Is maith an t-am an Nollaig má go minic faightear leabhair nach gceannóidh tú duit fhéin agus níos minincí fós taitníonn sida leat.
Is mar seo a bhí i leabhair trom a fuair mé don Nollaig seo*. Leabhair staire leis an Ollamh
John T McGreevy, Ollscoil Notre Dame (IND USA) atá ann ar an Eaglais Caithliceach ó Réabhlóid na Fraince go dtí an lá atá inniú ann.
|
An Pápa Pius VI (Dánlann Náisiuúnta na hÉireann) |
Nuar a thárla an Reabhlóid úd bhí duine ón Uasal Aicme,
Pius VI (an Cunta Giovanni Angelo Braschi) in phápa. Bhí réimis an-fhada aige ó 1775-1799. Cáin sé an réabhlóid go láidir mar chuir se deireadh le
"an mhonarcacht, an ceann is fearr ar na rialtais ar fad!" Níos deanaí ní raibh sé sásta géilleadh don ionsaí ag
Napolean ar na Státaí an Phápa. Gabhadh é agus tógadh go dtí an bhFrainc é áit ina bhfuair sé bás.
Gabhadh a chomharba (Pius VII) chomh maith agus bhí ar siúd bheith i láthair a coranú Napolean mar Impire i bParas. Rud a bhí suimiúl domsa ná an naimhdeas i gcoinne daonlathas a bhí go láidir ag tús na treimhse agus an athrú meoin ar an ábhar sin.
Ar ndóigh chaill an Phápa (Pius IX) a chumhacht ar Státaí an Phápa sa bhliain 1870 agus glaogh sé "Priosúnaí na Vatacáine" ar féin. Is mar sin a bhí siad go dtí Conradh Latern idir Rialtas na hIodáile agus an Pápa Pius XI sa bhliain 1929.
Aisteach go leor i rith an ama sin bhí cumhact an Phápa i measc Caitlicigh ag méadú. Sa bhliain 1870 i rith Comhairle na Vatacáin a hAon, deimníodh agus fógraíodh do-earráideacht an Phápa. Ach stop ionradh Napoleon níos mó oibre ag an gcomhairle sin agus ar bhealach bhí seo á úsáid ag an gcléir sa Vatacáin lena a gcuid cumhacht a mhéadú agus a throid i gcoinne "nua-aoiseachas" go dtí deireadh Phápacht Pius X. Ach cé go raibh an coimhlint seo ar siúl idir an "Eaglais" agus "an Domhain" bhí dearcadh na heaglaise ag athrú mar a bhí an cúrsaí an tsoil ag athrú. Sa bhliain 1891 foilsíodh "Rerum Novarum" (Rudaí Nua) ag an bPapa Leo XIII ar "Cearta agus Dleachtanna Caipitil agus Saothair." Tá teagasc na hEaglaise ar an hábhair seo bunaithe nach mór ar an bhun teagasc ansin.
|
An Pápa Prionsias ag pógadh cosa Uachtarán na Súdáine Theas ar son na síochána. (2019) |
Ar bhealach nuair a fhéacann duine ar an bPápa Pius VI, den uasal aicme Iodáileach dhá chead bliain ó sin anuas go
Prionsias, mac inimirceach Iodálach tá an scéal soiléir go leor. Aimsir ag cosaint Ríthe, Uaisle agus anuas go glacadh le Rialtais tofa ag an bpobal go daonlathach.
Sa tréimhse se déannann sé scrúdú ar an ngluaiseacht misinéireachta; gluaiseachtaí polataíochta (m.s. Dómhnail Ó Conaill anseo in Éirinn); Réabhlóid in Meicsiceó; diagacht na saoirse i Meiriceá Theas agus meadú i mballraíocht na hEaglaise sa Aifric.
Sonraíonn an údar seo sruthanna athchóirithe laistigh den Eaglais chomh maith le gluaiseachtaí a chosnaíonn nósanna agus creidimh traidisiúnta. Léiríonn coimhlint le ceannairí polaitiúla agus athbheochan cháifeacht sa naoú haois déag, eispéiris an díchoilínithe tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus Dara Comhairle na Vatacáine san fhichiú haois, agus tráma na mí-úsáide gnéasach cléireachais san aonú haois is fiche conas a mhúnlaíonn reiligiún ár saol nua-aimseartha. domhan.
Ag an deireadh, tugann John McGreevy aghaidh ar na dúshláin atá roimh an bPápa Proinsias agus é ag streachailt le breis agus billiún ball den phobal reiligiúnach is mó ar domhan a aontú.
Ar ndóigh níl seo deireadh leis an scéal seo.
Tá na hathraithe fós ar siúl agus beidh....