó caoine?

Dúradh le déanaí ar chlár Prime Time ag raibh RTÉ ag breathnú ar Lyric FM a dhúnadh. "RTE is considering the future of Lyric FM!" a dúirt Richard Downes ar an gclár ar an 12ú lá Mean Fomhair.

Cinnte tá ganntanas airgid ag an "craoltóir náisiúnta" agus is cosúil go bhfuil siad ag lorg €55m ón Rialtas. I ndairíre scríobh an Stiurthóir, Dee Forbes, dá foireann go bhfuil cursaí chomh dona san nach féider leo an gnó a reachtáil mar atá sé eagraithe a thuilleadh. Tá siad ag díol tailte atá acu i nDomhnach Broc le airgead a fháil. Táid, is cosúil, leis an stáisiún i gCorcaigh a dhúnadh chomh maith - cinneadh ait eile.

Mar duine nach bhfuil mórán eolais ar chúrsaí chraolacháin sílim go mbeadh sé beagáinín aisteach nó fiú amaideach Liric FM a stopadh. Ní a leithéid de sheirbhís á sholáthar ag aon stáisiún eile sa tír - thuaidh nó theas.

Níl aon tuairisc go bhfuil siad ag breathnú ar an tuilleamh uafásach ard atá á íoch ag na "Réalta," - ní gá iad a ainmnú! Is cosúil nach bhfuil srian ar bith leis an méid gur féidir leo a éileamh! I gcás cuid acu ní fostaithe RTÉ iad, mar dhaoine aonair iad ach mar comhluchtaí. Iochtar níos mó ná an Taoiseach féin fiú deirtear. Mar a deirim ní h-aon sainneolaí mé sna cúrsaí seo.

Ní luaitear aon stáisiún eile seachas Lyric i Luimneach agus an láithreacht i gCorcaí - dhá aonad atá taobh amuigh den Ard Cathair. Tá stáisiún amháin ar a laghad nach bhfuil uathúil. Tá 2FM loinnaithe sa Ard Cathair agus tá an cineál seirbhís atá á sholáthair ag an stáisiún seo á sholáthair, agus á sholáthair go maith ag leath dosaen stáisiún eile.

Cén fáth atá 2FM ann? Bhfuil fealsúnacht ar bith taobh thiar de. An cabhraíonn sé le Aisling na hEagraíochta a chuir chun chinn?
"A bheith ina chrann seasta ag cultúr na hÉireann trí spéis an lucht féachana agus éisteachta a shásamh le hábhar atá iontaofa, spéisiúil agus dúshlánach; iléagsúlacht dhomhain na tíre a cheiliúradh; agus cumas mhuintir na hÉireann a chothú." (Tuairisc RTÉ - 2018)
Conas a chuireann 2FM "le saol na hÉireann le hábhar atá ina lón smaointeoireachta, foghlama agus siamsaíochta?" (ibid)

D'fhéadfa an cheist céanna a chuir faoi chuile rannóg in RTÉ ar ndóigh. Ach faoi 2FM dá mba rud é go gcuireadh deireadh leis an laghdódh lón smaointeoireachta & foghlama muintir na hÉireann dá uireasa? An laghfaí an crann seasta ag cultúr na hÉireann atá luaite in Aisling na heagraíochta. Céard faoi Raidío 1 féin?*

Cén slat tomhas a úsáideann bainistíocht na heagraíochta is iad ag plé na nithe seo? Airgead amháin nó rud éigin eile? Agus cén tionchar atá ag easpa gníomhaíocht an Rialtas ar riachtanaisí craolacháin agus cultúr na tíre?

* Bhí cineál íontas orm nár dúradh aon rud i gcoinne Raidío na Gaeltachta i rith na seachtaine, ach,  mar a dúirt Máirín Ní Gadhra i ngiolch inné - "An cath in aghaidh @rternag tosaithe," ag déanamh tagairt d'alt Willie O'Reilly san Sunday Business Post. Agus is dócha go bhfuil an ceart aici.



No comments:

Post a Comment