Chuir
Foras na Gaeilge deireadh le Lá Nua, Foinse, agus Gaelscéal agus is cosúil nach bhfuil siad sásta aitheantas de short ar bith a thabhairt as so amach. Tá cinntí éile do-thuigthe déanta ag an bhForas i leith chúrsaí foilsitheoireachta, deireadh le
Beo agus
Gaelport a bhí a tabhairt seirbhís den scoth le blianta.
Fágann sin nach bhfuil ac nuachtáin amháin le fáil in Éirinn, sé sin
Seachtain atá le fáil gach Céadaoin san Irish Independent ach níl sé le fáil ar líne. Is cosúil nach bhfuil an Stáit le h-aon cabhair a thabhairt d'iriseoracht clóite.
Deineadh iarracht nuachtán neamhspleach ó cabhair stáit a fhoilsiú i dTír Chonaill,
Goitse, nuachtáin áitiúil ach theip air de bharr easpa tacaíochta.
Ta nascanna de na suíomhanna nuachta ar líne atá ann anois. Thíos faoi tá liosta de na h-Irisí atá fos le fáil. Thíos faoi sin tá nascanna chuig roinnt mhaith blaganna.
Nuacht ar líne
Nascanna anseo chuig na seirbhísí nuachta ar líne atá ar fáil go bhfios dom. Má tá eolas agat-sa ar aon chean eile abir lim agus déanfaidh mé iarracht nasc a chuir anseo.
Is tairseach nuálach nuachta é Nuacht24 a chuireann seirbhís chuimsitheach ar fáil do phobal na Gaeilge, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Mar chuid dár seirbhísí nuachta tá: Scéaltaí is Déanaí An nuacht reatha – ó scéaltaí Gaeilge, náisiúnta agus idirnáisiúnta go spórt, gnó agus na healaíona – ar fáil ar líne ar bhonn laethúil.
Seirbhís nuachta ag an gcraoltóir is ea Nuacht RTÉ a tháinig ar an saol go déanach sa bhliain 2014.
Is Eagras stáit é RTÉ.
Cuireann Tuairisc.ie seirbhís nuachta Gaeilge ar fáil do phobal uile na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear. Té sé mar aidhm againn oibriú i gcónaí ar leas an phobail trí nuacht, eolas, anailís agus siamsaíocht ar ardchaighdeán a bhailiú, a fhoilsiú agus a chur sa chúrsaíocht. Thosaigh siad an seirbhís ar líne i mí Deireadh Fomhair 2014.
Tá tacaíocht á fháil don tionscnamh seo ó Fhoras na Gaeilge acu.
Is ardán ar líne é Meon Eile a thugann léargas ar leith ar an saol i gCúige Uladh, agus níos faide i gcéin, le físeáin agus scéalta rialta ar réimse leathan ábhar ó chúrsaí reatha agus spórt go ceol, imeachtaí cultúrtha agus na healaíona Gaeilge.
Tá Meon Eile á léiriú ag an chomhlacht léiriúcháin Below The Radar agus á mhaoiniú ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid NI Screen.
Is ardán neamhspleách ar chúrsaí reatha é 'An Tuairisceoir'
Is cosúil go raibh iriseoir 'An Tuairisceoir' le deireadh a chuir leis nuair a tháinigh RTÉ Nuacht agus "Tuairisc.ie" ar an saol. "Ach tar éis dom an dá sheirbhís a fheiceáil is a mheas de réir mo chumais féin, feictear domsa go bhfuil 'bearnaí ann sa mhargadh' agus go bhfuil spás ann do shuíomhanna neamhspleácha i gcónaí. Chan ionann sin agus aon locht a fháil ar an dá sheirbhís sin ach creidim go bhfuil gá le meáin ailtéarnacha i rith an ama."
Ní fhaigheann ‘An Tuairisceoir’ maoiniú de shaghas ar bith.
Is féidir fós nuacht ar shuíomhanna Gaelport agus Beo ó dúnadh iad sa bhliain 2014. Is dócha go mbeidh siad le fáil chomh fada is atá na seoltaí aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne sin le fáil.
Na hIrisí
Sí Timire an Chroí Ró-Naofa, an iris Ghaeilge is faide i gcló, ann ó 1911. Bíonn ceithre eagrán i ngach bliain. Altanna ar Intinní an Phápa agus ar ábhair suimiúla eile, filíocht, léirmheasanna agus comórtaisí.
Is iris mhíosúil í Comhar ina bpléitear litríocht agus cúrsaí reatha agus a lán eile nach iad. Is iad lucht na heagraíochta idir-ollscoile, An Comhchaidreamh, a bhunaigh an iris sa bhliain 1942 agus tá scoth scríbhneoireachta na Gaeilge ar fáil inti ó shin i leith.
Is Gaeliris chultúir agus stílbheatha é NÓS a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha.
Is mian leo chomh maith pobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh.
Is iris nuachta de chuid Comhaltas Uladh, Chonradh na Gaeilge í An tUltach a bhíodh ag fáil cabhiar ó Fhoras na Gaeilge go dtí 2014.
Iris liteartha is ea Feasta a bhunaigh Conradh na Gaeilge tríd an gcomhlacht foilsitheoireachta, Clódhanna Teoranta, i 1948. Foilsitear Feasta gach mí. |
Tá liosta cuimsitheach curtha le chéile ag
Rossa Ó Snodaigh d’irisí agus de nuachtáin na Gaeilge a cuireadh i gcló ó 1795 i leith. Tá
nasc chuige ó shuíomh An tUltach anseo.
Blaganna Spéisiúla
Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair - "Thích Nhất Hạnh". Ceadaithe faoi CC BY 2.0 via Wikimedia Commons. Ar an lá seo 11 Deireadh Fómhair, 1926, rugadh Thích Nhất Hạnh Tabhair M’Fhíorainmneacha O...
17 minutes ago
Aistear ó thuaidh sa bhFomhair! - Bhí an lá go h-álainn inné. Thugamar sciuirdín beag ó thuadh go dtí an Chlochán mar is nós dúinn ó am go h-am. Nuair atá muid sa chomharsanacht buaileann ...
2 hours ago
Purdy le dul isteach i gClochar - Cuireadh iontas ar shaol polaitiúil na Sé Chontae inniu nuair a tháinig sé chun solais go bhfuil comhfhreagraí polaitiúil de chuid an BBC, Martina Purdy in...
15 hours ago
Mí na hailse - lucht na n-eagraíochtaí - Ní miste liom an mhí seo agus an fústar is an fútráil uilig fá ailse. Ní chuireann sé isteach ná amach orm. Ach gurb é an t-aon rud amháin ... Bhí mé ag ...
23 hours ago
Tuairisc ar ‘Tuairisc’ - Tuairisc faoi dheireadh trathnóna inniu. Mura raibh sé sna sála go díreach ar sheirbhís nuachta ar líne Gaeilge RTÉ – a raibh go maith thar am é féin a bh...
1 day ago
Cad atá i ndán d'iriseoireacht na Gaeilge? - Tá athruithe suntasacha tagtha ar iriseoireacht na Gaeilge le tamall anuas. Seoladh an nuachtán úr ar líne tuairisc.ie trathnóna inné ag ócáid i mBaile Áth...
1 day ago
Tuairisc.ie ar an bhfód! - Faoi dheirieadh, tá an tseirbhís nuachta idirlín, geallta dúinn le fada, ar an bhfód; tuairisc.ie Ar an gcéad amharc, breathnaíonn sé go maith–neart scéalt...
1 day ago
Taisce nochta ag Leabhar Breac - Is cuimhin liom leabhar Stevenson a léamh agus mé i mo ghlas-stócach, níos óige fós ná laoch an scéil Jim Hawkins. Is cuimhin liom leabhair Stevenson a bh...
2 days ago
Bu chòir fós! - Labhair Anton Mac Cába le beirt Ghael in Albain faoin reifreann. Agus Reifreann an Neamhspleáchais in Albain thart, labhair mé le Gaeil i nGlaschú agus in ...
3 days ago
Cá Bhfuil na Lucharacháin Nuair atá Siad ag Teastáil Uait? - Nuair a bhí mise óg, chuala mé scéal faoi lucharacháin an ghréasaithe. Ba dheas an gréasaí, deirtear, agus ag obair go dian i gcónaí. Dáiríre, thraoch sé é...
3 days ago
Mo Chéad Seachtain i DCU - Le Cáit Ní Cheallacháin, Mac Léinn Gaeilge & Iriseoireacht, Bliain 1, Fiontar, DCU Tháinig mé go dtí an ‘Big Smoke’ le níos mó málaí i mo lámha ná ciall i ...
4 days ago
Preasráiteas ó RTÉ: Faisnéis: Spiorad an Chomhluadair - Dé Domhnaigh 19 Deireadh Fómhair ag 1.15 pm craolfar an clár faisnéise Spiorad an Chomhluadair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, faoi theaghlaigh atá ag tógáil ...
4 days ago
cúirt chluain sceach 2014 dán - Whereas, Osclaigí an doras is fáilte romhaibh isteach go 71 Páirc Gledswood croílár Chluain Sceach Sa gháirdín ar chúl tá cónaí ar scata sionnach Tigh ceolmh...
4 days ago
335. Ealaíon, Comhrá 14 - Beidh muid ag glacadh páirt i gComhrá 14, Curiarracht Dhomanda, amárach agus tá Ealaíon mar téama againn. Thuas tá pictiúr a tharraing cailín 16 d’aois as ...
5 days ago
folcadh - fothrucad Is é seo an focal Sean-Ghaeilge ar “folcadh.” Tá iontráil dó in *Sanas Cormaic*, an foclóir sanasaíochta a cuireadh le chéile ca. 900 AD. Tugan...
5 days ago
Folcadh Físeach - *Cliceáil ar iomhá ar bith le leagan níos mó a fháil* N'fheadar cad é seo. Fógra ó Uisce Éireann ag áiteamh ar dhaoine an folcadh sin a ghlacadh beag bea...
5 days ago
'S ina neach anghrách é/í an Dia Abraham - a 'sexy thing'! - I 2007 foilsíodh - as Béarla - *Emily & the Mystagogue* le Michael Ravey a bhfuil *A Journey to an Erotic Eucharist (Turas go hEocairist Anghrách) *an foth...
6 days ago
Alba: calma no stuama?- Cha bhi iad a’ fàgail slàn leis an Rìoghachd Aonaichte airson greis fhathast Thagraíos anseo cheana don drogall a bhíonn ar Éireannaigh – ar Ghaeilgeoirí g...
1 week ago
Seoladh Ár dTéarmaí Féin agus Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana / Launch of Ár dTéarmaí Féin and Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana - *An Dr Conchúr Mag Eacháin agus an tOll Ruairí Ó hUiginn *Oíche stairiúil a bhí ann Déardaoin 2 Deireadh Fómhair 2014 sa mhéid is gur seoladh ní hamháin le...
1 week ago
An Stáit Sheirbhís agus an Straitéis! #Gaeilge - Chuir an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, *Joe McHugh, T.D., *fáilte inné (30 Meán Fómhair 2014) roimh na tuarascálacha ar chur i bhfeidhm na Straitéise ...
1 week ago
Scríbhneoirí Árann – Aran Writers - Spreag blag na míosa seo caite faoi Thomás Ó Flaithearta agus Féile na bhFlaitheartach taighde breise ar scríbhneoirí Árann. Achar gairid sular bhásaigh sé...
1 week ago
Gaeilge ar an idirlíon - Scríobh mé alt i gcomhair Campus.ie atá ina Buzzfeed list i nGaeilge. Is é ‘10 ráiteas a chloiseann Gaeilgeoirí‘ an teideal atá air… Meas tú ar chuala tú a...
1 week ago
Stáisiún teilifíse ón Téaváin sa Ghaeltacht - Cén fáth go rachadh stáisiún teilífíse ón Téaváin ar cuairt chun na Gaeltachta? Canathaobh go mbeadh suim acu sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht? Cad iad na ce...
2 weeks ago
An té a bhíonn thuas, óltar deoch air agus an té a bhíonn thíos, buailtear cos air - “Is í mo thuairim mheáithe gurb é an córas cosanta a chuireadh i bhfeidhm ar son Chiarraí, an difríocht idir an dhá fhreasúra” Luaigh mé i rith na seachtai...
2 weeks ago
Ainm Eile ar Náisiúnachas - Is mó a chloistear le déanaí faoi deireadh náisiúnachais, gur bhain an coincheap sin leis an naoú haois déag ar an gcéad dul síos, go nóisean seanfhaisea...
3 weeks ago
Dún na nGall Abú! - Mar is léir, ón ngrianghraf thuas, beidh, *ahem, *madra an bhaile ag tacú le Dún na nGall, arís i mbliana, agus é ag súil go mór leis an toradh céanna a ...
3 weeks ago
Bakso tenis alias bakso telur - Dari adonan bakso pentol, pada dasarnya tidak memiliki perbedaan yang mendasar kika dibandingkan dengan aneka bakso lainnya. karena adonannya pun dibuat ju...
4 weeks ago
- *Irish Language Classes for Everyone!* *Ranganna Gaeilge do Chách!* *Ever wanted to learn the Irish Language?* *An bhfuil cúpla focal agat?* *Ar mhai...
5 weeks ago
Nuacht faoi An Gael - Ní fógraítear gach eagrán ar an mblag seo, ach tá 22 eagrán i gcló go fóill, agus bíonn siad go léir ar fáil i gcónaí. Leis sin, bíonn siad go léir ar fái...
5 weeks ago
Buanna don phobal i gcogadh na n-acmhainní - Bhí roinnt buanna móra ag pobail áitiúla sa troid in éadan úscadh breoslaí iontaise le seachtainí beaga anuas. Ar an scéal ba mhó is dócha bhí an bac a chu...
1 month ago
Brón, Díomá agus Iománaíocht. - Chun a bheith macánta, nílim ag tnúth le an post seo a scríobh. Táím ag fáilt é deacair díleáil leis an caillúint ar an Domhnach mar atá éinne eile ó Chorc...
1 month ago
Ceiríní ar Fud An Domhain - Mé ag bailiú eolais faoin leas a bhaintear agus a baineadh as an iliomad sort ceirín ó gach cearn den domhan. Sé atá i gceist agam le ‘ceirín’ ná substain...
1 month ago
Fearaim cogadh ar phrintéirí! - [image: printéir]Tá sé ag screadaíl ar bhealach a chuirfeadh isteach ort. D’aon ghnó a dhéanann sé sin, tá éilimh aige nach maith leis a chur ar athló. A...
2 months ago
An Próiseas Síochána - Seo Chugainn Arís... - Tá Iosrael á féinchosaint ar na sceimhlitheoirí arís eile, agus mar is iondúil, tá na daoine céanna ag seasamh leis na sceimhlitheoirí, leis na Palaistínig...
2 months ago
Aistear Anama - *Réamhrá* Leathanach samplach den BhailiúchánÉinne a bhfuil cúpla teanga nó níos mó ar a dtoil acu is amhlaidh go mothaíonn siad uaireanta mar scitsifréin...
3 months ago
Oibriú go deonach | Volunteer - I volunteer with Gorta Self-Help Africa and have volunteered with NearFM and Raidió na Life also. All of the work I have done in the social and communi...
3 months ago
Feallmharfóir - Maidin dhrothanach i nDeireadh Fomhair atá ann agus tá mé ag siúl chun mo chuid oibre ón stad bus i Sráid Bedford. Tá cartán tae milis lachtach ón chíosc i...
4 months ago
|
No comments:
Post a Comment