An deireadh seachtaine seo chugainn a bheas an fhéile chultúrtha, Oireachtas Chois Fharraige 2016, ar siúl agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an Domhnach, 25 Meán Fómhair. Thart ar Indreabhán agus An Spidéal a bheas formhór na n-imeachtaí ar bun. Ar an gclár tá meascán de Cheol, Amhránaíocht, Damhsa ar an Sean-Nós, Drámaíocht agus Amhránaíocht.
Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17/18 Meán Fómhair, léireofar in Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) don chéad uair ‘Éirí Amach Chois Fharraige’, seó ilmheánach atá scríofa go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain le comóradh a dhéanamh ar Chois Fharraige agus 1916, agus chomh maith leis sin, le ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin i 1966 agus ar an méid a baineadh amach ó shin.
Tuilleadh Eolais agus an Clár Iomlán Anseo.
Tá bileogaí leis an gclár iomlán ar fáil anois le piocadh suas i siopaí agus áiteanna poiblí i nGaeltacht Chonamara nó tré scéal a chur ag comoradh40@gmail.com, nó téacs ag 083 8649519. Agus is féidir an clár iomlán a íoslódail mar PDF Anseo.
Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé thart ar €25,000 é a chur ar bun. Tá urraíocht flaithiúil fáighte ó Chomhar Creidmheasa Cholmcille aríst i mbliana, chomh maith le roinnt ó Údarás na Gaeltachta, ó TG4, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus tá beagán le tíocht ó Ealaín na Gaeltachta.
Aisteach go leor, dhiúltaigh Oireachtas na Gaeilge aon urraíocht a chur ar fáil i mbliana, cé go bhfuil sé mar chúram ar an eagraíocht (faoin leagan amach nua ar na heagraíochtaí Gaeilge) a bheith ag tacú le féilte cultúrtha den chineál seo. Is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine atá an coiste.
Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid don deireadh seachtaine a cheannacht roimhré, ar an bpraghas €25. Tá na ticéid ar fáil ó oifigí an Chomhar Creidmheasa ar an gCnoc agus ar an gCeathrú Rua, ó oifig Chomharchumann Sailearna sa tSeanscoil agus ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil. Is maith an luach airgid na ticéid chéanna mar go dtabharfaidh sé cead isteach saor in aisce do na himeachtaí uilig ar an gclár.