Chuir an hoopla thoir ar an dtaobh eile den Mhuir Meann turas rinne mé leis an Réalt ar Mhachynlleth na Breataine Bige sa bhliain 1969.
Sa bhliain sin bhí searmanais ann le Séarlas Windsor a infheistiú mar Prionsa na Breataine bige. Ar ndóigh bhíodar ann nár thaitn sin leo ach bhi an chuid de muintir na Breataine Bige lán sásta leis cé gur bhain an áit sin le Prionsa Breatnach, Owain Glyndŵr, sa triú aois déag. Bhí teach pairlimint aige ann sula bhfuair na Sasanaigh an lám in uachtair air. Pé scéal é bhí na bratacha amach ar na sráideanna agu pictiúirí den lead bocht sa fuinneoga.
Bhí sagart linn, An tAth Diarmuid Ó Laoghaire, Íosánach, linn agus muid ag siúl ar an bpríomh Sráid (Heol Maengwyn), dúirt sé, "Feicim an pus ceannann céanna ag breathnú amach as chuile fhuinneoig!"
Bhíomar ag dul chuig an séipéal Caitliceach le buaileadh leis an ságairt paróiste. Agus muid ag caint leis, Sasanach ar ndóigh, dúirt sé, an Sagart Paróiste, go díspeagúil, Níl fhios agam cunas ar choimead an tAth Diarmuid a bhéal dúnta!
Bhí amhrán aoir ar Séarlas mar 'Prionsa na Breataine Bige", ach ach nach raibh tada Breatnaise faoi a rá ag Dafydd Iwan, ag an am. Ar ndóigh cheanaigh mé cóip de agus tá sé againn fós - áit éigin
(Canaimís mar sin, idir sean is óg Faoi dheireadh tá ‘Prionsaí’ againn i dtír na n-amhrán)