16.8.10

Atharaithe i Siopa Leabhar Bhaile Átha Cliath

Tá athraithe móra i ndán do cheann de na hinstitiúidí is mó clú air sa tír - An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 - faoi stiúir an bhainisteora nua, Daragh Ó Tuama (pic ar dheis), agus an chúntóra úir aige, Cian Taaffe.

Daragh Ó TuamaTagann Daragh Ó Tuama sna sála ar Mháire Ní Laoi, a d’imigh ar scor i mí an Mheithimh i ndiaidh 38 mbliana a chaitheamh ag obair sa siopa, agus tá fís fhadtéarmach úr aige don Siopa Leabhar a fheicfidh é forbartha mar áis agus ionad siopadóireachta den scoth do phobal na Gaeilge san ardchathair agus i gcéin. Ní hamháin go bhfuil sé i gceist cur go mór leis an siopa ar-líne trí shuíomh lárnach an Chonartha , ach tá córas úr athchatagóirithe agus scanadh earraí idir lámha ag An Siopa Leabhar freisin.

“Táim féin," a deireann Daragh, "go pearsanta ag súil go mór leis an dúshlán chun seirbhísí an tSiopa Leabhar a leathnú agus a fhorbairt chun go bhfeidhmeoidh an siopa ar bhealach níos simplí, níos leabhairchruthaí, agus níos éifeachtaí, chun freastal mar is cuí ar phobal na Gaeilge, idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí na teanga araon.”

Is as Baile Átha Cliath don Uasal Ó Tuama agus is iomaí gné de shaol na Gaeilge a bhí baint aige leo i gcaitheamh na mblianta sular bhain sé an post seo mar bhainisteoir an tSiopa Leabhar amach. Chomh maith le cláracha Gaeilge a chur i láthair ar an raidió lena leithéid de Newstalk, bhí Daragh ina láithreoir ar an gclár teilifíse MPH ar TG4 agus ina oifigeach le Glór na nGael go dtí le deireanas, áit go raibh sé i gceannas ar na comórtais ag Leibhéal a Trí, Global Gaeilge agus forbairt an tsuímh idirlín Údar.ie.

Tá Cian Taaffe díreach tosaithe ar an bpost mar chúntóir an tSiopa Leabhar i dteannta Uí Thuama agus is ildánach an Gaeilgeoir é leis; is fear grinn, aisteoir, láithreoir, léiritheoir, agus scríbhneoir é Taaffe a bhuaigh duais ag Féile Drámaíochta na gColáistí Tríú Leibhéil i 2009 as an dráma An Ghealtacht a scríobh, agus atá tar éis gradam Lucky Duck a bhuachaint ag Battle of the Axe Comedy Club (Béarla) níos luaithe i mbliana.

Deireann Cian: “Táimid ag baint leasa as an nuatheicneolaíocht le cur go mór le réimse na leabhar agus na n-earraí Gaeilge atá ar fáil ar An Siopa Leabhar ar-líne faoi láthair, agus tá sé beartaithe againn i bhfad níos mó t-léinte, dlúthdhioscaí, DVDanna, póstaeir, cluichí do pháistí agus eile a sholáthar sa siopa féin ar 6 Sráid Fhearchair sna míonna amach romhainn.”

14.8.10

Éistimís le Mná Leitir Mhóir

Tá alt brea ag Bernie Ní Fhlatharta i nGaelscéal na seachtaine seo (13 Lúnasa 2010). Is fiú go mór an alt, Éistimís le Mná Leitir Mhóir, a léamh agus an teachtaireacht atá ann a thuiscint.

Is cosúil go raibh sí mar moltóir ag comortas Pheigín Leitir Mhóir le deanaí agus caith sí ama ag caint leis na cailíní féin ar ndóigh.

"Seo mná atá líofa sa Ghaeilge, a bhíonn ag imirt peile, sacair agus ag rámhaíocht. Seo iad na bruinnill ag an gcrosbhealach a raibh De Valera ag caint orthu nuair a bunaíodh an Stát seo ach feictear domsa go bhfuil dearmad déanta ar ghnáthphobal na Gaeltachta."

Cuireann sí an cheist: Ar labhair an Rialtas leo sular cuireadh le chéile an Scéim 20 bliain don Ghaeilge & don Ghaeltacht? Ar labhair an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta leo sular ar chuireadar a tuairisc amach? Meas tú?

Díríonn Bernie ár n-aire ar rud atá an-bhunúsach ó thaobh na Gaeltachta de ar aon nós. Ní ceist teanga amháin é seo. Is ceist phobail atá ann. Ní ceist idéalach é seo do mhuintir na Gaeltachta, mar atá sé do mo leithéad-sa agus an-chuid i nGluaiseacht na Teanga. Éist le Bernie:

"Ní hé go bhfuil siad ag iarradh bheith ag labhairt Gaeilge – is í a dteanga nádúrtha í. Ní hé go bhfuil iachall orthu maireachtáil sa Ghaeltacht – is é a mbaile é agus tá siad ag iarradh fanacht ann."

Rud atá i bhfad níos bunúsaí ná an brionglóid -

Tá Éire Gaelach cheana sa Ghaeltacht againn ach an bhfuil sé saor?

Ní mór dúinn éisteacht le mná óga Leitir Mhóir, le Mná óga Chonamara, le Mná óga na Gaeltachta. Mar a dearfadh an té a dúirt fadó. "Éist! Caithfear éisteacht!"

9.8.10

Deireadh le hIascaireacht?

Agus mé ag breathnú ar an stuif go léir faoin mBórd Snip Nua agus Bórd Snip Nua II atá foilsithe ag Guth na Gaeltachta thug mé faoi deara go bhfuil dhá Roinn atá thíos ag bun an liosta. Ar bun ar fad ar ndóigh tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus 71% ciorraithe molta.

Ach tá an Roinn Talamhaíochta, Iascaigh agus Bia beagnach chomh dona leis ag 61%. Ní gá a rá an tionchair a bheidh ag an gearadh síar gear seo ar tionscal na hiascaireachta ar na ceantair iascaireachta ar barr ar na trioblóidí atá air leis na srianta atá á chur ar ár n-iascairí ag an Aontas Eorpach.

Is léir leis na moltaí seo, má chuirtear i bhfeidhm iad, go mbeidh pobal chósta na hÉireann agus pobal na n-oileáin ag íoch go daor as seo, go mór mór pobal na Gaeltachta i dTír Chonaill, Chonnachta, Chiarraí, Corcaigh agus Pórt Lairge.

Seo an ciorraithe atá molta, roinn ar roinn: