Dún Chunchúir |
Slán leis an gCodú! |
"Má tá an aimsir go maith!" arsa mé.
Bhí sé scammalach ar maidin ach chinneamar dul. I ndiaidh Aifreann rinneamar ceapairi agus líonamar buidéil le huisce.
"Cén oileán?" a dúirt me. Is cuma liom a dúirt sé. Bhíomar beirt ar Inis Mór cheanna, agus cé go raibh mé fhéin ar Inis Meáin fadó sna hochtóidí chinneamar dul ansin.
Tá áit cuíosach nua ag na báid i Ros a'Mhíl agus bíonn dhá bád ag dul amach gach lá ag an gcomhlucht bháid farantóireachta, ceann amháin go h-Inis Mór agus an ceann eile go dtí an dá oileain eile. Fagann siad an calafort ag an am céanna gach maidin - 10.30 - agus ar an Máirt se d'fhagadar i n-am.
Ba turas maith timpeall daichead neomad a bhí againn. Agus thug mé beannacht don Codú, atá mar ainm ar an mblag seo agam, ar an mbealach amach.
Cé go raibh sé scamallach agus ceomhar go leor ní raibh sé ag báisteadh. D'imigh an mór thír (nó Éire) as radharc go sciopadh agus ansin bhíomar ag an caladh nua atá tógtha ag Inis Meáin.
Ansin thosnaíomar ag siul.
Ni fada go dtí go rabhamar ag an aerstraice. Níl mórán tithe ar an taobh sin den oileán ach mar sin féin bhí sé soiléar go raibh na garrai glás néata agus bhí na fallaí árd agus dorcha, ní cosúil le Conamara ar chor ar bith. Is aoilcloch atá ar Árainn agus cloch eibhir geal atá anseo i gConamara. Thugamar faoi deara cé chomh ciúin is a bhí an áit. Ní raibh duine nó deoraí le feiscint ann.
N Caomhán |
Bhí an séipéil ar oscailt agus chuamar isteach ann. Séipéil álainn atá ann, fuinneoga breatha de chuid stiúideo Harry Clarke agus an altóir deartha ag athair na bPiarsach. Is fiú go mór dul isteach ansin chun iad a fheiscint agus ar ndóigh "Hello!" a rá leis an Tiarna!
Agus ár n-ágalamh leis an Tiarna thart chuamar ar aghaidh thar Theach Synge, a bhí dúnta (tá séasúr na turasóireachta thart) agus uaidh sin go dtí an Dún féin. Tá sé ar bharr chnoic leis an cianta. Chuamar isteach ansin agus bhí lón istigh ann againn mar bhí fothainn ón gaoth ann.
Áit ársa mór atá ann. Chuirfeadh sé íontas ort cé chomh mór is atá sé. Tá na ceisteanna ann leis nach bhfuil freagra le fáil orthu, agus seans nach mbeidh go deo. Cé thóg é? Cén fáth a dearnadh é? Ar bhealach bhí se cosúil le h-iarsmaí atá in Arizona sna stáit ar nós Caisleán Mhontatsuma, cé go bhfuil Dún Chonchúir i bfhad níos sine - agu níos fuaire!. Ach árdaíonn sé na ceisteanna céanna. Cé thóg é? agus cén fáth gur thréig siad an áit?
Ingearán |
Faoin am seo bhíomar ag dul thár trá a bhí lán de eineacha difriúil ag lorg beatha sa gainimh, san fheamainn agus ar ndóigh san uisce. Chonaic mé Cor Éisc ina measc agus broigheall agus dosaen nó dhó d'eanacha a cheap me gur géanna fíáine a bhí iontu ach ní saineolaí mé.
Bhí an grian amach faoin am seo agus shroiceamar an caladh díreach ag an am céanna agus a bhí ingearán ag teacht i dtír ag an aerstraice. Ba chuid den cabhlach aertharrthála ag cleachtadh a bhí ann is dócha.
Bhí an bád beagáinín déanach ag teacht anoir as Inis Oírr ach tháining sé ar deireadh le sin a thabhart abhaile go Ros a'Mhíl áit ar ar bailíodh muid le dul abhaile chuigh béile deas blásta agus te. D'fhagamar slán le h-Inis Meáin le smaointe maithe d'áit, clochach, carraigreacha agus ciúin. Áit éagsúil.
Slán le hInis Meáin |
• Tá learscáil in aice leis an gcaladh le trí lúbanna márcáilte, ach cé go bhfuil na logainmneacha i nGaeilge ar is i mBéarla amháin atá na treoracha. An rud céanna faoin suíomh turasóireachta atá ag Bórd Fáilte ar líne, muna bhfuil Béarla agat is beag a cabhair atá ionta.
Tá pictiúirí eile a tógadh ar an dturas le fáil anseo!
Inis Meáin 2013 |