Tá sé ag teacht - an Nollaig! Agus seo a thárla nuair a thug scata páiistí cuair réamh-Nollag ar ceann de na h-ionaid siopadóireachta is mó sa tír. Is scannán eile é ó stábla TG Lurgan é.
Comhthionscadal le foireann na Gaeilge, Coláiste Rath Tó agus Scoil Neasáin. Bhí cupla la brea acu i mBAC ag taifead an amhráin seo agus ag spraoi amuigh ag an Ionad Siopadóireachta Liffey Valley.
Tá na focail go léir le fáil má fhéacann tú ar YouTube é.
Bainnaigí taitneamh as!
Nó, mar a dúirt an ceann eile, seo píosa eile ó Rang Shóisearach i mBaile na Manach in aice le Dún Laoghaire le muid a ullmhú don lá mór.
15.12.14
11.12.14
Damhsa sa Phoítín Stil
Tá Céilí á eagrú sa bPoitín Stil ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Satharn seo - 13ú lá Nollaig 2014.
D'éirigh thár barr le Chomóradh 40 Bliain Oireachtas Chois Fharraige breis is dhá mhí ó shin (tá muid ag fás!) agus bhí céilí mar chuid de sin.
Tá Matt Cunningham (Béarla) ag teacht lenár gcos ag chuir "ag tapáil!" Agus tá Máirtín Jamsie le muid a gríosadh amach ar an úrlár...
Más maith leat Fallaí Luimní, Ionsaí na hInse, An Cíp, Port Ochtar, an Cor Seisear Déag nó fiú an sean-waltx féin bí ann agus bain sult as.
2.12.14
Seosamh & Prionnsias ar aon intinn!
Seanmóirí Aindiachta i gCill Chiaráin
Is cuimhin liom ag deireadh Comhairle na Vatacáine go raibh mothúcháin i measc na neaspag ann go raibh dearmad déanta ag an-chuid againn ar na boicht. Is cuimhin liom gur diúltaigh an Pápa Pól VI (Beannaithe le déanaí) don tiara, coróin speisialta, a cuireadh ar a cheann nuair a thoghadh é, mar chomhartha dá dhiúltú chumhachta dhaona.
Idir an dá linn, ón gcaoga bhliain ó thárla deireadh leis an gComhairle tá athrú beaga agus móra tár éis thárlúint san eaglais agus taobh amuigh de. Don duine le creideamh tá gach comhartha mar fhreagra nó léiriú ar a dúirt an Tiarna Íosa leis na hAspail, "..múinfidh seisean an uile ní daoibh, agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh, ar inis mise daoibh." (Eoin 14: 26) Is comhartha uaidh fiú nochtadh na h-uafáis a deineadh ag sagairt agus easpaig i rith na céadtha bliain mar "nuair a thiocfaidh sé, áiteoidh sé ar an saol go bhfuil an éagóir aige i dtaobh an pheaca, agus i dtaobh an chirt, agus i dtaobh an bhreithiúnais." Eoin 16:8)
Seanmóirí Cumannach!
Tá píosa ag Seosamh Ó Cúaig i gComhair na Samhna, agus tá smaointe díreach ón Tiomna Nua á roinnt linn. Is cosúil gur iarr Sagart Paróiste in a cheantair féin air a chuid tuairimí a roinnt le Pobal Dé i séipéal Chill Chiaráin. Ní h-é Seosamh Ó Cuaig an chéad duine a roghnófa mar dhuine le seanmóin a thabhairt i séipéal Caitliceach! Smaoineófá ar dhuine "dhílis" don eaglais, Críostaí "aitheanta." Lúann eagarthóir na h-irise Seosamh mar "Aindiachtaí agus Cumannach" agus b'fhéidir go bhfuil sé sin fíor. Breathann sé cén brí atá agat ar na téarmaí áirithe sin.
Mar sin féin ba smaoineamh fáidhiúil é ag an sagart paróiste Seosamh a roghnú don obair seo. Ar aon nós chuir sé ag smaoineamh an scríobhnóir seo!
Nocht sé tuairimí díreach ón scriptiúir, ó Ghníomhartha na nAspal, ina dtugann Naomh Lúcás, an scríobhnóir, cúr síos ar na céad Chríostaithe ina dhiaidh imeachtaí Dhomhnach Cincíse. Thóg sé an píosa seo:
"Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.
Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá...." (Gníomh 5: 32-5).
Tá píosa eile ag Lúcás roimhe sin a léiríonn an rud céanna agus b'fhéidir go dtugann sé miniú ar nó bunús leis an gcineál sin cleachtadh i measc na gCríostaí seo:
"Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile lemóráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe." (Gníomh 2: 42-7)
Fáidh eile
Déanann Seosamh tagairt don bPápa Prionnsias mar tá comharthaí tabhachtach a thabhairt aige dúinn go léir go mór mór i gcás na mbocht, na teifeach, na daoine as obair agus na sean-daoine. Fiú i rith a thuras chuig Pairlimint na hEorpa (Samhain 2014), nach raibh mórán tagairt sna meán faoi, d'iarr sé ar na baill Pairliminte, "na nithe is fearr den Eoraip a athaimsiú". Dúirt sé, "luachanna na caoinfhulaingthe, an mheasa, an chomhionannais, na dlúthpháirtíochta agus na síochána" a chosaint agus a thabhairt ar ais. "Thar aon rud eile ní mór dínit a thabhairt ar ais don lucht oibre trí choinníollacha cearta oibre a chinntiú." De bharr na ráitisí sin agus cinn eile tá "Caitlicigh" áirithe, atá compóirdeach ina a gcuid "patuarachas," atá sásta leis an status quo, ag cúl caint faoin bPápa "Chumannach" seo agus aithníonn Seosamh é sin.
Tá an-time aige don bPápa seo ag Seosamh!
Tá sé cinnte gur réabhlóid atá sa bhfíor Críostaíocht. Dúirt naomh éigin, "Tabhair grá do Dhia agus ansin déan pé rud is mian leat!" Macall atá anseo den rud a dúirt Íosa, “Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis." Ach téinn fritéis ann leis "An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra." (Eoin 14: 23-24)
Ceacht eile.
Tharais san tá ceacht eile á thabhairt ag an bPápa agus b'fhéidir nár smaoinigh an "Seanmóirí Aindiachta" air nuair a bhí sé ag ullmhú a phíosa mhisniúil. Bhféidir nár smaoinigh sé air nó mar smaoinigh sé ar nár thuig go raibh tabhacht faoi leith leis.
Ar an lá ar toghadh Prionsias agus nuair a tháinigh sé amach lena bheannacht don slua rinne sé rud éig nach ndearna aon Phápa roimhe. Stop sé. D'fhúlaigh sé a chloigeann ag iarraidh ar an slua guíbhe ar a son, go mbeannóidh an slua é ag tús a Phápacht. Ag an neomad áirithe sin níl aon amhras ach go raibh "buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile!" Agus ó shin tá na mílte samplaí le spáint go bhfhuil sé ag claoí "go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin (Aifreann) agus leis na hurnaithe."
Comhchaidreamh
Is dóigh liom gur sin an "cumhacht" gur ceart a bheith ann taobh thiar den bhfíor Chríostaíocht. Bhí litir foilsithe ar Easpaig na hÉireann, blianta ó shin leis an ainm "Eolas ar Chríost!" Is cosúil gur aistriú ar an Bhéarla a bhí ann agus mar sin bhí sé mícheart mar ar bhealach tá difir mór idir an creidimh Chríostaí agus chuile creidimh eile. Is comhchaidreamh atá sa bhfíor Chríostaíocht agus mar sin ba cheart "Aithne ar Chríost" a bheith mar ainm ar an litir úd!
Ag an Aifreann deireannach den bhliain Eaglasta léadh é seo sa Soiscéal, agus i ndairíre sé croí na Chríostachta na focail atá ann:
"‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’" (Matha 25: 37-40)
Is comhartha ón Spiorad Naomh é nuair a deintear mí-chompórdach muid ag smaoineamh ar na rudaí sin.
Anois níl le déanamh again ach beart dá réir!
Mar a deireann an Meerkat eile, "Simples!"
Is cuimhin liom ag deireadh Comhairle na Vatacáine go raibh mothúcháin i measc na neaspag ann go raibh dearmad déanta ag an-chuid againn ar na boicht. Is cuimhin liom gur diúltaigh an Pápa Pól VI (Beannaithe le déanaí) don tiara, coróin speisialta, a cuireadh ar a cheann nuair a thoghadh é, mar chomhartha dá dhiúltú chumhachta dhaona.
1965: Pápa Pól ag diúltú dá Thiara! |
Seanmóirí Cumannach!
Tá píosa ag Seosamh Ó Cúaig i gComhair na Samhna, agus tá smaointe díreach ón Tiomna Nua á roinnt linn. Is cosúil gur iarr Sagart Paróiste in a cheantair féin air a chuid tuairimí a roinnt le Pobal Dé i séipéal Chill Chiaráin. Ní h-é Seosamh Ó Cuaig an chéad duine a roghnófa mar dhuine le seanmóin a thabhairt i séipéal Caitliceach! Smaoineófá ar dhuine "dhílis" don eaglais, Críostaí "aitheanta." Lúann eagarthóir na h-irise Seosamh mar "Aindiachtaí agus Cumannach" agus b'fhéidir go bhfuil sé sin fíor. Breathann sé cén brí atá agat ar na téarmaí áirithe sin.
Mar sin féin ba smaoineamh fáidhiúil é ag an sagart paróiste Seosamh a roghnú don obair seo. Ar aon nós chuir sé ag smaoineamh an scríobhnóir seo!
Nocht sé tuairimí díreach ón scriptiúir, ó Ghníomhartha na nAspal, ina dtugann Naomh Lúcás, an scríobhnóir, cúr síos ar na céad Chríostaithe ina dhiaidh imeachtaí Dhomhnach Cincíse. Thóg sé an píosa seo:
"Bhí buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile. Ní deireadh aon duine acu liom ná leat faoina chuid maoine mar bhí gach ní i bpáirt acu.
Bhí na haspail go lándícheallach ag tabhairt fianaise ar aiséirí Chríost agus bhí grásta Dé go fras orthu uile. Agus ní raibh duine ar bith acu ar an ngannchuid: iad siúd a raibh talamh nó tithe acu, dhíolaidís amach iad agus thugaidís suas a luach do na haspail agus roinntí amach ar chách é de réir mar bhíodh sé ina ghá...." (Gníomh 5: 32-5).
Tá píosa eile ag Lúcás roimhe sin a léiríonn an rud céanna agus b'fhéidir go dtugann sé miniú ar nó bunús leis an gcineál sin cleachtadh i measc na gCríostaí seo:
"Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.
Is iomaí míorúilt agus éacht a bhí á dhéanamh ag na haspail, rud a chuir uamhan ar chách. Bhí na creidmhigh go léir in aon bhuíon le chéile agus bhí gach ní i bpáirt acu; dhíolaidís a gcuid sealúchais agus a gcuid maoine agus roinnidís a luach ar chách de réir mar a bhíodh aon duine acu ar an gcaolchuid. Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile lemóráthas agus le sástacht chroí agus iad ag moladh Dé. Agus bhí gnaoi an phobail orthu. Agus ó lá go lá bhí an Tiarna ag cur le líon na ndaoine a bhí ar bhealach a slánaithe." (Gníomh 2: 42-7)
Fáidh eile
Déanann Seosamh tagairt don bPápa Prionnsias mar tá comharthaí tabhachtach a thabhairt aige dúinn go léir go mór mór i gcás na mbocht, na teifeach, na daoine as obair agus na sean-daoine. Fiú i rith a thuras chuig Pairlimint na hEorpa (Samhain 2014), nach raibh mórán tagairt sna meán faoi, d'iarr sé ar na baill Pairliminte, "na nithe is fearr den Eoraip a athaimsiú". Dúirt sé, "luachanna na caoinfhulaingthe, an mheasa, an chomhionannais, na dlúthpháirtíochta agus na síochána" a chosaint agus a thabhairt ar ais. "Thar aon rud eile ní mór dínit a thabhairt ar ais don lucht oibre trí choinníollacha cearta oibre a chinntiú." De bharr na ráitisí sin agus cinn eile tá "Caitlicigh" áirithe, atá compóirdeach ina a gcuid "patuarachas," atá sásta leis an status quo, ag cúl caint faoin bPápa "Chumannach" seo agus aithníonn Seosamh é sin.
Tá an-time aige don bPápa seo ag Seosamh!
Tá sé cinnte gur réabhlóid atá sa bhfíor Críostaíocht. Dúirt naomh éigin, "Tabhair grá do Dhia agus ansin déan pé rud is mian leat!" Macall atá anseo den rud a dúirt Íosa, “Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid cónaí mar aon leis." Ach téinn fritéis ann leis "An té nach mbíonn grá aige dom, ní choinníonn sé mo bhriathra." (Eoin 14: 23-24)
"Bígí ag guibhe ar mo shon" Prionnsias |
Tharais san tá ceacht eile á thabhairt ag an bPápa agus b'fhéidir nár smaoinigh an "Seanmóirí Aindiachta" air nuair a bhí sé ag ullmhú a phíosa mhisniúil. Bhféidir nár smaoinigh sé air nó mar smaoinigh sé ar nár thuig go raibh tabhacht faoi leith leis.
Ar an lá ar toghadh Prionsias agus nuair a tháinigh sé amach lena bheannacht don slua rinne sé rud éig nach ndearna aon Phápa roimhe. Stop sé. D'fhúlaigh sé a chloigeann ag iarraidh ar an slua guíbhe ar a son, go mbeannóidh an slua é ag tús a Phápacht. Ag an neomad áirithe sin níl aon amhras ach go raibh "buíon na gcreidmheach ar aon aigne agus ar aon intinn le chéile!" Agus ó shin tá na mílte samplaí le spáint go bhfhuil sé ag claoí "go daingean le teagasc na n-aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin (Aifreann) agus leis na hurnaithe."
Comhchaidreamh
Is dóigh liom gur sin an "cumhacht" gur ceart a bheith ann taobh thiar den bhfíor Chríostaíocht. Bhí litir foilsithe ar Easpaig na hÉireann, blianta ó shin leis an ainm "Eolas ar Chríost!" Is cosúil gur aistriú ar an Bhéarla a bhí ann agus mar sin bhí sé mícheart mar ar bhealach tá difir mór idir an creidimh Chríostaí agus chuile creidimh eile. Is comhchaidreamh atá sa bhfíor Chríostaíocht agus mar sin ba cheart "Aithne ar Chríost" a bheith mar ainm ar an litir úd!
Ag an Aifreann deireannach den bhliain Eaglasta léadh é seo sa Soiscéal, agus i ndairíre sé croí na Chríostachta na focail atá ann:
"‘A Thiarna, cén uair a chonaiceamar thú agus ocras ort go dtabharfaimis bia duit, nó tart ort go dtabharfaimis deoch duit? Cén uair a chonaiceamar i do strainséir thú go dtabharfaimis aíocht duit, nó nocht go gcuirfimis éadach ort? Nó cén uair a chonaiceamar tinn thú, nó i bpríosún, go dtabharfaimis cuairt ort?’
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’" (Matha 25: 37-40)
Is comhartha ón Spiorad Naomh é nuair a deintear mí-chompórdach muid ag smaoineamh ar na rudaí sin.
Anois níl le déanamh again ach beart dá réir!
Mar a deireann an Meerkat eile, "Simples!"
Lipéid
Eaglais,
Pápa,
Seosamh Ó Cuaig
25.11.14
Thar cionn....
Pic: Ciabhán Ó Murchú |
Bhí spéis agam ann mar sé ár gceantair féin atá ann.
Bhí sé ag eitilt ós cionn na Tulaigh nuair a ghlach sé an bpictiúir. Ar dheis tá Scoil Colmcille na Tulaigh le feiscint agus beagáining ar chlé uaidh tá ceannceathrú TG4 ann.
Téann an bóthar siar chomh fada le cros bhóthar Bhaile na hAbhann, an áit a bhfuil an siopa áitiúil, Tigh Dick ag Muintir Uí Dhurcháin (Costcutter). Casann an príomh bóthar ó thuaidh ansin i dtreo Chasla.
Tá bóthar Bhaile na hAbhann ar chlé ón gcrosaire ar taobh Loch na Creibhinne - an loch fada ar chlé.
Tá bóthar eile, an L1200, a théann siar ón gcrosbhóthar agus ar bhóthar ar chlé uaidh sin ar an taobh eile den loch tá An Cloch Mór. Nios faide siar tá Bánrach (An Bharainn Bhán ar an léarscáil thíos) agus ansin ár mbaile féin, Caorán na gCearc, áit a bhfuil timpeall 28 tithe. Tá Loch na Lannach le feiscint leis, an áit a bhfuil an sean stáisiún gharda chosta a bhí san mír deireannach den dráma teilifíse An Bronntanas.
Níos faide ansin tá Tóin Cnoic - tá túr Martello ar sin má tá súile an-mhaith agat is féidir é a fheiscint. Tá calaphort Ros a'Mhíl (an foirgnimh bán) ansin ar dheis den gcnoc sin.
Níos faide siar fós tá leithinis an Cheathrún Rua agus Garumna, agus ansin Leitir Mhóir agus Cnoc Mordan.
Is annamh a feictear áiteacha ón spéir agus tá sé an-spéisiúl an gaol idir suíomhanna na bailte fearainn a fheiscint.
An Codú féin? Níl sé le feiscint sa pictiúir tá sé ró fhada ar chlé len é a fheiscint! Tá sé faoin bhfocal "Uirlisí" sa mapa thíos!
Lipéid
An Tulach,
Baile na hAbhann,
Caorán na gCearc,
TG4
11.11.14
Lá 'le Máirtín!
Inniú lá mór sa bhFrainc mar sé lá fhéile Mhartain atá ann. Nuair a bhí mise óg bhí sceal an fhir seo ina scéal íontach dúinn. Is cuimhin liom leis go bhfuil traidisiúin ann gur uncail Naomh Phádraig sinn fhéin é chomh maith - ach ní dóigh liom go bhfuil mórán bhunús leis an scéal sin.
Pé scéal é bhí cáil ar an naomh seo in Éirinn agus ar fud na hEorpa le fada. Anseo in gConamara feach ar an méid daoine leis an ainm Máirtín ortha. Ní i ndiaidh Mairtín de Porres ach Mairtín chathair Tours atá siad ainmnithe. Inné roinneadh píosa a scríobh cailín óg as an scoil áitiúil anseo, Scoil Cholmcille ag an Tulach. Scríobh Áine Ní Fhágharta "Oídhche Fhéile Mártain" sa bhliain 1954.
Tá scéal againn go léir is dócha. Saighdiúir a bhí ann agus bhuil sé le fear gan mórán seachas éadaí gioballach strachtha air. Thóg sé a claoímh amach agus gearr sé a fhallaing nó a chlócha féin ina dhá leath agus thug don fear deirce é. Níos deanaí san oíche agus é ina choladh chonaic Máirtín an Tiarna Íosa agus a leat-chlócha air (352AD). Ba leor sin dó agus d'éirigh sé as an saighdiúracht agus chuaigh sé san eaglais agus ansin isteach i mainistir.
Níos deanaí fós deineadh ina easpag ar Tours na Fraince agus is ansin a fuair sé bás (395AD). Bhí cáil ar mar naomh agus bé ceann de na céad daoine a deineadh ina naomh gan a bheith ina mairtíreach.
Bhí cáil a naofachta ag leathnú ar fud na hEorpa agus ba ceann de na h-áiteacha is mó oilthearachta ar chomh chéim le Compostella, Canterbury angus fiú An Róimh féin tráth. Tógadh eaglais ann ina raibh a thuama agus leath a fallaing le feiscint ann. Deirtear gur ón bhfocal "capella" (fallaing beag) a tháinig an focal "Chapelle" na Fraincíse agus "Sáipéal" nó "Séipéal" againn féin.
Bhí cáil é go speisialta in Éirinn agus deirtear go raibh Aifreann speisialta in onóir Mháirtín ar Oileán Í ag Colm Cille agus tá cúntas ar a shaol mar chuid mór de Leabhair Ard Macha (9ú Aois) agus chomh maith leis sin deirtear gur iarr Naomh Colmán (Columbanus) cead guidhe ag uaigh Mháirtín agu é ar a chuid turasanna san Iodáil nuair a bhunaigh sé Mainistir Bhobbio níos deanaí san Iodáil.
Seachtain ó shin bhí muid fhéin i dTours achuamar muid chomh fada le Baisleac Naomh Mhairtín (Fraincís) atá fos ann. Tá an eaglais féin nua go leor (19ú Aois) ach tá a tuama fós faoi gradam faoin bpríomh altóir. Smaonigh muid ar na daoine go léir in Éirinn leis an ainm sin agus b'fhéidir nach raibh fhios acu áit stairiúl i saol na hÉireann leis na cianta cairbreacha!
Chuireann Áine deireadh lena píosa scríobhnóireachta leis an paidir ghearr seo:
"Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a thárrtháil is a chur ar ár leas, is go mbeirimíd beo ar Fhéil Mhártain aríst!"
Céard is féidir linn a chuir leis sin ach "Áiméan!"
Pé scéal é bhí cáil ar an naomh seo in Éirinn agus ar fud na hEorpa le fada. Anseo in gConamara feach ar an méid daoine leis an ainm Máirtín ortha. Ní i ndiaidh Mairtín de Porres ach Mairtín chathair Tours atá siad ainmnithe. Inné roinneadh píosa a scríobh cailín óg as an scoil áitiúil anseo, Scoil Cholmcille ag an Tulach. Scríobh Áine Ní Fhágharta "Oídhche Fhéile Mártain" sa bhliain 1954.
Ag bronnadh leath a chlócha! (Pic in Árdeaglais Tours) |
Níos deanaí fós deineadh ina easpag ar Tours na Fraince agus is ansin a fuair sé bás (395AD). Bhí cáil ar mar naomh agus bé ceann de na céad daoine a deineadh ina naomh gan a bheith ina mairtíreach.
Bhí cáil a naofachta ag leathnú ar fud na hEorpa agus ba ceann de na h-áiteacha is mó oilthearachta ar chomh chéim le Compostella, Canterbury angus fiú An Róimh féin tráth. Tógadh eaglais ann ina raibh a thuama agus leath a fallaing le feiscint ann. Deirtear gur ón bhfocal "capella" (fallaing beag) a tháinig an focal "Chapelle" na Fraincíse agus "Sáipéal" nó "Séipéal" againn féin.
Bhí cáil é go speisialta in Éirinn agus deirtear go raibh Aifreann speisialta in onóir Mháirtín ar Oileán Í ag Colm Cille agus tá cúntas ar a shaol mar chuid mór de Leabhair Ard Macha (9ú Aois) agus chomh maith leis sin deirtear gur iarr Naomh Colmán (Columbanus) cead guidhe ag uaigh Mháirtín agu é ar a chuid turasanna san Iodáil nuair a bhunaigh sé Mainistir Bhobbio níos deanaí san Iodáil.
Tuama Mháirtín i dTours |
Chuireann Áine deireadh lena píosa scríobhnóireachta leis an paidir ghearr seo:
"Iarraim ar Mhártan Míorbhúilteach muid a thárrtháil is a chur ar ár leas, is go mbeirimíd beo ar Fhéil Mhártain aríst!"
Céard is féidir linn a chuir leis sin ach "Áiméan!"
Lipéid
An Fhrainc,
An Tulach,
Colm Cille,
Eaglais
8.11.14
Bígí ag rocáil seachas i measc charraigreacha chrua Chonamara!
Ó scríodh an píosa seo tá geallúint eile againn ón Rialtas go mbeidh seirbhís ioncurtha le h-aon áit ar domhain againne faoi...2020....
Idir an dá linn is mar seo atá chúrsaí ag an gCaorán.
|
I rith na seachtaine seo caite bhailigh mór-uaisle idirlín an domhain ag Cruinniu Mulaigh an Ghréasáin nó an Websummit (Béarla). Dár le h-eagair fhocal an Irish Time (8 Samh'14) bhí sé cosúil le Féile Rock agus fiú an fear fhéin, Bono, i láthair lena bheannacht a thabhairt ar imeachtaí! Agus ar ndóigh Enda Kenny fhéin ann ag maoimh ar twitter "#websummit Great opp to tell Irish story to International media!" (4 Samh'14) agus "...A powerful message that Ireland is among the Internet capitals of the world." (6 Samh'14)
Bíodh acu!
Anseo, áfach, faoin dtuath, i gcroí lár Chonamara, ní féidir linn teacht ar na rudaí nua íontacha a bhí mar ábhar phlé ann de bharr gan leathan bhanda ceart, an "cearta daonna" seo, le fáil againn. Sea is féidir liomsa facebook agus twitter a úsáid an cuid is mó den am ach má tá rud éigin mar fís nó pacáiste móra a chuir i r-phoist chuig chustaiméir nó soláthraí is minic a theipeann air nó ar a laghad tógann sé an t-uafás ama.
Ag feitheamh! |
Ach anseo timpeall 20 km siar ó Bhearna tá sé thar a bheith deacair suí ag breathnú ar MTS nó Maolra féin is obair chrua ar son na cúise é, ag stopadh agus ag tosnú agus ag lódáil....
Agus ná labhair liom faoi Skype...
Tá 18% de mhuintir na tíre idir sé mbliain déag agus cúig bliain déag agus trí scór nár úsáid an idirlíon ríamh! Agus timpeall 50% idir seasca agus seachtó cúig nach raibh ar líne riamh agus gan aon amhras an cuid is mó acu ina gcónaí faoin dtuath. (Figiúirí ón bPríomh Oifig Staidrimh).
Tá Airí Rialtas ag gealúint (arís) go bhfuil siad ag obair ar an fhadhb, Pat Rabbitte an duine deireannach a mhol go mbeadh seirbhís 21ú chéad ag gach duine sa tír. Agus cá bhfuil Pat Rabbitte anois?
Ní mise é seo ach tuigim a chás - an dtuigeann Rialtas Bhaile Átha Cliath? |
• Alt i mBéarla san Irish Times (iti.ms/1ADJQkA) a spreag an píosa seo uaim!
Lipéid
Enda Kenny,
Idirlíon,
Leathan Bhanda,
Rialtas
11.10.14
Aistear ó thuaidh sa bhFomhair!
Bhí an lá go h-álainn inné.
Thugamar sciuirdín beag ó thuadh go dtí an Chlochán mar is nós dúinn ó am go h-am. Nuair atá muid sa chomharsanacht buaileann muid isteach chuig ár gcáirde, Muintir Roberts sa teach deataigh (Bearla) ag barr ché Bhun Abhann in Áille Breach. Is teach céardaí atá ansin a bhfuil cáil air ar fud na hEorpa. Cuirtear a chuid earraí bradán, ronnach agus túnaín deatach agus bradán deanta d réir nós Lochlannach - gravadlax chuig chustaiméirí ar fud na mór-roinne.
Nuair a thánamar amach ón dteach thug mé faoi deara an radharc ar na sléibhte ón gcaladh agus ghlach mé an bpictiúir thuas. Nach álainn an radharc é ag breathnú ó thuaidh ar an Beanna Beola i dtuaisceart Chonamara?
Ansin ar aghaidh linn chuig an baile agus lón deas i Mitchel's. Bhuaigh siad duais Georgina Campbell don Phroinnteach Mara is Fearr (Béarla) sa tír 2015.Bhí béile breá ansin againn, mangach mín le diúilicíní blásta. Bhí sceaimpí cloicheáin Ros a'Mhíl ag mo chompánach. Blásta!
Thiomáineamar abhaile ansin ag breathnú agus muid ag breathnú ar an íontas agus an saibhreas dúlra ar gach taobh den mbóthar go dtí gur shriochamar an baile s'againne!
Bhí an lá go h-álainn inné

2.10.14
Dhá scór bliain ón gcéad traffic jam i gCois Fharraige #OnaG74
Bhí céiliúradh thár barr anseo i gConamara, nó i gCois Fharraige i rith na seachtaine seo caite.
Bhí Seosamh Ó Cuaig agus Deasún Fennell i gCorcaigh sa bhliain 1969. Is cuimhin liom féin an gcruinniú a bhí ann idir lucht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gcathair Fhionnbarra. Bhí "teachtaireachtaí" ó Chonamara agus Corca Dhuibhne agus b'fhéidir ó cheantracha Gaeltachta eile. Chuaigh mé fhéin agus scata beag anuas ó Bhaile Átha Claith i gcarr Amhlaoibh Uí Loinsigh, beannacht Dé leis. Is cuimhin liom go maith oíche amháin i rith na deireadh seachtaine le filí Innti, amhránaíocht den scoth agus fear óg amháin a dúirt "Táim-se im choladh is ná dúistear mé!" chomh h-álainn sin nár chuala mé roimhe ná ó shin á casadh ag éinne. Ní cuimhin liom rud ar bith ó thaobh na cruinnithe féin de ach is cuimhin Seosamh féin é mar deireann sé gur ansin a luadh an smaoineamh ag Fennell gur chóir an tOireachtas a reachtail i measc na nGael ina nGaeltacht seachas i gcathair "gallda" Bhaile Átha Cliath.
Mar sin ba chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge An tOireachtas a bhogadh amach as an nGalltacht, cuireadh Oireachtas na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara).
Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
An Smaoineamh
Níos túisce i mbliaina bhí an smaoineamh ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoina Cathaoirleach Donncha Ó hÉilithe comóradh Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 á eagrú, an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, le comóradh a dhéanamh ar an neomad seo i stair na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge 1974 i nGaeltacht Chois Fharraige.
I gcuimhne ar an árdú anama a thug an t-aistriú seo léirithe mar shampla san aitheasc iontach spreagúil a thug Joe Steve Ó Neachtain ag cuir fáilte roimh na h-aíonna. Mar a dúir tsé níos daichead bhliain níos deanaí "Cuireadh cúpla focal breise le teanga na nua-ghaeilge, le linn an Oireachtais sin, mar gurbh é an chéad uair ar tháinig ‘traffic jam’ go Cois Fharraige. "
Tuairimí & Smaointe á chuir i gcríoch!
Deineadh cruinniú a ghairm ag deireadh Mí Bealtaine agus b'íontach an fhreagairt a fuarathas. Taobh istigh de acar an-ghearr bhí coiste cumhachtach éifeachtach gníomhach curtha ar bun. Tháinig tuairimí, agus beart mór smaointe éifeachtach go tiubh agus diaidh ar ndiaidh thainig crot ar an mbunsmaoineamh, dátaí, cé tá sásta a bheith páirteach sna míreanna éagsúla. An ceart cuireadh a thabhairt don politeoir seo nó siud. Céard faoin Uachtarán? An mbeadh seisean sasta teacht. (Ní raibh ceart aon imní a bheith ar éinne, mar a thárla rudaí ní raibh rud ar bith, fiú cluiche ceannais iomána, a chuirfeadh isteach ar a theacht!)
Ar an idirlín
Cuireadh suíomh idirlín ar bun. Socraíodh ar shuíomh ar facebook le cuireadh agus eolas a fhoilsiú ar líne. Bunaíodh láithreacht ar an suíomh giolcaireachta twitter leis an seoladh @OnaG74. Ceapadh haisclib #OnaG74 ionas go mbeadh gach éinne i ndán pé rud a bhí ráite faoin gcomóradh a bheith éasca a aimsiu ar an léibheann nó árdán áirithe sin.
Cabhair
Ar ndóigh bíonn urraíocht de dhith ag gach imeacht shoisialta agus gan flaithiúlacht Chomhar Creidmheasa Cholm Cille ar dtús agus Údarás na Gaeltachta ní fhéadfadh an féile a reachtáil. Ar ndóigh bhí comhluchtaí agus eagraíochtaí eile, An tOireachtas féin ina measc, lán sásta cabhair a thabhairt le hionad nó acmhainní eile a chuir ar fáil.
Clár
Foilsíodh clár ag searmanis deas i gceann ceathrú an Chomhair Creidmheasa i dtús mí Meán Fomhair. Bhí sé soiléar gur deaineadh an-chuid oibre ar an gclár a bhí lán d'h-imeachtaí. Taispeánadh gearr scannán a bhí deanta ag Bob Quinn blaiseadh de scanán a taispeánadh níos deanaí i rith na féile.
Leabhrán
Seoladh Leabhrán an Oireachtais Chois Fharraige , Comóradh an Dá Scór ós comhair slua an-mhór istigh i dTigh Ghiblin ag an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Is mar seo a labhair sé faoin obair a chéad thug an tOireachtas anoir, "Níl deireadh leis an obair sin go fóill." Leabhrán an-spéisiúl atá ann. Ní clár imeachta amháin atá ann ach bailiúchán altanna, aistí, stair, filíochta agus pictiúirí a cuirfidh go leor ar bhóithrín na smaointe agus b'fhéidir go spreagfaidh sé daoine eile chun gnímh. Má fheiceann tú cóip de is mór is fiú é a fhaíl agus é a léamh.
Tháinig an lá!
Bhí fadhb mór acu ag an Oireachtas sa bhliain 1974 agus b'shin an aimsir nuair a leagadh an pobal mór a bhí le bheith mar lár ionad don bhféile. Tháinig an Poitín Stíl isteach ar an scéal agus chuireadar foirgneamh le fáil. Ní raibh fadhb ar bith leis an aimsir i rith an chomóradh seo áfach, i ndairíre bé an Mean Fomhair is fearr ó thaobh na h-aimsire de a bhí i mbliaina againn nuair a bhailigh slua mór ag an bPoitín le leach ag an mballa a nochtadh ag comóradh an ocáid ag Pádraigh Ó Héalaí, Uachtarán an Oireachtais 2014 (Pic ar bharr). Is cosúil gur bhfuair an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta cuireadh an plaic a nochtadh ach nach raibh sé i ndán teacht ar chúis amháin nó ar chúis eile!
Ansin isteach linn le h–éisteacht le h-oráid fíordhúshlánach ó an Joe Steve céanna dúinn. Spreagfidh sé an-chuid cainte ach an spreagfidh sé gnímh? "Sílimse go bhfuil sé in am againn forfhógra nua, glan a scríobh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca."
Na mór ocáidí
D'éirigh thár barr leis an gComóradh agus dár leis an gcomhfhreagraí seo bhí trí oícheanta nach féidir a shárú. Ar an Aoine bhí omós don file, aisteoir, scríobhnóir agus saoi, Johnny Chóil Maidhc curtha i láthair ag a chomh aisteoir, Máirtín Jaimsie. Taispeánadh scannán le giotaí le Johnny ag caint faoina chuid tuairimí agus ag aithreas píosaí dá chuid scríobhnóireachta.
Thóg Rónán Mac Aodha Bhuí, atá beo i gcónaí, Cabaret Craiceailte anuas ó Thír Chonaill lena bheogacht agus spleodair a scaipeadh i measc óige Chois Fharraige. Agus ag breathnú ar na pictiúirí a cuireadh ar na meán shóisialta bhí daoine nach raibh chomh san ag baint suilt agsu craic as!
Ansin bhí coirm ceoil mór nach bhfacthas riamh (agus b'fhéidir nach bhfeicfear arís) ós comhair slua oll-mhór. B'shin Coirm Ceoil Sean Nós in onóir cuimhne Chiaráin Ó Chon Cheanainn inar chan 16 déag de phlúr na n-amhránaithe sean nós a bhuaigh Corn Sheáin Uí Riada ó 1972 i leith. Bhí ríméid ag gach éinne go raibh Uachtarán na hÉireann, Micheál Ó hUigín agus a Bhean, Sabina, i láthair ag an coirm ceoil sin. Chuir Cór Chúil Áodha, cór cáiliúil an Riadaigh, deireadh bríomhar leis an gcoirm ceoil a bhí á craoladh ag Raidío na Gaeltachta.
Mar clabhsúr le rudaí bhí coirm ceoil ar siúl ar an oíche eile le togha ceolteoirí ó Chonmara agus áiteanna nach é. Arís ní raibh síochán fágtha le suí air agus bhí spiorad íontach sa lucht féachanna ag baint taitneamh as gach nóta a seineadh nó a chanadh i rith na h-oíche.
Is féidir leis an gcoiste a d'oibrigh chomh dian san a bheith sásta gur éirigh thár barr leis an gComóradh. Súile agam go raibh codladh sámh acu tár éis toradh a gcuid saothair a chaith siad a oiread dua leis!
Agus an gcéad ceist eile? Cad a fhásfidh as amach anseo?
Seo bailiúcháin ó míreanna nuachta TG4 ar Oireachtas Chois Fharraige snaidhmthe le chéile ag TGcóa (Tiúba as Gaeilge).
Cuid den slua taobh amuigh den bPoitín Stíl ag oscailt Oireachtais Chois Fharraige
(Pic Sheáin Uí Chualáin ar twitter)
|
Nascanna Pictiúirí don cuid is mó Réamh imeachtaí Pictiúirí ón Seoladh Chláir Seoladh Leabhrán Óireachtas Chois Fharraige (An Coimisinéir Teanga) Pictiúirí Oscailt Oifigiúil Oscailt Oifigiúil (Joe Steve Ó Neachtain) Pictiúirí Pictiúirí eile Imeachtaí éagsúla An Cabaret Craiceáilte Taispeáinteas Ealaíne Agallamh le h-údar Rocky Ros Muc (pictiúirí) Omós do Johonny Chóil Mhaidhc Omós do Johnny Chóil Mhaidhc (eile) Fís'74 - cad a thárl dó? Seoladh "Colmcille i gConamara" Seoladh "Chois Fharraige le mo linnse" Coirm Ceoil Mór Shean Nóis (Uachtarán na hÉireann i láthair) Choirm Cheoil Sean-nós (eile) Seoladh "An Glanfhírinne" Coirm Cheol an Chlabhsúir Coirm Cheol an Chlabhsúir (eile)
|
Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
An Smaoineamh
Níos túisce i mbliaina bhí an smaoineamh ag Cumann Forbartha Chois Fharraige faoina Cathaoirleach Donncha Ó hÉilithe comóradh Oireachtas Chois Fharraige 1974 - 2014 á eagrú, an deireadh seachtaine deireanach de mhí Mheán Fómhair, le comóradh a dhéanamh ar an neomad seo i stair na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge 1974 i nGaeltacht Chois Fharraige.
I gcuimhne ar an árdú anama a thug an t-aistriú seo léirithe mar shampla san aitheasc iontach spreagúil a thug Joe Steve Ó Neachtain ag cuir fáilte roimh na h-aíonna. Mar a dúir tsé níos daichead bhliain níos deanaí "Cuireadh cúpla focal breise le teanga na nua-ghaeilge, le linn an Oireachtais sin, mar gurbh é an chéad uair ar tháinig ‘traffic jam’ go Cois Fharraige. "
Tuairimí & Smaointe á chuir i gcríoch!
Deineadh cruinniú a ghairm ag deireadh Mí Bealtaine agus b'íontach an fhreagairt a fuarathas. Taobh istigh de acar an-ghearr bhí coiste cumhachtach éifeachtach gníomhach curtha ar bun. Tháinig tuairimí, agus beart mór smaointe éifeachtach go tiubh agus diaidh ar ndiaidh thainig crot ar an mbunsmaoineamh, dátaí, cé tá sásta a bheith páirteach sna míreanna éagsúla. An ceart cuireadh a thabhairt don politeoir seo nó siud. Céard faoin Uachtarán? An mbeadh seisean sasta teacht. (Ní raibh ceart aon imní a bheith ar éinne, mar a thárla rudaí ní raibh rud ar bith, fiú cluiche ceannais iomána, a chuirfeadh isteach ar a theacht!)
Ar an idirlín
Cuireadh suíomh idirlín ar bun. Socraíodh ar shuíomh ar facebook le cuireadh agus eolas a fhoilsiú ar líne. Bunaíodh láithreacht ar an suíomh giolcaireachta twitter leis an seoladh @OnaG74. Ceapadh haisclib #OnaG74 ionas go mbeadh gach éinne i ndán pé rud a bhí ráite faoin gcomóradh a bheith éasca a aimsiu ar an léibheann nó árdán áirithe sin.
Cabhair
Ar ndóigh bíonn urraíocht de dhith ag gach imeacht shoisialta agus gan flaithiúlacht Chomhar Creidmheasa Cholm Cille ar dtús agus Údarás na Gaeltachta ní fhéadfadh an féile a reachtáil. Ar ndóigh bhí comhluchtaí agus eagraíochtaí eile, An tOireachtas féin ina measc, lán sásta cabhair a thabhairt le hionad nó acmhainní eile a chuir ar fáil.
Clár
Foilsíodh clár ag searmanis deas i gceann ceathrú an Chomhair Creidmheasa i dtús mí Meán Fomhair. Bhí sé soiléar gur deaineadh an-chuid oibre ar an gclár a bhí lán d'h-imeachtaí. Taispeánadh gearr scannán a bhí deanta ag Bob Quinn blaiseadh de scanán a taispeánadh níos deanaí i rith na féile.
Leabhrán
Seoladh Leabhrán an Oireachtais Chois Fharraige , Comóradh an Dá Scór ós comhair slua an-mhór istigh i dTigh Ghiblin ag an gCoimisinéir Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill. Is mar seo a labhair sé faoin obair a chéad thug an tOireachtas anoir, "Níl deireadh leis an obair sin go fóill." Leabhrán an-spéisiúl atá ann. Ní clár imeachta amháin atá ann ach bailiúchán altanna, aistí, stair, filíochta agus pictiúirí a cuirfidh go leor ar bhóithrín na smaointe agus b'fhéidir go spreagfaidh sé daoine eile chun gnímh. Má fheiceann tú cóip de is mór is fiú é a fhaíl agus é a léamh.
Leabhrán Oireachtais Chois Fharraige |
Tháinig an lá!
Bhí fadhb mór acu ag an Oireachtas sa bhliain 1974 agus b'shin an aimsir nuair a leagadh an pobal mór a bhí le bheith mar lár ionad don bhféile. Tháinig an Poitín Stíl isteach ar an scéal agus chuireadar foirgneamh le fáil. Ní raibh fadhb ar bith leis an aimsir i rith an chomóradh seo áfach, i ndairíre bé an Mean Fomhair is fearr ó thaobh na h-aimsire de a bhí i mbliaina againn nuair a bhailigh slua mór ag an bPoitín le leach ag an mballa a nochtadh ag comóradh an ocáid ag Pádraigh Ó Héalaí, Uachtarán an Oireachtais 2014 (Pic ar bharr). Is cosúil gur bhfuair an Aire Stáit i Roinn na Gaeltachta cuireadh an plaic a nochtadh ach nach raibh sé i ndán teacht ar chúis amháin nó ar chúis eile!
Ansin isteach linn le h–éisteacht le h-oráid fíordhúshlánach ó an Joe Steve céanna dúinn. Spreagfidh sé an-chuid cainte ach an spreagfidh sé gnímh? "Sílimse go bhfuil sé in am againn forfhógra nua, glan a scríobh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca."
Na mór ocáidí
D'éirigh thár barr leis an gComóradh agus dár leis an gcomhfhreagraí seo bhí trí oícheanta nach féidir a shárú. Ar an Aoine bhí omós don file, aisteoir, scríobhnóir agus saoi, Johnny Chóil Maidhc curtha i láthair ag a chomh aisteoir, Máirtín Jaimsie. Taispeánadh scannán le giotaí le Johnny ag caint faoina chuid tuairimí agus ag aithreas píosaí dá chuid scríobhnóireachta.
Thóg Rónán Mac Aodha Bhuí, atá beo i gcónaí, Cabaret Craiceailte anuas ó Thír Chonaill lena bheogacht agus spleodair a scaipeadh i measc óige Chois Fharraige. Agus ag breathnú ar na pictiúirí a cuireadh ar na meán shóisialta bhí daoine nach raibh chomh san ag baint suilt agsu craic as!
Bridín, máthair Chiaráin Uí Chon Cheanainn le hÚachtarán na hÉirinn ag an gCoirm Cheol Sean Nóis ar an Saith.
(pic Marion Ní Shuileabhán)
|
Mar clabhsúr le rudaí bhí coirm ceoil ar siúl ar an oíche eile le togha ceolteoirí ó Chonmara agus áiteanna nach é. Arís ní raibh síochán fágtha le suí air agus bhí spiorad íontach sa lucht féachanna ag baint taitneamh as gach nóta a seineadh nó a chanadh i rith na h-oíche.
Is féidir leis an gcoiste a d'oibrigh chomh dian san a bheith sásta gur éirigh thár barr leis an gComóradh. Súile agam go raibh codladh sámh acu tár éis toradh a gcuid saothair a chaith siad a oiread dua leis!
Agus an gcéad ceist eile? Cad a fhásfidh as amach anseo?
Seo bailiúcháin ó míreanna nuachta TG4 ar Oireachtas Chois Fharraige snaidhmthe le chéile ag TGcóa (Tiúba as Gaeilge).
19.9.14
Seoladh Leabhrán Oireachtas Chois Farraige!
Bhí Tigh Giblin sa Spidéal ag cur thar maoil aréir nuair a sheol Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla leabhrán ar leith atá foilsithe mar chuid d’ Oireachtas Chois Fharraige 1974 – 2014.
Sa leabhrán tá altanna éagsúla a bhaineann le Oireachtas na Gaeilge 1974, leis an sean nós chomh maith le stair áitiúil an cheantair. Chomh maith le sin tugtar sa leabhrán eolas faoi imeachtaí na féile, a bhéas ar bun an deireadh seachtaine seo chugainn.
Ina phíosa cainte ag an ocáid, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, go mba údar ceiliúrtha é Oireachtas na Gaeilge 1974 agus an méid a baineadh amach ó shin.
Dúirt sé go dtugann na hailt sa leabhrán léargas ar an speodracht a bhain le reáchtáil an OIreachtais i gceantar Chois Fharraige dhá scór bliain ó shin agus ar an misneach a bhí ag daoine seasamh lena gcearta agus go raibh Údarás na Gaeltachta, Raidió na Gaeltachta agus TG4 mar thoradh ar na síolta a cuireadh sa tréimhse sin.
"Mar phobail Ghaeltachta," dúirt sé, "Sí seachadadh na teanga ó ghlúin go glúin ceann dena dúshláin is mó atá os ár gcomhair anois agus caithfidh an stát ceannaireacht a léiriú agus a chuid féin a dhéanamh chun a chinntiú nach lagaítear an Ghaeilge sna ceantair Ghaeltachta thar mar atá sí lagaithe cheana féin!"
Dúirt sé nach bhfuil an éileamh mí réasúnach go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh stáit atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a chuireann seirbhís ar fáil sna ceantair sin. Tá an caint a thug sé le léamh anseo!
Ag glacadh buíochas leis an Roinn Ealaín, Oidhreachta is Gaeltachta, as tacaíocht a chur ar fáil don leabhrán, dúirt Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Donncha Ó hÉallaithe, go raibh sé níos tábhachtaí anois ná ariamh go mbeadh tacaíocht ar fáil le foilsiú irisí áitiúla sa Ghaeltacht, os rud é nach mbeidh aon nuachtán Gaeilge clóite ar fáil amach anseo. "Má tá deis le bheith ag pobail na Gaeilge sa Ghaeltacht ábhar tré Ghaeilge a léamh go rialta, is iad na hirisí áitiúla ar nós Biseach agus leabhrán bliantúil Iorras Aithneach, is fearr a chuirfidh an deis léitheoireachta sin ar fáil."
Tá an leabhrán, ina bhfuil 72 leathanach, ar fáil le ceannacht i siopaí ar fud Gaeltacht Chonamara ón lá inniu ar aghaidh ar phraghas €4.
Lipéid
An tOireachtas,
Cois Fharraige,
Conamara,
Gaeilge
26.8.14
Comhartha na croise!
Bhí pictiúir de cros á chur thár n-ais ar sean-eaglais Chriostaí san Iaráic cúpla lá ó shin ar facebook agus cuireadh focail Salm 122 isteach im aigne!
Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim.
Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean.
Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna,
d’fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna.
Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais, cathaoir do theaghlach Dháiví.
Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit.
Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás.
Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat.
Ar son teach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas.
Ta an méid sin smaointí istigh sna focail agus muintir Iaráic, an tSiria, an Talamh Naofa agus ceantracha eile nach iad ag fulaingt sna laethanta seo. Siad ár bráthaireacha 'sár siúracha, daoine daonna pé creideamh atá acu, atá ag fulaingt agus an fhaid is atá éinne acu ag fulaingt is cinnte go bhfuil muide ag fulaingt leo.
Mar a dúirt an Pápa le deanaí: Tá an ceart ag an duine daonna fóbartach éagórach a stopadh agus tá dualgas ar an bhfóbartach an t-olc atá á dhéanamh aige a stopadh!
Má chreideann mé gur leis an Tiarna an domhain ar fad ((Iarúsailéim sa salm!) nach ceart dom iarraidh air de ló is d'oíche "síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn?"
21.8.14
Brón ar an mbás!
Nuair a bhí mé óg bhí an dán seo le foghlaim againn ar scoil - "Caoineadh isea an dán seo!" Is dócha gur bhog sé rud éigin i mo chroí agus gur thuig mé an luach atá againn sa teanga. Ar bhealach is de bharr na rannaíochta seo atá an grá dár dteanga i mo chroí go fóill níos mó ná caoga bliain ó shin.
Ochón! a Dhonncha, mo mhíle cogarnach, fén bhfód seo sínte;
Fód an doichill ina luí ar do cholainn bhig, mo loma-sceimhle!
Dá mbeadh an codladh so i gCill na Dromad ort, nó in uaigh san Iarthar
Mo bhrón do bhogadh, cé gur mhór mo dhochar, is ní bheinn id’ dhiaidh air
Is feoite caite ‘tá na blátha scaipthe ar do leaba chaoilse
Ba bhreá iad tamall ach thréig a dtaitneamh, níl snas ná brí iontu;
Is tá an bláth ba ghile liom dár fhás ar ithir riamh ná a fhásfaidh choíche
Ag dreo sa talamh, is go deo deo, ní thiocfaidh ag cur éirí croí orm.
Och a chumannaigh! Nár mhór an scrupall é an t-uisce do do luascadh,
Is gan neart i do chuisleannaibh ná éinne i ngaire duit a thabharfadh fuarthan
Scéal nár tugadh chugam ar bhaol mo linbh ná ar dhéine a chruatain –
Ó! Is go rachainn go fonnmhar ar dhoimhin-lic Ifrinn chun tú a fhuascailt.
Is cosúil gur fear as Chiarraí* a scríobh é agus é ar deoraíocht i Springfield (Mass, SAM.) Bádh a mhac óg, dhá bhliain deag tá mé ag ceapadh, agus scríobh sé an dán seo. Sílim gur fhoilsigh an Piarsach an dá seo sa **Chlaíomh Solais sa bhliain 1906 ach chuile seans go bhfuil dul amú orm.
Pé sceal é is dán álainn é atá íontach brónach.
*Pádraig Ó hÉigeartaigh a bhí ar údar an dán seo agus tá beathfhaisnéis gearr anso scríofa ar shuíomh ainm.ie.
**Ó scríobh mé é seo sa bhliain 2014, tá alt taighde ar an dán álainn seo scríofa ag Síofra Aiken i gComhair. I bhfocal an Phiarsaigh féin: ‘An dán is deise agus is fileata san Nua-Ghaedhilg!'
EAGRÁN 2 | ALT TAIGHDE | DOI: https://doi.org/10.18669/ct.2016.01
19.8.14
Clisteacht ó Bhaile na hAbhann le feiscint ar fud na cruinne!
D’fhógair TG4 le déanaí go bhfuil trí thogra nuálach curtha i gcrích agus seolta aige a thugann straitéis dhigiteach na seirbhíse go suntasach chun cinn.
Tá Aip nua seolta aige do theilifíseán chliste agus ar fáil beo feasta ar theilifíseáin de dhéantús Samsung, Philips, Opera TV, Foxxum, Toshiba agus ar fáil ar Google TV freisin. Tá siad curtha faoi bhráid agus á meas freisin ag na mór-dhéantúsóirí eile, LG agus Panasonic.
Deir Stiúrthóir Teicniúil TG4, Neil Keaveney go léiríonn Aip nua TG4 do theilifíseáin chliste na mór-dhéantúsóirí go bhfuil an tseirbhís ag coinneáil bord ar bhord leis an nua-theicneolaíocht agus ag cinntiú go bhfuil ábhar an chainéil ar fáil don lucht féachana ar na hardáin ar fad is ansa leo.
Togra mór eile atá curtha i gcríche is ea an leagan nua-chóirithe, feabhsaithe de Sheinnteoir TG4 atá ar fáil anois ar an mbrabhsálaí ar aon ghaireas. Ba ag TG4 is túisce a bhí Seinnteoir teilifíse in Éirinn (2002) agus is í foireann TG4 féin sa gCeannáras i mBaile na hAbhann a dhear agus a chruthaigh an Seinnteoir. Cuireann an nua-chóiriú is deireanaí ar chumas an úsáideora a sheinnliosta féin a chruthú. Cor nua eile is ea go mbeidh sruth leanúnach ábhair ar fáil ón Seinnteoir feasta aon áit ar domhan (ach cuirfear ábhar malartach ar fáil in aon áit go bhfuil srianta cearta ceangailte ar TG4 a choscann ábhar áirithe a sholáthar d’úsáideoirí nach bhfuil in Éirinn).
Leagan feabhsaithe, nua-chóirithe de Aip TG4 don iPad é an tríú togra atá curtha i gcrích le gairid. Beidh seo ar fáil ón App Store le híoslódáil, saor in aisce ar fud an domhain. Cuardaigh “TG4” san App Store nó pé áit óna bhfaigheann tú Aipeanna. Cuireann an Aip nua ar chumas úsáideora iPad féachaint ar bheo-chraoladh TG4 agus ar an gcartlann clár ón Seinnteoir freisin. Seo an Aip is deireanaí ó TG4, sa mbreis ar an 7 Aip Gaeilge do pháistí (agus foghlaimeoirí) tá forbartha agus eisithe go dtí seo. Fágann seo go bhfuil TG4 ar an bhforbróir Aipeanna Gaeilge is forásaí ar fad.
Deir Stiúrthóir Aschur TG4 gur céimeanna tábhachtacha chun cinn iad na forbairtí seo ar an gconair dhigiteach. “Is ar ghairis chliste atá go leor den lucht féachana ar fud an domhain ag triall, agus ní foláir do TG4 a bheith ar fáil ar an hardáin is mó a bhfuil éileamh orthu, más áil linn bheith i lár na hiomaíochta sa ré nua dhigiteach seo. Tig le gach duine, aon áit, uair ar bith ábhar den scoth a fháil ó TG4 anois, agus táimid cinnte go mbeadh tairbhe leis na nascanna nádúrtha seo idir an teanga agus an teicneolaíocht.”

12.8.14
Clár Fhéile na bhFlaitheartach! 30-31 Lúnasa 2014
Ag comóradh Tomás agus Liam Uí Fhlaithearta!
Dé Sathairn 30 Lúnasa 2014
10.30 Fágfaidh an bád farantóireachta Ros a’ Mhíl ar a bealach go Cill Rónáin.
11.15 Sroichfidh an bád Cill Rónáin. Beidh bus ar fáil taobh amuigh den oifig turasóireachta le daoine a thabhairt go Killmurvey House (beidh costas réasúnach le n-íoc).
12.30 - 2.00 Kilmurvey House.
(Beidh tae agus caife ar fáil le ceannach.)
Osclóidh Cathaoirleach Chumann Liam agus Thomáis Uí Fhlaithearta, Seosamh Ó Cuaig, an scoil.
THE BRUTAL TRUTH, THE SLAUGHTER OF THE POOR:
Léacht i mBéarla ó Theo Dorgan, file, scríbhneoir, eagarthóir, aistritheoir, láithreoir cláracha ealaíona agus ball d’Aosdána.
Caithfidh Theo Dorgan súil ar an gCéad Chogadh Mór agus scrúdóidh sé téamaí atá i scríbhinní Liam Uí Fhlaithearta, go háirithe ina úrscéal, “The Return of the Brute”. Beidh díospóireacht ann ina dhiaidh.
2.00 Lón ar fáil i mbialanna in aice láimhe.
3.30 Bus ar fáil go dtí uaigh Thomáis Uí Fhlaithearta i gCill Éinne. (Táille le n-íoc)
4.00 Cuimhneachán ag uaigh Thomáis Uí Fhlaithearta.
• Caint ghearr ó Sheosamh Ó Cuaig.
• Léifidh Fionnghuala Ní Choncheanainn sliocht as leabhar Thomáis, "Aranmen All."
• Casfaidh Déirdre Ní Chonghaile ceol ar an veidhlín.
• Treasa Ní Mhiolláin amhrán.
8.00 Árainn ar an stáitse.
Léifidh Aisteoirí Chois Fharraige an t-aon dráma a scríobh Liam Ó Flaithearta, "Dorchadas." I Scoil Fhearann an Choirce a bheas sé sin . Beidh díospóireacht ann ina dhiaidh.
Dé Domhnaigh 31 Lúnasa
12.00. Léacht Tí Joe Mac i gCill Rónáin
Páipéar deirenach Thomáis Úi Fhlaithearta:
Léacht ó Éamon Ó Ciosáin as Ollscoil Mhaigh Nuad. Tabharfaidh Éamon cuntas ar na haltanna a scríobh Tomás sa nuachtán radacach Gaeilge “An t-Éireannach” 1934-37.
Beidh díospóireacht ann ansin faoi cheannas Sheosaimh Uí Chuaig faoin dteideal “Mícheál Ó Maoláin –ceardchumannach as Árainn.”
Déantóir scannán agus craoltóir é Seosamh Ó Cuaig.
Táille na Scoile:
€3.00 ar gach imeacht aonair,
€10,00 ar na himeachtaí ar fad;
in aisce do bhaill a bhfuil a dtáille ballraíochta reatha íoctha acu.
Fógrófar a mbeidh le n-íoc ar an gcóras iompair níos deireanaí.
Beidh lón ar fáil i mbialanna in aice láimhe.
Seolfaidh an bád farantóireachta ar ais go Gaillimh ag 5.00pm agus ag 6.30pm
Tuilleadh eolais: Seosamh Ó Cuaig 087-2194247

10.8.14
Mar a labhair Joe Steve i 1974! #OnaG74
Chun brú a chur ar Chonradh na Gaeilge é a bhogadh amach as an nGalltacht cuireadh Oireachtas Na nGael ar bun i Ros Muc i 1970, i dTír An Fhia i 1971, i gCorca Dhuibhne i 1972 agus i gCill Chiarán i 1973. D'éirigh leis an bhfeachtas agus reáchtáladh Oireachtas Na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige (Conamara). Ó shin ar aghaidh bíonn an tOireachtas ag bogadh suímh ó bhliain go bliain agus é ag dul ó neart go neart.
Bé Joe Steve Ó Neachtain a rinne aitheasc na h-oscailte ag Oireachtas na Gaeilge 1974, sa bPoitín Stil ar an Aoine, 6 Meán Fómhair 1974. Agus ar shuíomh Chumainn Forbairt Chois Fharraige tugann sé cuireadh don saol Fodhla teacht go Chois Fharraige ag comóradh na h-ocáide.
Seo mar a labhair sé ina a aitheasc oscailte sa bhliain 1974. (Is féidir éisteacht leis ar chraoladh de chuid Raidío na Gaeltachta ar an suíomh chomh maith.)
"Céad míle milliún fáilte roimh gach mac is iníon máthar agaibh as cheithre airde na tíre.
Fáilte go Cois Fharraige, go Cois Caoláire, go Cois Carraige, go cois aibhne, go cois locha, go cois sléibhe, go ceartlár na Gaeltachta, go dtí rútaí aibí na teanga Gaeilge, go dté bhur dturas chun sochair agus chun tairbhe daoibh. Go mba seacht fearr a théas bhur dturas chun tairbhe do mhuintir an cheantair seo. Beidh sibh ar feadh seachtaine i measc muintir atá cúthail, umhal agus ar bheagán onóra. Muintir atá lách, fáilteach, fial, flaithiúil agus gáireach. Seanmhuintir a d’fhulaing cruatan agus a changail cír ar bhochtanas, óg mhuintir a dhúisigh.
Scór bliain ó shin b’í an iothlainn, an tom, nó cró na mbéithígh a bhí mar leithreas ag 95% de mhuintir an cheantair seo. Ba é an buicéad nó an ceaintín a thógadh isteach uisce te agus uisce níocháin. Ba é an faocha, an báirneach, an scadán goirt, an fata agus braon leamhnachta a t-anlann ab fhairsinge. Ba í an imirce a bhí mar aidhm ag gach malrach scoile. Bhí an ceantar cosúil le monarcha mór amháin ag togáil clainnne le h-ollmharú thar sáile. An bhféadfadh duine ar bith agaibh gan a bheith bródúil as muintir a tháinig chomh fada seo chun cinn le scór bliain? Muintir a chuir deireadh le goirteanas as súl na ndeorachtaí, tré mhonarchain a éileamh agus a fháil. Muintir nach raibh sásta le geallúíntí ach a chuir uisce reatha ar fáil lena gcuid allais féin. Muintir atá anois ríméadach as a bheith ábalta an fhéile mhór seo a reáchtáil ina gcenatar féin. Muintir nach bhfuil ach ag tosnú ag borradh agus nach staonfaidh dá n-iarracht nó go mbíonn siad féin go h-iomlán ina máistrí ar a ngnóthaí.
Tá muid faoi chomaoin ag an gCumann Forbartha, tá muid faoi chomaoin ag an gComharchumann agus tá an ceantar faoi chomaoin ag lárchoiste an Oireachtais i mBleá Cliath a thug chuile chabhair agus chuile chúnamh go fonnmhar.
onagbad1aTá seachtain mhór anois romhainn, seachtain ghaelach spóirtiúl. Níl de chumhacht agam é a chur de gheasa oraibh ach cuirim parúl oraibh, coinnigh an tseachtain gaelach spóirtiúil. Le ceol nó le hól ná cloisim buille ná bagairt, sciolladh ná feannadh a bheith mar ábhar náire go brách ag ceachtar agaibh.
Sé samhail an Oireachtais seo ach crann a bhí ag fás i mBleá Cliath le leathchéad bliain. I ndeireadh na bliana seo caite, tosnaíodh ag bogadh rútaí an chrainn de réir a chéile. Ó fhréamh go fréamh is ó chraobh go craobh hardaíodh an crann ollmhór trasna na tíre. Faoi láthair tá rútaí an chrainn ag baint greim amach i nDúrabán Gaelach Chois Fharraige. Is beag an siota a leagfadh é.
Sibhse gur meas libh an Ghaeilge, sibhse gur meas libh an Ghaeltacht, sibhse gur meas libh an fhéile seo, cruinnigí timpeall an chrainn, cuirigí bhur ndroim mar thaca is spreacadh leis. Cosnaigí géagáin na mblianta agus craobha úra na bliana seo ar an gcuaifeach gallda is ar an stoirm aineolais a d’fhág is atá ag fágáil na Gaeltachta chomh cúng is atá sí…
Os ar mo chrann a tháinig leac oighre na mblianta a bhriseadh, santaím uair na hachainí. Guím dea-chomharsanacht agus fáilte chun féile, a mhuintir uile na hÉireann.
Fógraím go bhfuil an chéad mhaidhm de rabharta stairiúil Oireachtas ’74 tar éis briseadh ar Chois Fharraige."
Tá comóradh Oireachtas na Gaeilge 1974 i gCois Fharraige le bheith ar siúil 24 - 28 Meán Fomhair 2014.
Joe Steve i 1974 agus 2014 |

Comóradh,
Oireachtas
9.8.14
Dearmad agus dearmad!
Tá diospóireacht ar siúl faoi an gcomóradh atá á dhéanamh sa tír seo ar an gCogadh Mór nó Céad Cogadh Domhanda. Deireann daoine ar thaobh amháin go bhfuil an iomarca á dhéanamh de ag an Rialtas agus na Nuachtáin. Daoine eile a deireann gur dream ceilte, a bhfuil dearmad déanta ortha le fada agus gur cóir na nÉireannaigh a fhreagair glaoch John Redmond agus a fuair bás dá bharr a chomóradh.
Ar bhealach is ar mhíamharaí an t-saol a athríodh meon an phobail idir 1914 agus 1918 de bharr Éirí Amach na Chásca agus níos mó ná sin mar gheall ar an mbealach a rinne Rialtas na Ríochta Aontaithe praiseach den bua a bhí acu ar lucht an éirí-amach tré na ceannairí a cuir chun báis láithreach, go mór mór Séamus Ó Conghaile!
Ach sin stair. Deineadh dearmad ar laoich an cogaidh agus deineadh naomh de laoich an Éirí Amach. Anois tá fhios againn i bhfad níos mó faoi agus go bhfuair na mílte bás sa chogadh tragóideach sin. Ní ceart dearmad a dhéanamh ar an íobairt a rinne siad siúd ar mhacaire Fhlóndras.
Tá an airgóint spéisiúil áfach mar uaireanta feictear dom más rud fíor Ghaelach atá le comóradh ní cuimnítear air nó deintear cuimhne air ar bhealach a chuireann i bhfolach é.
Cá bhfuil Cluain Tarbh? Cá bhfuil Brían Boróimhe? |
Tá fhios againn nach raibh a thárla i gCluain Tarbh chomh simplí sin. Ní bua na nGael ar na Lochlainnaigh a bhí ann mar bhí Lochlainnaigh ar thaobh Bhriain agus Gael ar an taobh eile. Mar sin féin i gcuimhne na ndaoine anuas ón t-am sin go dtí an lá atá inniú ann, bhí an cath sin an tabhachtach agus Brian Boróimhe "Impire na nGael" go láidir ina n-aigne. Cén fáth nár éisíodh stampa á chomóradh ina thír dhuchais?
Tá tír amháin in aice linn a bhí sásta comóradh a dhéanamg ar Laoch Dhál Cháis. Ar an lá céanna agus a d'éisigh An Post na stampaí oidhreachta d'eisigh Oifig Phoist Mhannan stampa i onóir na h-ocáide le Brian feín ag gríosadh a saighdiúirí.
Deireann an oifig ansin, "The Battle of Clontarf is a key event in history that has shaped the future of Ireland and of course the Isle of Man. These stamps pay a great tribute to the memory of the battle and King Brian Boru. We are very pleased to be able to offer our collectors such an important piece of history.”
Mar focail scoir d'éisigh stampaí sa bhliain 2002 ag comóradh ríocht Bhriain "Imperator Scotorum." Ceaptar gur sa bhliain 1002 a ghlach sé cumhachta mar Árd Rí ar Éireann. B'fhéidir gur cheap An Post gur leor sin?
2002 |
Lipéid
Céad Cogadh Domhanda,
Cluain Tarbh,
Lochlanaigh,
Manainn,
Stampaí
30.7.14
"Tiontú, íoch nó bás" - rogha gan rogha!
Nach uafásach na scealta atá á gcraoladh gach oíche ar an nuacht teilifíse?
Ansin tá an cogadh atá imithe i bhfolach sa tSudáin, áit eile atá an cogadh ag cuir isteach ar an gnath dhuine. Agus fós an sceal faoi na chailiní a fuadaíodh i dtuaisceart na Nígéire, ní cloistear mórán futha ach táid fós á iarraidh. Agus ansin cearta na daoine a maríodh ar an eitilt MH17 ós cionn na hUcráine atá fos á shéanadh de bharr cogadh míthreocaireach.
Ach is beag aird atá á thabhairt sna meáin ar atá ag tarliúnt i dtuaisceart na hIaráice. Ach díaidh ar ndiaidh tá comhartha nua le feiscint ar mhacasamhail fhíorúil nó abhatár ar chuntaisí facebook nó twitter 7rl. Is litir Arábacha é a seasann don focal "Nazairéanach" nó an focal atá san Arábais don "gCriostaí!" Is cosúil go bhfuil dlí nua á chuir i bhfeidhm ag an dream nua a d'fhás amach as an cogadh sa tSiria agus anois atá imithe isteach i dtuaisceart na hIaráice - Cailifeacht Mhoslamach.
An cogadh uafásach sa Phailistín nach bhfuil seans ar bith go mbeidh bua ag aon taobh. Má múineann stair ár dtíre féin aon rud dúinn is é nach n-oibríonn comhéigean ar an gcoismhuintir, ar phobal ar bith.
(seo píosa ag iGaeilge faoi: Iosrael agus Gása: Uile loscadh na linne seo;
agus seo ón dTuairisceoir: Domhain gan Dóchas )
agus seo ón dTuairisceoir: Domhain gan Dóchas )
Ansin tá an cogadh atá imithe i bhfolach sa tSudáin, áit eile atá an cogadh ag cuir isteach ar an gnath dhuine. Agus fós an sceal faoi na chailiní a fuadaíodh i dtuaisceart na Nígéire, ní cloistear mórán futha ach táid fós á iarraidh. Agus ansin cearta na daoine a maríodh ar an eitilt MH17 ós cionn na hUcráine atá fos á shéanadh de bharr cogadh míthreocaireach.
Comharthaí an gCríostaí |
Teach i Mosul |
Tá an dlí seo dírithe ar na Chríostaithe agus tugann trí rogha dóibh. Imeacht as an áit gan aon rud a thógaint leo; an cáin, jizyah, a íoch - seo cáin a chuirtear ar éinne nach Moslamach é nó í agus tá €340 ($450) sa mhí ar an gcáin seo. Is beag duine i dtuaisceart na hIaráice le h-airgead den cineál sin aige ar ndóigh. An tríú rogha atá acu ná bás a fháil. Agus is minic gur céasaítear iad nó baintear a gcloigeann óna gcorp! Níl mórán trócaire á thaispeáint acu.
Anois tá Críostaí an domhain ag glacadh leis an litir úd mar a siombal féin ar a dhílseacht do Chríost agus mar comhartha tacaíochta le Críostaithe na ceantreacha seo. (Tuilleadh i mBéarla faoi!)
Tá na pobail Críostíochta is sine ar domhain sa cheantair seo - ón ceathrú aois agus níos sine táid ann. Cé go bhfuil an-chuid acu in gCaitliceach agus ceangailte le hEaglais na Róimhe ní Caitleachaí Rómhánach iad ach bhaineann siad le gnásaíocht eile, Caildéach, Siriach agus Airméinis mar aon le heaglaisí Ceart Creidimheach Sireach. Chuireann na h-údaráis nua an litir "N" seo ar tithe na gCríostaí ionas go n-aithnítear iad. Bhí milliún Críostaí in Iaráic, thár timpeal cathair Mosul, sular thárla ionradh Bhush ann agus anois is cosúil gur ar éigin atá 200, 000 fágtha.
Níl an pobal Moslamach i gcoiteanna ró-shásta leis seo agus seo tuairisc i La Stampa na h-Iodáile (Béarla) le déanaí faoi Moslamach cróga a bhí sást labhairt amach.
Ar ndóigh tá an naimhdeas céanna á thaispeáint do Siagh, cé gur Moslamaigh iad ach nach ionann iad agus an brainse Sunnaí atá i réim sa Chailifeacht.
Labhair an Pápa amach faoin na scéalta seo sa Meán Oirthear ar an nDomhnach beag seo (Iodáilis). "Ar an lá seo téann ar gcuid smaointe chuig trí ghéarchéim chrua, An Meán-Oirthear, an Iaráic agus An Úcráin. Iarraim oraibh a bheit liom in ár gcuid paidreacha ag iarraidh ar Dhia an eagna agus an neart is gá ar na h-údaráis conair na síochána a aimsiú tré idirphlé agus cumhacht an athmhuintearais...Ná déanfaimís dearmad go bhfuil gach rud caillte le cogadh agus nach bhfuil rud ar bith caillte le síochán."
"Fratelli e sorelle, mai la guerra! Mai la guerra! Penso soprattutto ai bambini, ai quali si toglie la speranza di una vita degna, di un futuro: bambini morti, bambini feriti, bambini mutilati, bambini orfani, bambini che hanno come giocattoli residui bellici, bambini che non sanno sorridere. Fermatevi, per favore! Ve lo chiedo con tutto il cuore. E’ l’ora di fermarsi! Fermatevi, per favore!"
Ní cogadh! Tá sé in am stopadh! Stop, len bhúr dtoil!

"Ná déanfaimís dearmad go bhfuil gach rud caillte le cogadh agus nach bhfuil rud ar bith caillte le síochán." |
Céard iad seo?
Bhfuil aon nádúraí amuigh ansin?
Ag siúl dom cúpla lá ó shin thug mé faoi dearadh na rudaí dearg ar duilleoga róis fhiáin ar thaobh an mbóthar.Bhfuil fhios ag éinne cad iad.
Táid crua go leor cé nach mbriseadh na spící do chreacann, níl siad ró-ghéar! Is cosúil go mbíonn siad beag go leor agus dearg ach ansin fásann siad agus athríonn siad go dath oráiste agus buí agus athríonn siad a gcrot.
Fuair mé freagra ó Aonghus Ó hAlmhain, (eisean a scríonn Smaointe Fánacha Aonghusa) a cheap gur cinneál ubh a bheireann an gálfhoiche ar rósanna fiáine. Bíonn imoibriú ceimiceach ar dilleog an róis agus fásann an adhaint seo ina bhfuil suas le 60 ubh ann. Dhírigh sé m'airde ar an alt seo i wikipedia Bhéarla. Mar a deirim go minic. Tá mé fós ag foghlaim! |
23.7.14
An aimsir neamhgnáthach fáistineach foirfe!
Is maith an scéalaí an aimsir agus tá an seanfhocal sin á athnuachan go laethúil anois ag
seirbhís fheabhsaithe aimsire TG4 ina bhfuil athchóiriú tarraingteach ard-ghléine (HD) ar an ábhar físe ar fad agus roinnt láithreoirí nua ar an Aimsir Láithreach a chraoltar ar an gcainéal teilifíse.
I measc na maisíochtaí atá ar fáil san athchóiriú cuimsitheach, tá:
• Dearadh nua a chuireann cruth agus cuma úr ar scéal na haimsire ar an Suíomh Gréasáin (nasc) agus ar an gcraoladh teilifíse. Foireann ghrafaicí TG4 féin (a bhfuil duaiseanna aitheantais go leor buaite aici) a dhear agus a chruthaigh seo i gcomhar leis an soláthraí seachtrach Metra Weather. I measc na bhforbairtí nua, tá fáil freisin ar an Suíomh anois, ar liosta de théarmaí aimsire Gaeilge sna príomh-chanúintí agus pictiúir ó cheamara breise atá feistithe i nGaoth Dobhair ag soláthar pictiúr na haimsire reatha ansin. Tá a leithéid ar fáil le tamall anuas ó cheamaraí TG4 atá suite i gCorca Dhuibhne agus i mBaile na hAbhann.
• Láithreoirí nua aimsire agus saibhreas na gcanúintí le cloisteáil uathu: Irial Ó Ceallaigh (an Rinn), Fiona Ní Fhlaithearta (Conamara) agus Caitlín Nic Aoidh (Tír Chonaill). Roghnaíodh an triúr seo ón slua mór iarrthóirí agus tar éis tréimhse oiliúna agus ullmhúcháin, tá siad i mbun craolta anois agus an pobal ag cur aithne orthu.
Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4: “Is maith mar a chum ár sinsir téarmaíocht chruinn fhileata Ghaeilge le cur síos ar gach gné den aimsir. Léiríonn an cnuasach focal atá curtha ar fáil againn agus an raon canúintí atá ag na láithreoirí nua aimsire, saibhreas agus éagsúlacht na Gaeilge – ach nílimid ach ina thús. Fáilteofar roimh théarmaí eile. Táimid cinnte go mbeidh fonn ar dhaoine iad a sholáthar le r-phost agus sa gcomhrá leanúnach atá bunaithe againn ar Twitter (@AimsirTG4). Tá súil againn go spreagfaidh na maisíochtaí nuálacha agus na láithreoirí breise seo aiseolas leanúnach agus go bhfeabhsóidh siad an aimsir fháistineach ó TG4.”
22.7.14
Ainm á lorg!
Tá Buachailín deas ag Yasmin...
Rugadh buachailín nua i mBaile Átha Cliath ar an nDaordaoin seo caite. Bhí an máthair, Yasmín, á iompair le dhá mhí agus scór agus tar éis na beirthe tá an beirt, máthair agus mac slántiúil.
Eilifint áiseach atá ann i agus rugadh é i mBaile Átha Cliath, san áit ar a thug muid Gáirdín na nAinmhí air nuair a bhí mise óg ach anois is zú atá ann! Tá sé ag siúl thár timpeall cheana a féin agus tá sé le dul amach lena athair, Upali, agus leis an dtréad sar i bhfad! Seans go mbeidh tú i ndán é a fheiscint ar shuíomh an zú anseo. (Béarla)
Ar ndóigh níl aon ainm ar an gcréatúirín beag go fóill. Beag a deirim ach tá sé ar chomh mheachán le duine fásta (ca 80Kg) agus méadair ar aoirde cheanna féin.
Tá comórtas á eagrú le h-ainm a thabhairt air agus duais ag an té a roghnaíonn an ainm is oiriúnaí. Ta na téarmaí agus eolas le fáil ar shuíomh facebook an Natural Facebook Company!
Ainm áiseach atá á lorg acu! Tuairim ag éinne?
Rugadh buachailín nua i mBaile Átha Cliath ar an nDaordaoin seo caite. Bhí an máthair, Yasmín, á iompair le dhá mhí agus scór agus tar éis na beirthe tá an beirt, máthair agus mac slántiúil.
Pic:Barbara Lindberg/REX
|
Ar ndóigh níl aon ainm ar an gcréatúirín beag go fóill. Beag a deirim ach tá sé ar chomh mheachán le duine fásta (ca 80Kg) agus méadair ar aoirde cheanna féin.
Tá comórtas á eagrú le h-ainm a thabhairt air agus duais ag an té a roghnaíonn an ainm is oiriúnaí. Ta na téarmaí agus eolas le fáil ar shuíomh facebook an Natural Facebook Company!
Ainm áiseach atá á lorg acu! Tuairim ag éinne?
Lipéid
Baile Átha Cliath,
Dúlra,
Zú
18.7.14
Súil eile sna státaí!
Seirbhís TG4 á chraoladh ar fúd Stataí Aontaithe Meiriceá
Tá fáil anois ar dhá uair an chloig sa tseachtain de chláracha Gaeilge TG4 ar chainéal teilifíse i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó cuireadh tús an tseachtain seo le soláthar rialta dhá uair an chloig gach Domhnach ar Today’s Ireland (Béarla), an cainéal teilifíse a chuireann ábhar ón tír seo ar fáil don phobal féachana thall.
Is cainéal de chuid MHz Networks é Today’s Ireland, atá i mbun craolta le bliain anois agus scoth an ábhair ar fáil ann ó chainéil teilifíse na hÉireann, theas agus thuaidh. Tá fáil air ar an gcóras cábla i roinnt de mhór-chathracha na Stát Aontaithe agus ar mhodhanna eile glactha freisin (sonraí thíos). Fuair an togra a bheannacht agus tacaíocht ón Taoiseach agus ó eagrais chultúrtha agus ó earnáil na meán sa tír seo agus thall.
Tá an tseirbhís ag freastal ar na milliúin i SAM ar de bhunadh Éireannach iad nó ar súim leo cultúr agus saíocht na hÉireann. Cuirfidh an fhorbairt nua seo an Ghaeilge ina láthair agus rogha samplach de scoth-chláir TG4 mar ghéarú goile dóibh. Beidh cláir chainte, nuachta agus amhrán ina measc sa gcéad chéim (sonraí sceidil thíos) agus beidh cluichí ó Chraobh TG4 i bPeil na mBan ar fáil ann freisin ó mhí Lúnasa.
Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, gur cor suntasach é seo i bhforbairt na seirbhíse. “Is maith is eol dúinn cheana féin go bhfuil na mílte sna Stáit Aontaithe ag féachaint ar aschur TG4, idir bheo agus chartlann, ar an Seinnteoir TG4 .Tá idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí ina measc sin agus tabharfaidh an soláthar samplach ar Today’s Ireland an deis dóibh cláracha a fheiceáil ar ghléas teilifíse seachas ar scáileán ríomhaire. Táimid cinnte go mbainfidh siad taitneamh agus tairbhe as agus go mbeidh siad ag iarraidh méadú ar an soláthar”.
D’fháiltigh Fred Thomas, Bunaitheoir agus Uachtarán MHz Networks USA roimh TG4 freisin.
Sceidealú Ábhar TG4 ar Today’s Ireland MHz Worldview (náisiúnta)
Comhrá – Domhnach 1PM ET
Formáid thar a bheith simplí a bhfuil ard-mholadh tuillte aige. Bíonn an duais-chraoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag comhrá le duine, Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.
Sean Nós Domhnach 1:30PM ET
Scoth na n-amhránaithe i mbun cainte agus ceoil le Síle Denvir agus iad ag trácht ar a suim sna hamhráin, na leaganacha is ansa leo agus ag seinm freisin, ar ndóigh. Tá áis nuálach bhreise ar fáil don tsraith seo mar go bhfuil na h-amhráin agus focla an leagan a chas an t-amhránaí áirithe seo ar fáil anseo ar an Suíomh.
Timpeall na Tíre Domhnach 1:30PM ET
An chuid is suimiúla agus is spreagúla de na scéalta a chraol Nuacht TG4 le seachtain anuas. Más leat méar a chur ar chuisle na hÉireann sa lá atá inniu ann, féach air seo.
Féilte - Slí an Atlantaigh
Síle Ní Bhraonáin agus a criú ar an mbóthar ó Mhálainn go Carn Uí Néid, iad ag leanacht cúrsa an bhóthair nua-bhrandáilte cois cósta agus iad ag freastal ar fhéilte, ar imeachtaí agus ag casadh le daoine agus le cócairí an cheantair.
MHz1 (i gceantar Washingto DC)
Comhrá – Domhnach 5PM ET
Sean Nós – Domhnach 5:30PM ET
Timpeall na Tíre – Domhnach 6PM ET
Féilte - Slí an Atlantaigh – Domhnach 6:30PM ET
Tá fáil anois ar dhá uair an chloig sa tseachtain de chláracha Gaeilge TG4 ar chainéal teilifíse i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó cuireadh tús an tseachtain seo le soláthar rialta dhá uair an chloig gach Domhnach ar Today’s Ireland (Béarla), an cainéal teilifíse a chuireann ábhar ón tír seo ar fáil don phobal féachana thall.
CITY/STATE STATION Broadcast Cable New York, NY WNYJ (WFME) 66 AT&T Uverse: 66, Cablevision: 15 &18, Comcast: 247, DirecTV: 66 & 900, Dish Network: 66 & 8117, Time Warner: 96, Verizon FiOS: 29 Los Angeles, CA KLCS 58.4 Chicago, IL WYCC 20.3 Comcast 272 Philadelphia, PA MiND TV (WYBE) 35.6 Stanford, CA University Cable Student Cable 182 Washington, DC MHz Networks 30.1 Comcast 271, Cox 470, RCN 30, Verizon FiOS 451 Seattle, WA KBTC 28.2 (Tacoma), 15.4 (Centralia-D),Click! Network 454 Minneapolis, MN MPS Cable Comcast 76 St. Paul, MN Neighborhood Network, Comcast 20 Denver, CO KBDI 12.3 Orlando, FL WDSC 15.3 Bright House 1153 Cleveland/Akron/ Youngstown, OH WNEO/WEAO 45.3, 49.3 Armstong 417, Masillion 85, Time Warner 369 Charlotte, NC WTVI 42.2 Time Warner 175 Nashville, TN WNPT 8.2 Comcast 241, Charter 176 Salt Lake City (UT state) UEN 9.2 Comcast 114 Warrensburg, MO KMOS 6.3 Mediacom 86 Grand Rapids/ Kalamazoo, MI WGVU/ WGVK 35.2 (Grand Rapids), 52.3 (Kalamazoo), Charter 137 Las Vegas, NV KLVX Cox 114 New Orleans, LA WLAE 32.2 Richmond, VA WCVE 23.3 Comcast 202 Athens, OH WOUB 20.3 Flint, MI WDCQ 19.1 Charter 433 Spokane/Yakima, WA KWSU/KTNW 10.1 (Spokane), 31.3 (Yakima), Time Warner 10 & 710, Comcast 18 Charleston, IL WEIU 51.2 Comcast 418, Time Warner 351, Las Cruces, NM KRWG 22.2 Plattsburgh, NY WCFE 57.2 Quad Cities, IL WQPT 24.2 Mediacom 116 Lansing, MI LCC TV Comcast 15, 31 Macon, GA WMUB 38.1 COX Channel 112 or digital 73-6, ComSouth 212, Flint 123, Reynolds 112, Suburban 15,Watson 15 Topeka, KS KTWU 11.2 Cox 671 Rochester, MN KSMQ 15.2 Charter 397 Charlottesville, VA WHTJ 41.3 Comcast 201 |
Tá an tseirbhís ag freastal ar na milliúin i SAM ar de bhunadh Éireannach iad nó ar súim leo cultúr agus saíocht na hÉireann. Cuirfidh an fhorbairt nua seo an Ghaeilge ina láthair agus rogha samplach de scoth-chláir TG4 mar ghéarú goile dóibh. Beidh cláir chainte, nuachta agus amhrán ina measc sa gcéad chéim (sonraí sceidil thíos) agus beidh cluichí ó Chraobh TG4 i bPeil na mBan ar fáil ann freisin ó mhí Lúnasa.
Deir Pádhraic Ó Ciardha, Leascheannasaí TG4, gur cor suntasach é seo i bhforbairt na seirbhíse. “Is maith is eol dúinn cheana féin go bhfuil na mílte sna Stáit Aontaithe ag féachaint ar aschur TG4, idir bheo agus chartlann, ar an Seinnteoir TG4 .Tá idir chainteoirí líofa agus fhoghlaimeoirí ina measc sin agus tabharfaidh an soláthar samplach ar Today’s Ireland an deis dóibh cláracha a fheiceáil ar ghléas teilifíse seachas ar scáileán ríomhaire. Táimid cinnte go mbainfidh siad taitneamh agus tairbhe as agus go mbeidh siad ag iarraidh méadú ar an soláthar”.
D’fháiltigh Fred Thomas, Bunaitheoir agus Uachtarán MHz Networks USA roimh TG4 freisin.
Sceidealú Ábhar TG4 ar Today’s Ireland MHz Worldview (náisiúnta)
Comhrá – Domhnach 1PM ET
Formáid thar a bheith simplí a bhfuil ard-mholadh tuillte aige. Bíonn an duais-chraoltóir Máirtín Tom Sheáinín ag comhrá le duine, Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama. Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.
Sean Nós Domhnach 1:30PM ET
Scoth na n-amhránaithe i mbun cainte agus ceoil le Síle Denvir agus iad ag trácht ar a suim sna hamhráin, na leaganacha is ansa leo agus ag seinm freisin, ar ndóigh. Tá áis nuálach bhreise ar fáil don tsraith seo mar go bhfuil na h-amhráin agus focla an leagan a chas an t-amhránaí áirithe seo ar fáil anseo ar an Suíomh.
Timpeall na Tíre Domhnach 1:30PM ET
An chuid is suimiúla agus is spreagúla de na scéalta a chraol Nuacht TG4 le seachtain anuas. Más leat méar a chur ar chuisle na hÉireann sa lá atá inniu ann, féach air seo.
Féilte - Slí an Atlantaigh
Síle Ní Bhraonáin agus a criú ar an mbóthar ó Mhálainn go Carn Uí Néid, iad ag leanacht cúrsa an bhóthair nua-bhrandáilte cois cósta agus iad ag freastal ar fhéilte, ar imeachtaí agus ag casadh le daoine agus le cócairí an cheantair.
MHz1 (i gceantar Washingto DC)
Comhrá – Domhnach 5PM ET
Sean Nós – Domhnach 5:30PM ET
Timpeall na Tíre – Domhnach 6PM ET
Féilte - Slí an Atlantaigh – Domhnach 6:30PM ET
Lipéid
Stataí Aontaithe Meiriceá (SAM),
TG4
Subscribe to:
Posts (Atom)