Glaoghamar ar an leictreoir agus deimhnigh seisiin go raibh gá le comhla nua a fháil. Ní an comhla ina iomláine ach an píosa aibhléiseach ar a bharr - an gníomhróir comhla.
Ghlac mé grianghraf de ar mo fhón agus ar aghaidh liom chuig an siopa áitiúil chrua-earraí - Tí Nioclás (B)* ag Casla.
Thaispeán mé an pictiúr do té ag an gcúntar ansin. D'aimsíodh ar an ríomhaire ach ní raibh fhios go díreach cén cheann a bhí uaim. Tháinig duine eile agus bhí fhios aige cén cineál rud a bhí uaim.
"Bhfuil an rud ar fad uait?" Se sin an gníomhróir féin agus an comhla. Mhínigh mé cad a bhí uainn , an gníomróir, an píosa ar bharr."Níl uait ach an cloigeann?" a dúirt sé.
"Díreach é!" a dúirt mé féin. "Is maith liom an tearma sin uait!"
Cheannaigh mé é agus tháinig an leictreoir chugainn agus ceangal sé an ceann nua istigh sa chóras arís agus bhí linn!
Nach fearr an tearma "cloigeann" ná "gníomhróir comhla"?
*(B)=Suíomh i mBéarla amháin!