14.2.12

Na chéad "Daffs!"


Inniú Lá Vailintín, agus mo Vailintín féin i bhfad ó bhaile inniú! Ag smaoineamh uirthi ar feadh an lae! Chaill sí céad bhlathú lus an chromchinn sa ghairdín againne.

Comhairthe eile earraigh!

Tá dhá dhán cháiliúil faoi an mbláth i mBéarla agam. Dán beagáinín brónach Robert Herrick, "To Daffodils" agus ceann áthasach Wordsworth a bhfuil níos mó cháil air, "Daffodils!"

Ná dein dearmad gur ar an 23ú lá den mí seo atá Lá Lus an Chromchín ar son Chuman Ailse na hÉireann!

Moladh go deo le Dia!

Agus mar críoch éist le Seán Monahan ar a Vailintín fhéin!

12.2.12

Stampaí do na nGael

Gach bhliain bíonn An Post ag lorg moltaí don chlár na stampaí. Tógann sé cuíosach fada ar mhuintir An Phoist a naigne a dhéanamh suas agus is cosúil gur sin an fáth go mbíonn ar dhaoine smaoineamh ar rudaí gur chóir dóibh iad a chomóradh. Tá an teolas go léir le fáil (i mBéarla ar ndóigh) ar suíomh an Phoist anseo: Stamp Programme!

Brian, Impire na nGael
941-1014AD
Deireann siad go mbeadh fáilte roimh aon moltaí roimh an 29 Feabhra 2012 don bhliain 2014!

Seo roinnt moltaí atá agamsa:
• Cath Chluain Tarbh agus bás Bhriain Bóirmhe: 1014 (Míle Bhliain)
• Tús an Chead Chogadh Domhanda comóradh 100 Bliain.
• Dónal Ó Corcora (1864-1964) Caoga bliain óna bhás! Údar, Péintéar, Scolaire. Údar "The Hidden Ireland"
• Pádraig Ó Siochfhradha - An tSeabhach - (1883-1964) Caoga bliain óna bhás, Údar Jimín Máire Thaidhg agus Seanadóir.
• Ar an 23 Feabhra 2004 a ceapadh Seán Ó Cuirreáin ina chéad Choimisinéir Teanga de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá deich mbliana á chomóradh mar sin ar a oifig sa bhliain 2014.

Tá an-chuid eolais le fáil faoi daoine agus a ndátaí le fáil in ainm.ie. Is fiú go mór breathnú ar na leathanaigh sin.

Is ceart go mbeadh na Gael á gcomóradh ar stampaí agus níl ach na Gael chun iad a mholadh!

7.2.12

Táirne eile i gcónra an tuath!

Tá mé ag éisteacht le Pádraic a' Táilliúra ar  an raidío  ar maidin. Is faoin gcáin nua seo ar humair múnlaigh nó dabhachanna séarachas atá sé ag caint.

Táirní Chónra
Ní dóigh liom go raibh muintir na Gaeltachta chomh oibrithe faoi chúrsaí agus atá siad faoi láthair. Feictear dóibh go bhfuil an Rialtas seo idir Ruairí Quinn agus Phil Hogan ag iarraidh deireadh leis an nGaeltacht, agus an tuath "Béarlach", tré na scoileanna beaga a dhúnadh agus cáin so-bhreis a chuir ortha ná mar atá ar dhaoine atá ina gcónaí sna cathracha agus sna bailte.

Bhí na sluaite ann ar son na scoileanna beaga, "Ruairí Quinn, Éist Linn!" agus is cosúil nach ag éisteacht atá sé. Ar ndóigh ó thaobh na Gaeltachta de níl mórán íontas ann nuair nach féidir ach le 1% d'fhoireann na ranna sin i ndan a chuid ghnó a dhéanamh i nGaeilge!

Mar an gcéanna le cás na scoileanna tá ceist na dabhachanna go mór i mbéal an phoball anseo. Bhí timpeall 500 taobh amuigh Teach Laighean le déanaí. Anois tá suíomh idirlíon ag an gluiaseacht seo, Mo thír dhuchais féin! Ansin is féidir a n-achainí ar líne a shíniú.

1.2.12

Earrach Éireann

Tá an grian ag taitneamh taobh amuigh agus tá chuile duine i "humour" mhaith - mé fhéin san áireamh! Nach íontach an athrú a déanann lá álainn dúinn?

Tá an-chuid ag tárlúint so ghrian faoi láthair, stoiremeacha láidir, spotaí, agus tá an saineolaithe ag ceapadh go shroisfidh gaoth geomaighnéadach eile sinn ar an Aoine. Is gaoth mar sin atá mar cúis leis na Gealáin Thuaidh a bhí le feiscint i dtuaisceart na tíre le deanaí.

Ach is fearr liomsa gnáth teas agus solas na gréine. Éiríonn sí ar maidin a éitilíonn anoir go tráthnóna nuair a théann sí ina coladh samh arís!

Smaoinigh mé gur seo Lá 'le Bríde agus smaoinigh mé ar a iomann:


Gabhaim molta Bríde
Ionmhain í le hÉirinn
Ionmhain le gach tír í
Molaimis go léir í.


Lóchrann geal na Laighneach
A'soilsiú feadh na tíre
Ceann ar óghaibh Éireann
Ceann na mban ar míne.


Tig an Geimhreadh dian dubh
A' gearradh lena ghéire
Ach ar Lá 'le Bríe
Gar dúinn earrach Éireann.


Go mairfidh an aimsir mar atá sé inniú!

• Seo píosa deas a scríobh Aonghus Ó hAlmhain: "Muire na nGael!"