Rónán Beo! |
Craithe sé lámh liom agus linne go léir.
"Cé thú fhéin?"
D'inis mé dhó.
Ar ámhairí an tsaoil chuir mé theachtaireacht chuig a chlár i rith na seachtaine roimhe agus chuimhnigh sé ar sin. Bhí íontas orm ar ndóigh.
"Bhí rud maith in do theachtaireacht," a dúirt sé, "Céard é?"
B'fhíor dó. Bhí mé ag caint faoi polasaí an Rialtais ag an am ('deile?) agus rinne mé aithris ar phíosa a dúirt Seán Ó Cuirreán agus é ag éirí as mar Coimisinéir Teanga.
"Cad iad na focail bhí siad go maith?"
"...mugadh magadh, briolla brealla nó bréaga a bheas i gceist."
Rinne sé gáire faoi sin,. "Tá sin go deas!" agus fág sé slán muid.
Bhí mé ag smaoineamh ar sin agus muid faoi bhrón i rith na seachtaine and smaoinigh ar an mbealach a chás sé an comhrá orainne seachas ar féin. Ar bhealach bhí sé a tabhairt meas agus omós ormsa.
Ba bhua faoi leith é sin.
"B'fhíor don Ath Brian agus é a labhairt ag socraid Rónáin, "Nach iomaí uair a líon Rónán an crúiscín dúinn ar go leor bealaí."
A dheis lámh Dé go raibh sé agus gur "dorn san aer do na nGael" a bheadh sa lámh céanna!