Mar a bhuail beirt bhlagálaithe ar a chéile i gCaorán na gCearc
|
Ise Áine! |
Tráthnóna inné, chuala mé carr ag teacht isteach sa tsráid ós comhair an tí.
Chuaigh mé amach le fháil amach cé bhí ann.
Níor aithin mé an carr.
"Cé é seo!" a dúirt mé liom féin,
"Duine atá caillte agus ag lorg eolais a bealaigh uainn?"
D'oscailíodh duras an tiománaí agus bean a bhí ann.
"Mise, Áine" a dúirt sí agus an cuma uirthi go raibh aithne aici orm. Thosaigh an mé ag cúardú an bunachar sonraí istig i mo chloigeann.
"Meas tú cé í?"
"Chonaic mé an jípín taobh amuigh agus shíl mé gur tú a bheidh ann!" a dúirt sí.
"An raibh tú in Eanach Mheáin an lá faoi dheireadh?"
Ba leor nod don eolach!
Bí an Áine a bhíonn ar
Rámhaille a bhí ann. Dúirt me
ar a bhlag an lá faoi dheire go mbeinn i gCeantair na n-Oileán níos déanaí:
"Beidh mé ag tiomáint anoir ansin (ó gCaorán na gCearc) i gcionn uair nó dhó - jeepín beag Mitsubishi......." a dúirt mé.
Ach ní fhaca mé í. Ach ós rud é go luaigh mé Caorán na gCearc, agus go raibh fhios aicí cá raibh an áit dríochta sin bhí a suíl amach agus í ag dul trén áit aréir. Agus chreid nó ná chreid d'éirigh lei an teach a aimsiú.
Bhí sé go deas buaileadh le duine den na blagálaithe is líofa agus is rialta minicíoch (má tá a leithéid d'fhocal ann!). Nach aisteach an rud go mbíonn aithne again ar dhaoine trén teicneolaíocht - an réaltacht fhíorúil mar a déarfa! Ach ar bhealach tá sé i bhfad níos íontaí feoil a chuir ar an bpearsantacht a bhíonn beagáinín teibí ar líne.
Anois nuair atá mé ag léimh píosa
Rámhaile Áine, cloisfidh mé a glór, feicfidh mé an meangadh ar a aghaidh.