26.9.07
28/2/1973
inniú b'fhéidir..
Táim cinnte de sin
.. nó 'bhfuil?
Damanta an ní é
dan a bheith caillte
a cheaptar gur maith é
gur filíocht é
- pé brí 'tá leis -
n'fheadair cá bhfuil sé.
Smaoiním ar chor fhocal as -
an focal sin 'rus' agur chiallíonn sé
síochán an té sin a bhfuil teach faoi,
nó ós a choinn.
Dán atá scríofa
ní féidir teacht arís air,
tá sé caillte.
Ach a Dhia, do thaitn sé liom.
20.9.07
17.9.07
M.H.V.H. 20/5/73
D'fhán tú liom go déanach
Inniú,
Inné,
Arú inné, agus deireann tú
Nach ort a ghoilean sé.
An seo an grá?
"Bheith leat i gcónaí."
Bím-se leat, gheammaim duit
Ar do thuras mór fada 'bhaile.
Is iobairt í
Is tuigim é
Is gráim thú dá bharr.
6.9.07
12-XII-1972
Tá díamont ar do lámh,
Comhartha mo ghrá,
Go saol na saol.
Breathnaím ort
Gliondar in do shúil,
Gliondar an íontas,
Dochreidthe,
Ceangalta.
Gráim thú a chroí,
A stór, a thaisce, a ghrá,
Gráim thú go bás.
4.9.07
16.8.07
Tar éis chuairt dúinn ar Mhuscraí Uí Fhloinn Iúl'72
Reilig aoibhinn Ghobnatan
tráthnóna te mí Iúil,
duine ag guidhe anseo 'sansiúd,
paidrín phatrúin ina lámh'
ciúineas ann.
Uaigh gan leach,
uair naoi mhí
úr bhlath uirthi
blathfhleasc nó dhó..
ceol 'nár gcroíthe.
Ceol nach caoine é..
tá sé imithe
tá sé linn
éist.
Aifreann canta
séipéal beag
orgán 'na láir
guth binn Chúil Aodha
láidir.
13.8.07
10.8.07
Ar bháis Sheáin Uí Riada - 3ú lá Deireadh Fomhair 1971
Cumadóir cumasach de dhith ort a Dhé?
Ár gceoltóir aoibhinn féin
go h-óg le h-aois?
A chruthaigh
a theaspáin
a léirigh tabhacht do shaothar
le tuiscint nua, le brí?
Thóg tú uainn é a Dhé!
Tá muintir seo na Fodhla
anois go tréith-lag brónach.
Tagann an briseadh seo.
Ní thuigean muid atá
fós i ngéibhinn. Ach
anois tá saoirse aige
faoi dheire thiar i
gcuideachta na naoimh
i gcomhluadar an Tine Bheo.
Creidim seo mar Chór Chúil Aodha -
"Ag Críost an síol
Ag Críost an fomhair,
I n-iothlann Dé
go dtugtar sinn,"
le chéile.
Amen
9.8.07
Doire - 13
Triúrdéag
Tuige ar thairing tú uainn iad?
Fir óga aireach Dhoire........,
Triúrdéag
blath a muintir i mblath a saoil,
blath ár bhfear, tráthnóna tobann
marbh i lár na sráide -
TRIÚRDÉAG..
Maith dhóibh é, a thiarna,
a ndearna críoch a chuir
le saol an triúr bhlath déag,
níor thuigeadar, ní thuigeann siad,
mo léan, ní thuigfidh siad go deo,
gur as an mbás a thagann fás
is tuiscint ar ár mbrí.
Nuair a scríodh an píosa seo ní raibh ach triúrdéag marbh, ach fuair duine eile bás níos déanaí.
Thárla an áir seo, Domhnach na Fola, 30 Eanáir 1972 i nDoire Cholmcille.
7.8.07
Swedan, Heaven and Hell...
Fiche urláir ar airde,
Crainn ársa ann leis,
Sneachta ar thalamh.
Seanbhean ag breathnú amach sa saol,
Ag súil lena h-iníon óig
Nach bhfaca sí le h-aois,
Dearmadta go deo.
Tá, dár linn, a n-obair déanta,
"Gura maith agat, Imigh!
"Níl ann anois duit
"ach bás is críoch."
Ach ní mar sin an fíor-scéal amh,
"A Thaisce níl tú críochnai'
"Tá breis le déanamh a't,
"Lás tine mo Ghrá."
6.8.07
26.7.07
Ar Staines: 18 Meitheamh 1972
25.7.07
Grá
Barr na sléibhe?
Béim ar éileamh?
Céim ar choiscéim?
Cuardach anama
'lorg tú féin
'lorg do cheangailt
le Rí na Glóire
'sa Mháthair séimh.
Gráítear,
ní thitear i ngrá
'sní bhrathaítear ar fhreagra.
Íobairt tá ann,
mar íobairt an Chnoic,
íobairt gan stad,
íobairt toilte
'sní tuilte.
Pian trí chroí
ríocht, draoícht, saoíocht,
grá.
24.7.07
23.7.07
22.7.07
Tuiscint
Tuiscint
Obair do ghrá
Deachrachtaí,
Sáraithe ag grá
tré thuiscint.
Céard é do dheachreacht?
Mise.
Gan céard, an ea?
Do hiníon ró-lág?
Conas?
Bhfuil tusa ró-shaolta -
Do shaol ró chrua ort -
Ar líon do shaol thú?
Tuigeann muid seo -
Mé féin is do leanbh-sa
Nach éasca an rud é
An saol seo le chéile
Ach tré chomhthuiscint
is féidir deachreachtaí a sharú
le grá.
27.5.07
Domhnach Cincíse 2007
Domhnach Cincíse 2007
Ar Aifreann dom ar maidin chuaigh na focali seo i bhfeidhm orm!
Alleluia! Alleluia! Tar chugainn a Spiorad Naofa, líon croíthe na gCríostaithe agus fadaigh iontu leasair do ghrá! Alleluia!
Aiméan!
Nach íontrach an rud é an creidimh. Níl amhras ar bith agam ach go bhfuil a scéal seo fíor agus go bhfuil Íosa Chríost beo éirithe ó mharbh. Agus feicim nach gcreaideann an-chuid thar timpeall orm na rudaí seo.
An toghchán
Muise! Tá sé deachair coimead suas le cúrsaí agus an blag seo a choimead sa tsuil.
Ar aon nós.
Bhí an chuid spóirt anse agus daoin ag iarradh a dhéanamh céard a tharlódh sa toghchán anseo i nGaillimh Thiar. Ar ndóigh bhí fhios ag chuile duine go mbeaidh Éamo istigh gan troiblóid ar bith ach bhí an cosúileacht ann go raibh gach éinne eile i dtroiblóid. Ach ní mar a shíltear bítear. Níor tháinig athrú ar bith. Na TDanna céanna atá againn. Cuireadhh na torthaí thuas ar Torthaí Ghaillimh Thiar!.
I rith an toghcháin scríobh mé dhá alt a foilsíodh i Lá Nua ceann amháin faoi na postaerí a bhí i mBéarla agus an ceann eile faoi na billeoga a bhí mar an gcéanna.
Tá nascanna chuig an dá alt seo le fáil ón gCúiléisteoir Uimh: 2.21.
27.2.07
“No Gaeilge” i gCois Fhairrge
Is mó an lúcháir a bhí sa cheantair nuair a fuair Pharóiste an Chnoic duais Glór na nGael cupla seachtaine ó shin.
Tá neart obair déanta ag an gcoiste áitiúl Ghlór na nGael ar son chaomhnú na teangan san áit agus uaireaanta is in aghaidh easa atá siad ag dul.
Tháinig banda leathan saitilíte chuig an Spidéal, seachtain nó dhó ó shin agus ní nach ionadh bhí an comhlacht ina mbun – Digiweb - ag iarraidh poiblíocht agus breis cuistiméirí fháil. Chuireadar fógraí móra ar na boithre ag dul isteach sa bhaile. Fógraí i mBearla ar fad a bhí ann.
Is cosúil go ndéarna an comhlucht céanna an rud céanna i gCarna bliain nó dhó ó shin.
Tugann siad seo le tuiscint nach fiú bacadh le teanga ársa mhuintir na Gaeltachta.
Deirtear uaireanta gur ceart Béarla a úsáid chun freastaal ar na turasóirí. Is cosúil nach chuireann úsáid na Gaeilge isteach ar Siopa Standúin atá plódaithe le turasóirí gach lá. Ní dóigh liom go bhfuil laghdú ar ghnó Banc Aontas Éireann agus a bhfuinneoga le fógraí móra i nGaeilge amháin.
Ní bhaineann an Acht Teanga le comhluchtaí nach eagrais stáit iad agus níl cumhacht ar bith ag an gCoimisinéir Teanga leis na gcásanna seo. Níl aon dul as ach scríobh nó glaoch ar an gcomhlucht agus do thuairimí a léiriú go béasach leo. I gcás Digiweb is féidír glaoch ar an uimhir 1800 28 58 28 no sa rphoist:
Pic: Fógra Digiweb ar an Spidéal
Seo alt ag an An Dr Pádraig Ó Laighin i Lá Nua "Comharthaí bóthair agus fís an rialtais!"
13.2.07
Blagadóir na bliana!
Seo na tuairiscí
An tImeall
agus Lá Nua
Ar aghaidh go Duaiseanna Blagadóireachta na hÉireann
Beir bua a Choinn...
23.1.07
Sioc agus fataí!
Sioc amuigh ar maidin inniú.
Is annamh a thárlíonn san anseo ar cósta iarthair na tíre. Tá súil again go maróidh sé na péisteanna beaga sa cré a itheann fataí agus iad ag fas sa tsamhradh!
Bhí toradh maith againn ad deireadh samhradh 2006 agus tá muid fós a baint úsáid as na fátaí a cuireadh anuireadh. "Druid" ainm an cineál fataí a chuir muid agus tá siad thar a bheith mór agus blasta.
Caithfimíd smaoineamh ar iad fháil arís i mbliana.
22.1.07
Ceangailte?
Thosaigh na stoirmeacha ar an 10ú lá Nollaig agus seachas corr-lá anseo is ansiúd bhí an gaoith ag séideadh ó shin!
Is ceangal gan sreang atá agamsa leis an gcóras agus muna bhfuil na h-aeróga i geart agus cumhacht ag dul chuchu ní féidir leis an córas oibriú i gceart.
Diaidh ar ndiaidh tiocfaidh feabhas ar an gcóras agus láidreóidh sé nuair a thagann daoine eile isteach air.
Tá mise ceangailte le córas WAN agus is féidir níos mó eolas a fháil faoi seo ar na leathanaigh seo:
http://doc.thewan.net/forum/ - baineann an grúpa seo le Co na Gaillimhe don chuid is mó.
http://www.irishwan.ie/index.php - baineann an chóras seo le Co an Chlár níos mó na ceantreacha eile.
"Sé áthas an Tiarna do neart!"
Is cuimhin liom ag cruinniú urnaithe i mBaile Átha Cliath timpeall 10 no 15 bliain ó shin chuaig mé chuig daoine le haghaidh paidir príobháideach. Bhí mé beagáinín gruama ionam fhéin, in ísle bhrí, dúlagan imní orm!
"'Se áthas an Tiarna do neart!" |
Bhí íontas éigin orm na focail seo a cloisint mar bhí mé tar éis bheith ag léamh leabhair le Frank Sheed "To know Christ Jesus" agus ar an cludach bhí píosa ag caint faoi chomh aineolaach a bhíomar ar Íosa ina phearsantacht. An bhfuil fíoraithne air mar dhuine? An raibh sé ag caoineadh ríomh ina shaol agus caithin? Luaigh Sheed go raibh áit amháin sa scrioptúr ina luaitear go raibh áthas air. Agus mar sin de. (ISBN: 9780898704198: Ignatius Press, Béarla)
Chuaig mé abhaile agus mé ag smaoineamh ar an focal a bhí ag Kay dom. Níor chuala mé cheana iad agus cheap mé go raibheadar bainteach leis an meon a bhí orm ag an amm - duibheagán croí.
Agus ansin trí nó ceithre seachtaine tár éis na Nollag bhí mé ag Aifreann agus gan mórán áird á thabhairt don léamh ar an lá sin nuair a chuala mé an focal arís ón duine a bhí ag léamh: "Sé áthas an Tiarna do neart!" (Tá sé le fáil i Leabhair Nehemiá 8:10).
Ó shin déanaim iarracht áthas an Tiarna a fheiscint I mo shaol fhéin agus i saol na hEaglaise. Má tá athas ann tá an Spiorad Naomh ann. Mar tá an Spiorad Naomh ann bíonn a torthaí le feiceáil, “Grá, Lúcháir, Síocháin, Foighne, Cineáltas, Dea-chroí, Láchas, Dílseacht, agus Féinsmacht.”
Mar a deireann N Pól, "Bígí lucáireach i gcónaí sa Tiarna. Deirim arís é: Bíodh lúcháir oraibh."
Agus má tá tú ag lorg an áit in a deireann sé go raibh áthas ar Chríost tá sé ráite ag Lucás 10:21 nuair a deireann sé go ndearna íosh "gairdeas sa Spiorad Naomh."
Bíodh gairdeas an Spiorad Naomh orainn go léir i gcónaí.
(Foilsíodh an píosa seo in Iriseán Ardeoise Thuama, New Dawn, Earrach 2013)