25.5.12

Cnó léana ar an gCaorán!

Bhí me amuigh ag siúl um thráthnóna agus tháining me ar an planda seo.

Tá sé suite ar bhruach srutháin beag ar an mbóthar ó dheas ón bpríomh bothar anseo i gCaorán na gCearc. Tá mé cinnte gur Cnó Léana an t-ainm atá air. Deirtear go bhfuil sé coitianta i gcontae an Chlár agus i gConamara. Fásann sé in ithir fluich nó i riaisca. Sé Potentilla palustris an t-ainm Laidin air. Tá breis faoi i "Wildflowers of Ireland." (Béarla)

24.5.12

Teach an Phiarsaigh! Geallúint eile?

Fuair mé ráiteas ar maidin a chuir ar bhóithre na smaointe mé.

"Tá fáilte curtha ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh roimh an scéala ón Rialtas go bhfuil ionad do chuairteoirí le tógáil ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, i gCo. Na Gaillimhe." a thosnaíonn an ráiteas.

Is cuimhneach liom sé bliain ó shin - sea 2006! - d'eagraigh an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig comóradh agus agóid ag an Teach fhéin ag éileamh go gcomhlíonadh gealtannais a thug an Aire ag an am, Éamon Ó Cuív, ceithre bhliain roimhe sin (agus b'fhéidir roimhe sin arís!) go dtógfaí Ionad Oidhreachta ag an láthar sin. Is mó idir sin agus seo!
Ag Teach an Phiarsaigh, 21 Aibreán 2006, Domhnach Chasca
Anois tá geallúint eile faighte againn.


Fuair an Seanadóir Ó Clochartaigh an t-eolas tar éis dó an cheist a ardú sa Seanad. I bhfreagra ó Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley, deimhníodh go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus má théann gach rud i gceart go bhféadfadh an t-ionad mínithe a bheith tógtha in am do chomóradh Céad Bliain Éirí Amach 1916. 

‘Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir Ó Clochartaigh. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’.

Tá an togra dhá fhorbairt mar chomhfhiontar idir Roinn na Gaeltachta, An Roinn Comhshaol, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland (Béarla). Soiléiríodh go bhfuil sé ag staid réamhphleanála faoi láthair agus iarratas déanta ar chiste caipitil Fáilte Ireland chuige. Má eiríonn leis sin tá súil obair thógála a thosú i 2014 agus amscála de fiche mhí leagtha amach don fhorbairt. Tá sé beartaithe an ionad a bheith réidh le n-oscailt i 2016.

‘Bhí amhras ar chuid mhaith nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta, ach is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois. Ag comóradh na Cásca i Ros Muc i mbliana, d’iarr mé fein go dtabharfaí an togra chun cinn arís chomh tapaidh agus is féidir agus is maith an rud go bhfuil sé ar ais ar an gclár oibre. Bhí baint mhór ag pobal an cheantair agus na heagrais stáit éagsúla leis an gcoincheap don ionad agus cur chun cinn an phlean seo, a dhéanfaidh comóradh cui ar fhear a thug a shaol agus a anam ar son na hÉireann agus na rudaí a chreid sé iontú. Fear a raibh fís aige don tír a chaithfear a mhúscailt arís i gcomhthéacs ár linne’, a deireann Trevor.

Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas go €4m sa bhliain a ghiniúint , bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.

Feicimíd!

22.5.12

Ionradh i ngarraí Chonamara!

Ag tús an samhraidh tagann bláthanna go fliuirseach ar an Róslabhras (Rhododendron ponticum) atá againn so gharraí ó thuaidh.  Ní planda Éireannach í an Róslabhras ach ceann a ceann a tógadh isteach mar  phlanda ghairdín anseo san ochtú aois déag ón oirthear nó ó dheisceart na Spáinne.

Tá an bláth féin go h-álainn ach tá an plannda féin an-láidir agus fásann sé gan mórán trioblóid thar timpeall Chonamara. Ós rud é go bhfuil sé chomha láidir san, agus go bhfassann sé go héasca i mbeagnach gach chinéal ithir nó cré tá sé ag chuir isteach ar plándaí agus crainnte dúchasacha. Mar sin tá sé ar liosta de speicis ionracha na tíre. Tá sé luaite ar shuíomh Iascach Intíre Éireann (Béarla) agus is cosúil go bhfuil sé ag chuiristeach ar iascaireacht intíre. Tá sé ag chuir isteach go mór le foraois ársa Chill Áirne chomh maith.

Mar sin féin nuair atá sé faoi bhlath tá sé thar a bheith go hálainn mar a fheiceann tú ach ní mór smacht a choimeád air.

14.5.12

Missale Romanum - iniúcadh ag dul ar aghaidh!

Bhí cruinniú le déanaí sa Róimh den Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí (Iodáilis) agus bhí an Coiste Sapienti (Eagnaí) i láthair. Comhlacht comhairleach is ea an Coiste seo don Chuallacht um Dheabhóid Dhiaga agus Disciplín na Sacraimintí maidir le téacsanna liotúirgeacha sa Ghaeilge. Faoi láthair tá sé ag plé le hathbhreithniú ar an aistriúchán Gaeilge ar an Missale Romanum atá molta. B'é seo an cúigiú cruinniú den gCoiste seo. {Tá ráiteas níos iomláine ar shuíomh Árd Deoise Thuama (Béarla)}

Seo hiad baill an Choiste a bhí i láthair: Pilip Ó Buaidhe, Easpag Rath Bhoth, Breandán Ó Ceallaigh, Easpag Achadh Chonaire (Iar SP sa Spidéal), An tOllamh Padraig Ó Riain, An Dr. Caitríona Ó Dochartaigh, Brian O Donnchadha, An tAth Micheál O Loingsigh, An tAth Joseph Briody, An tAth. Anthony Ward, Fo-Rúnaí, An Mons. James O’Brien.

Bhí An Cairdinéal Antonio Canizares Llovera (Spáineach), Maor na Cuallachta,  a bhí sa cathaoir. Gabh sé buíochaa le baill an Choiste as an cabhair a thud siad don Chuallacht i rith na bliana agus iad ag iniúcadh agus ag athbreathniú ar an aistriúcháin Gaeilge atr an Missale Romanum (Leabhar Aifrinn). Bhí dócas air go bhfaigheadh an taistriú nua formheas nó cead iomlán go luath!

Moladh árd-chaighdeán an obair go dtí seo ag an gcruinniú. Rinne an Easpag Ó Buidhe tuairisc ar aistriú ar ábhar breithiúnach atá mar reamhrá sa Missale Romanum agus glacadh leis seo.

Deineadh plé ar fhéilire Eaglasta na hÉireann agus glacadh le tuairisc ón Ollamh Ó Riain.

Bhuail baill den gcoiste seo leis an bPápa féin ag gnáth fháiltiú ar an gCéadaoin (9 Bealtaine).

• Seo an ráiteas oifigiúil ón Vatacáin ar shuíomh Thuama! (15/5/2012)

7.5.12

I mo chíor thuathail....

Cad is ceart a dhéanamh? 

Rinne an Rialtas cinneadh reifreann a rith ag deireadh na míosa seo ar "Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta." 

Tá roinnt gearán agam faoin bhfeachtas. 

An fiú reifreann?
An céad rud ná an deifir atáid ag iarraidh an rud seo a chuir isteach sa bhunreacht. Níl mórán am ag an Coimisiúin Reifreann an conradh fhéin a scrúdú dúinn. An mbeidh muid fágtha leis an gconradh seo sa bhunreacht nuair nach mbeidh sé i bhfeidhm in aon cheann de na tíortha eile?

An dara rud an ainm atá á thabhairt acu ar an gConradh - An Conradh Cobhsaíochta.  Céard faoi na nithe eile. Nach bhfuil tabhacht ar bith leo siúd? 

Ach an triú rud an rud a chuireann isteach orm níos mó ná rud ar bith eile. An mbeidh an conradh seo ina dlí san Comhphobal riamh. Tá Rialtas na hÍsiltíre tar éis titim ar an gConradh chéanna. Anois tá fhios againn go bhfuil pobal na Gréige tar éis vótáil go trom i gcuinne na polasaithe céanna. Agus níos mó ná sin ar maidin tá fhios againn go bhfuil Úachtarán nua toghtha sa bhFrainc. Go bhfuil duine de phríomh ailtire na Conartha, Nicolas Sarkozy le h-imeacht. Bé cheann de na cloich is mó ar phaidrín Hollande. Mar a dúirt sé aréir:

"Le 6 mai doit être une grande date pour notre pays, un nouveau départ pour l'Europe, une nouvelle espérance pour le monde. Voilà le mandat que vous m'avez confié. Il est lourd, il est grand, il est beau..."

Mar sin is fís nua atá ag Hollande seachas an ceann a bhí ag "Merkozy." 

An mbeidh muid-ne ceangailte leis an sean-fís nó leis an "treoir nua don Eoraip, an dóchas nua don Domhain Mhóir?"