18.9.17

Áit dúchais Choilm Cille!

(ár dturas ó thuaidh ar lean!)
Thug mé faoi deara san ionad turasoireachta ag Gleann Bheathaigh go raibh ionad bhreithe Choilm Cille sa pháirc náisiúnta. Siúlóid cuíosach fada a bheadh ann ach (buíochas le Dia) bhí bealach eile le tiomáint ann.

Snoíodóireacht ar an gcrois!
Is ceart go mbeadh meas mór ag na Gael ar an bhfear seo. Bhí sé mar inspioráid ag an bPiarsach agus spreag sé é nuair a dúirt sé, "..má faighim bás is ón grá as cuimse atá agam do na Gaeil.." Bhí suim i gcónaí sa naomh seo mar bhí sé mar éarlamh san áit a raibh cónaí i mBaile Lochlainn agus anois tá cónaí orain in aice le Bád agus Toibreacha Cholm Cille. Tá séipéal an pharóiste seo aimnithe ina dhiaidh chomh maith. Tá fuinneoig mór den naomh ann a scríobh mé faoi ceithre bliain ó shin agus tá nascanna ann le cuid de na scéalta agus nósanna thár timpeal a lá (9 Meitheamh)

Áit ciúin as an mbealach atá i nGartán agus tá an áit inar rugadh Colm Cille iargúalta go leor cé go bhfuil na comharthaí boithre go maith. Tá loch ann ach thosaigh sé ag báisteach agus muid ann agus níor éirigh liom mórán pictiúirí a fhail. Tá fógra beag i nGaeilge agus Béarla ann agus greanta air tá na focail:

"Anseo a rugadh 
Colm Cille
521-597
Mac le Féilimidhe agus Eithne
Ríthaighlaigh Ailigh agus Laighean
Mac Mic Chonaill Chulban
Bunaitheoir (?) Ord Mhanach Cholm Cille
In Éirinn agus in Albain"
Tógadh cros mór ar an suíomh ag úinéar Ghleann Bheatha ag tús an feichiú aois agus tá sé ann fós.

Tá paidir deas ag an Ath Diarmuid Ó Laoghaire ina a leabharán "Ár bPaidreacha Dúchais" gur fiú éisteach leis:

"A Naomh Colm Cille, Guigh go grod is go baileach is go dúthrachtach; guigh aduaidh agus aneas; guigh anoir is aniar; guigh anuas agus thuas, abhus agus thall; guigh ar an ais is ar aghaidh, chugat agus uait agus go lá brátha."

Níl ann ach Áiméan mar fhreagra ar sin.

15.9.17

Gleann Bheatha.

(ár dturas ó thuaidh ar lean!) 
Agus muid ó thuaidh thugamar cuairt ar Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Bhíomar ann go déanach sa lá an chéad uair a bhíomar ann dhá bhliain ó shin ach bhí sé ró dhéanach mórán a fheiscint. An uair seo chuamar ann luath go leor le níos mó a fheiscint.

Tá sé timpeal leath uair a chloig ó Ghaoth Dobhair ar bhóthar atá an deas ann féin tré cheantair tá an uaigneach agus fiáin, chuir sé fásach i ndeisceart California dom ach é a bheith níos fuaire agus níos glaise! Ansin d'athraigh an timpeallacht agus muid ag tiomáin anuas ón macaire árd agus bhí sceacha agus crainn ann arís. Ansin tobann go leor bhí an geata istig go dtí an páirc náisiúnta.

Tá carr chlós mór ann agus bhí slua ann romhainn. Siúlamar go dtí an ionad na gcuairteoirí. Tá an-chuid eolas faoin áit ansin. Is cuimhin liom nuiar a chéad bronnadh an áit ar an stáit agus nár chuala mé trácht ar an áit cheana. Cheap nach mbeadh mórán seachas portach nó dhó sa cheantair. Ach ní mar sin atá sé. Tá loch mór ann, Loch Bheatha agus tailte thár timpeall air. Tá eolas ar stair na háite agus conas a tógadh an "caisleán" ann.

Chinneamar ar siúl chomh fada leis an gcaisleáin. Siúlóid 4 km atá ann agus tá rogha ag daoine bus a fháil nó siúl ann. Tá sé spéisiúl siúl ann mar léirítear go mall cad tá déanta agus atá a dhéanamh ann le caomhniú na háite. Níl an loch le feiscint ina iomláine agus tú ag tosú ar an siúl ach diadh ar ndiadh osclaítear an vista álainn go dtí cheann an ghleanna.

Tá an timpeallacht fiáin go leor go dtí go mbíonn tú níos chongaraí do caisleáin agus ansin osclaítear timpealacht eile ar fad. Tá gairdíní deasa ann nach bhfuil ró fhormálta agus nach bhfuil ró mhór. Tá cosáin iont faoi na crainnte agus tá sé an chiúin agus suimhneach.

Tá an caisleáin féin a togadh san 19ú aois ar thaobh na locha agus tá caifé istigh ann agus bia deas ann. Is féidir turas treoraithe a fháil don gcaisleán ach níor bhacamar leis san. Ar chúl an chaisleáin tá gairdín iata nó garraí timpealaithe ag fallaí a chuir íontas orainn. Tá chuile short planda, fataí, torthaí, bláthanna de gach shaghas. Bhí na cabáistí is mó dá chonaic mé riamh ann, Cabáiste Ghort a'Choirce (ainmnithe i mBéarla- féach an pic ar bharr!). Chaitheamar an chuid am istigh ansin ag breathnú ar a bhí ann. Ba léir gur limistéar oibre í an ghairdín seo.

Shiúlamar níos faide istigh sa gleann ag súil go bhfaigheadh muid radharc d'iolar atá tár éis lionnú san áit tár éis gan a bheith ann le fada. Ach faraoir ní éirigh linn (ná leis an iolar!).

Má tá tusa ó thuaidh is fiú go mór cuairt a thbhairt ar an áit álainn seo atá i bhfolach i gcroí lár Thír Chonaill. Tá suíomh ar líne acu anseo (Béarla)

9.9.17

Bád ar an dtrá!

Rinnemar cam chuairt ar thuaisceart na tíre le deanaí.


D'fhanamar dhá oíche i gCeantair Ghaoith Dobhair i dTeach Bhuin Bhig ag an gCaladh. Teach deas agus muintir an tí an deas, glan agus bricfeasta mór (más maith leat é!).

Ar an gcéad tráthnóna chuamar ag siúl ar an tráth. Tá radharc álainn má bhreathnaíonn tú soir ón dtrá i dtreo an Bhuin Bhig agus Earagail ós a cionn mar cineál garda ar an áit.

Bád Eddie!
Tá cáil ar an dtrá seo mar tá fothrach bháid bhriste, Bád Eddie, le feiscint ann ó na seachtóidí. Bhí an cuid is mó de slán go leor an uair deireannach a bhíomar anseo ach faraoir níl ag dul i bhfeabhas atá crot an fhothraigh. Níl ach taobh amháin ann ina iomláine beagnach agus tá an taobh eile mnach mór imithe agus is féidir an taobh istigh a fheiscint go soiléir. Ar ndóigh tá dainséar ann anois go mór mór do pháistí a mbeadh fonn ortha dreapadh air.

Tá caint ann len é a thógaint ón suíomg ar an dtrá agus ealaín suiteála a chuir ina áit agus tuigim san. Ach mar sin féin nach cineál ealaín atá ann cheana féin?

Bun Beag ó dtrá!