Tá an talamh báite leis an uisce. Tá garraí cuíosach mór ar chúl an tí sagainne. Nuair a bhíonn báisteach trom ann téann an cuid is ísle de faoin uisce. Braitheann sé ar ché chomh trom is atá an báisteach.
Bhí sé an throm i rith na coicíse seo caite agus mar sin tá beagnach leath de ngarraí faoi uisce. Anois is arís tagann cuairteoirí chun trial a bhaint as an lochán nua seo. Seacht mbliain ó shin tháinig Éigrit bán ar chuairt chugainn.
An tráth seo is lacha dubh agus bán atá ann. Tá sé ag snámh agus á bheathú féin le pé stuif atá sa bhféar faoin uisce. Seans gur lacha bhadánach atá ann ach níl mé ró chinnte. Tá mé beagnach cinnte nach mallard atá ann. Níl an pictiúir ró mhaith mar is trén bhfuinneog a tógadh é - bhí sé fós ag báisteach.
Má tá tusa cinnte céard ann tá ann abair liom.
Pé scéal é ghlaoghamar Daithí air! Má tá tú ag aois áirithe tuigfidh tú cén fáth!
15.2.20
Deireadh le sobaldrama an tsaoil?
Tá club leabhar i gCois Fharraige a thagann le chéile i dTigh Mholly in Indreabhán go rialta. Freastalaím ann ó am go chéile agus de gnáth bíonn plé ar leabhar faoi leith ag na cruinnithe. Is mór an cabhair léitheoireachta a leithéid de theacht le chéile don té atá beagáinín leisciúil sna cúrsaí sin.
Fógraíodh go mbeidh leabhar nua Mhichíl Uí Chonghaile, "Sa Teach seo Anocht"* á phlé ag an gcruinniú Fheabhrach. Cheannaigh mé cóip de istigh i Charlie Byrnes i nGaillimh.
Leabhar ghearr atá ann gan ach timpeall is céad leathannach ann. Caibidil an ghearr ann chomh maith. An chéad rud a thug mé faoi ndeara ná chomh shimplí is a bhí sé le léamh. Sílim gur comhartha mháistreachta teanga é sin mar níl sé éasca scríobh mar sin. Tá nós ag an chuid a bheith fadálach agus leadaránach agus muid ag scríobh nó ag caint (éist lenár bpolaiteoirí sa Dáil...nó taobh amuigh de!).
Maidir leis an scéal féin - más scéal atá ann - árdaíodh an chuid ceisteanna. Smaointe fear atá ag fágaíl tí a mhuintire atá ann, stair an tí féin, breathnú siar ar a shaol lena bhean agus a chlann. A chuid smaointe ar conas gur féidir leis scaradh uatha. Ar bhealach níl muid ró chinte cén fáth ar chén fáth ar tháinig sé ar an gcinneadh seo seachas b'fhéidir "mallacht an routine."
Seo mír deas ag léiriú é seo
"...na seafóideacha leadaránacha laethiúla ar aghaidh is ar aghaidh lá i ndiaidh lae: na beilte dó nó trí huaire sa ló, feoil nó iasc, fataí nó pasta? Níochan soithí is éadach, is a dtriomú. Glanadh an tí. Na sobaldramaí leanúnacha nach mbíonn aon deireadh ló..." Is minic a smaoinigh mé fhéin ar bhrú an ghnáthaimh - tuige atá an saol mar sin? (Nach bhfuil úrscéal foilsithe ag file cúirte Shasana leis an ainm ODTAA?1)
Leanann sé ag cíoradh "eachtraí" á shaol go ghruama go dtí deireadh an leabhair. Ach ar deireadh bhuaileann muid lena bhean agus ar bhealach tuigeann muid ché chomh leithleach is atá sé. Faoin galar dúbhach b'fhéidir. "Mo ghloine in mo lámh agam, mé báite i mboige na cathaoireach. Tuirseach."
Ag an gcrinniú i dTígh Mholly bhí smaointe éagsúla ann faoin leabhair ar ndóigh. Duine amháin a cheap go raibh an scéal iompaithe i dtreo eile ar fad ag an abairt deireannach sa leabhair. B'fhéidir go dtiochfadh leabhar eile as?
Molaim an leabhair seo a léamh len a fháil amach cad a bhí i gceist aige.
Nóta: Tá an pictiúr ar an gclúdach ag Rebecca Vincent (Béarla), ealaíontóir lonnaithe i Northumberland in oirthuaisceart Shasana.
* Sa Teach Seo Anocht - Micheál Ó Conghaile; Cló Iarchonnacht ISBN-978-1-78444-196-8
1 ODTAA.
@CloIarChonnacht @printreb
Subscribe to:
Posts (Atom)