Nuair a bhi cónaí orainn i mBaile Átha Cliath ní raibh fadhb agam taisteal ar chúrsaí ghnó ar fúd na tíre. Bhí mé ábalta chóras taisteal Iarnród Éireann a úsáid go héasca le dul chuig cathracha na tíre go heasca. Rud a rinne mé go minic, go mór mór ar an dtraen go Corcaigh. Bhí an idirlín nua go leor agus cé gur
"dial-up" a bhí á úsáid againn ag an am bhí sé iontofa go leor. Tá feabhas tagatha ar an idirlinn cinnte cé nach bhfuil sé ioncurtha leis an seirbhís i gceantracha uirbeacha.
|
Mar atá anois (Thuas) Mar a bheidh? |
D'aistríomar go Conamara timpeall 2003 agus bhí sé soiléar go raibh an díofríochta idir a dá áit. Cé go bhfuil cúrsaí athraithe beagáinín ann ó shin, tá sé fós soiléar go bhfuil eacnamaíocht agus claonadh na tíre bunaithe ar chathair amháin - Baile Átha Cliath.
Bhíodh orm dul go Corcaigh agus (mar bhí sé de nós agam) chinn me ar an dtraen a úsáid. D'fhéach mé ar an turas a eagrú agus cé nach raibh se do-dheanta ní turas simplí a bhí i gceist. I mBaile Átah Cliath téann tú chomh fada le Heuston agus téann tú ar traen a thógann tú go Corcaigh díreach. Ach i nGaillimh bhí orm dul go Cúl an tSúdaire agus fan ar thraen raen eile a fháil ansin go Port Laoise agus ansin fan ar an dtraen (ó BhÁC) go Corcaigh. Ní raibh aon bhealach eile ag an am.
Idir an dá linn, agus tár éis an-chuid stocaireachta, athbúnaíodh an traen ó Ghaillimh go Luimneach. Mar sin is féidir dul ó Gaillimh go dtí Luimneach, traen eile ó shin go Gabháil Luimní agus ansin ar thraen (Ceann BhÁC) go Corcaigh.
Tá sé ceart go leor is dócha má tá leath lá le sparáil ag an té atá ag taistil? Ach más gnó atá idir lámh agat - is ionann am agus airgead!
Anois tá 'scéim' foilsithe ag an Rialtas* leis an gcóras iarnród a fheabhsú le plean "Pobail a chur ar an mbóthar do Ré Nua Iarnróid" i measc na haidhmeanna maightear go mbeadh 700,000 duine sa bhreis ina gcónaí laistigh de 5km de stáisiún traenach.
Ach cá mbeadh siad ag dul meas tú?
Is ar nascanna le Bhaile Átha Cliath atá an béim. Níl ach líne amháin (nó b'fhéidir dhá cheann (Béal Feiriste & Doire?) a ceangailíonn dhá chathair go díreach. Agus ní athróidh an plean mór nua chúrsaí ach an oiread.
Ní féidir dul go díreach ó Corcaigh go Luimneach nó Port Lairge. Ní féidir dul ó Gaillimh go Sligeach. Agus ní féidir dul ó Sligeach go díreach go Doire.
Deireann "siad", na saineolaithe, nach bhfuil éileamh ann. Dúradar sin faoin líne ó Gaillimh go Luimneach. Dúradar sin faoi Aerphhort Cnoc Mhuire1 .
Tá Baile Átha Cliath an mhór - ró-mhór deirtear - agus tá na saineolaithe ag obair ar chóras a méadódh dhaonra na Cathrach sin. Nach méadódh línte díreach idir na cathracha "cúaigeacha" cumarsáid, gnó, tionscalíocht & trádáil, saol shoisialta agus cá bfhios cad éile?
* Súil eile: Is fiú alt Chathail Mhic Choille a léamh ar an "straitéis" seo ar Thuairisc chomh maith:"Is tábhachtaí ná aisling iarnróid uile-Éireann na roghanna práinneacha iompair is gá a dhéanamh."
1 Nach ndeireann siad an rud céanna go mionn minic faoi sheirbhís ón a sholáthar sa Teanga Náisiúnta?