Tá trí ainmniúchán faighte ag An Bronntanas do Ghradaim IFTA i dtaobh scripte agus aisteoirí. Ainmníodh Tom Collins/Eoin McNamee/Paul Walker don ghradam An Script Dráma is Fearr, tá Michelle Beamish ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt agus Charlotte Bradley ainmnithe don ghradam An Ban-Aisteoir is Fearr i bPáirt Taca.
An Bronntanas |
Ainmnithe freisin don ghradam ‘An Ban-Aisteoir is Fearr i bPríomhpháirt’ tá Maria Doyle Kennedy don pháirt a bhí aici i Corp + Anam; sraith coiriúlachta mór le rá a bhfuil gradaim buaite aici faoi shaol pearsanta agus gairmiúil tuairisceora coiriúlachta teilifíse.
Blood Fruit 1984 |
Tá Song of the Sea / Amhrán na Mara arna choimisiúnú ag TG4 agus Údarás Craolacháin na hÉireann ainmnithe i dhá chatagóir; An Scannán is Fearr agus An Script Scannáin is Fearr - Will Collins.
Tá sonraí beachta ar ainmniúcháin TG4 ar ghearrliosta ghradaim IFTA 2015 le fáil thíos. Is iad na Gradaim IFTA na gradaim is mó le rá sa tionscal scannán agus drámaíochta in Éirinn.
Thréaslaigh Ard-Stiúrthóir TG4, Pól Ó Gallchóir leo sin ar fad a ainmníodh do ghradaim IFTA na bliana seo thar ceann TG4. “Tá ainmniúcháin faighte ag TG4 do Ghradaim IFTA gach bliain ó tháinig muid ar aer” a deir sé. “Léiriú ann féin ar chaighdeán uathúil agus nuálaíoch TG4 a bheith ainmnithe sna catagóirí céanna le roinnt den ábhar teilifíse Béarla chomh maith is atá le fáil.”