30.11.17

Cáis agus poitín!

Bhíomar ag aonach bhia & cheardaíochta a bhíonn ar siúl gach bhliain i nGaillimh sa Dubhlann. Bíonn an chuid stuif á dtaispeáint ann idir bia, dí agus ceardaíocht ach de gnáth is ar thóir bhia a bhíonn muid!

Poitín Chois Fharraige!
Bíonn Cáis Gabhair Árann (Béarla) ann i gcónaí agus cheannaíonn muid roinnt de sin ar ndóigh. Bíonn móréilimh ar sin sa teach s'againne. Is fiú í a lorg má is duine cháise thú!

Cáis Áranach!
Bhí seastán i mbliaina ag Mícil (Bearla), an comhlucht nua a deineann poitín dleathach. Chuala mé faoi ar ndóigh agus cuid den stair a bhain leis. Tá an deaoch seo bunaithe ar oideas traidisiúnta Mhicil Mhic Chearra a bhíodh á dhéanamh fadó i gCois Fharraige. Mhair eolas ar a cheard sa chlann go dtí anois agus ar deireadh d'éirigh lena mhac, mhic, mhic, mhic garpháiste ceadúnas leis ceadúnas a fháil len é a dheanamh go dleathach.

Tá sé de nós agam tár éis béile mór speisialta deoch a ól le mo bholg a chuir ar a shuaimhneas. Más féidir liom is deoch ón Iodáil, Grappa, a olaim agus cinnte níl rud mar é len do bholg a chuir ina choladh nó muna chuireann sé ina choladh é deirtear go gcuireann sé gan aithne gan urlabhra é! I bhfocail eile d'fhéadfá a rá go bhfuil sé beagáinín (?) garbh. Dódh sé thú agus é ar a bhealach anuas!!

Bhaineas trial as deoch Mhicil agus ba deoch an dheas a bhí ann. Ní raibh sé garbh ach ag an am céanna mhothaigh mé ag dul aníos agus ag téamh chuile bhall de mo choirp ach gan iad a dhó. Moladh liom roinnt mhanglam leis mar Micil Mojito nó Micil Thyme Sparkler nó Daiquiri. Ach sílim fhéin gur leor Micil lom leis fhéin!

Cheannaigh mé buidéal.

Baolach nach Grappa a bheidh á ordú tár éis béile mór na Nollag.

Sláinte!

Tá traidisiúin ársa stilléireachta i gConamara agus tagann Micil anuas ón dtraidisiúin sin. Seo clúdach ar Fhéilire 2018 ó Cheantair na nOileán.

25.11.17

Comhrá dairíre!


Nach íontach an ceangal atá idir buachaill óg agus a Dhaideó?

Bhí comhrá dairíre ar siúl idir mise agus eiseann ar chonas a oibríonn chúrsaí taoide. Conas a bhíonn tionchar ag an gealacha ar líonadh agus trá na taoide. Ag siúl a bhíomar ar an mbóthar ó dheas i dtreo Thoit Chónáin agus Poll Aill an Arbhair.

Már a fheiceann tú bhí sé fuair agus baol bháistí ann agus gaoth láidir Shamhnach ag séideadh agus mar sin bhí muid clúdaithe go maith ina n-aghaidh lenár gcuid hudaíanna!

Ni raibh fhios ag ceachtair againn gur glacadh an grianghraf seo ag an am.

Sílim go bhfuil sé go deas!

14.11.17

Iasc amháin i Luimneach!

Bhíomar i Luimneach agus ag am lón bhí ocras orainn.

Dúirt cara linn go raibh proinnteach deas iasc ann ach rinneamar dearmad ar a ainm ach amháin go raibh sé in aice leis an bpríomh shráid. Rinneamar é a gúgláil agus cheapamar go raibh sé aimsithe againn ar Sr de Róiste ann.

Bhí an lá go dona, síorbháisteach agus fliuch agus cheapas go mbeadh sé deachair áit páirceála a fháil ach bhí an t-adh linn. Ní raibh innil ann le ticéad páirceála a fháil mar is cosúil go n-úsáidtear diosca páirceála ann. D'aimsíomar siopa le diosca a cheannach - cinneál scríobhcarta a bhí ann - agus chuireamar ar dheais ár gcarr.

Ansin chuamar thuas go dtí Sr Uí Chonaill agus go dtí an Sráid ar a raibh an áit a bhí á lorg againn.

Mortells an t-ainm a bhí ar an áit agua ach amháin gur raibh fhios againn gurb é an áit a bhí feicthe againn ar an ríomhaire ní stopfainn ann mar bhí sé cosúil le caifé beag nó siopa cáifé! Ach shiúlamar isteach agus fuaramar an fháilte ó fhear a'tí.

Thaispeán sé a bhí aige. D'ordaigh mo bhean sól coiteann ar an cnámh agus mise - nach maith liom iasc le cnám ann - filléad sóil. Rinne sé féin an cóicearacht ansin go simplí agus nuair a bhí sé réitithe aige thóg sé chugainn ag an mbórd. Ni raibh aon rud ard-nósach ann. Iasc a bhí ann agus cócaireacht cúramach agus léirithe go deas dúinn. Gan maisiúchán seachas sailéad. Iasc a bhí uainn agus iasc blasta a fuaireamar.

Idir an dá linn fuaramar amach nach é an teach a mhol á gcáirde agus mar sin bhí dlí na seansúlachta ag obair ár son.

Má tá tusa i Luimneach agus ag lorg lón deas simplí blasta mholfainn go mór Teach Mortells' ar Sráid de Róiste Uimh 49, duit.

9.11.17

Tearmann nó díth céille!

Tá sé de nós agam cúpla neomad a caitheamh ag an ríomhaire, ní gach maidin ach go minic ar an suíomh Tearmain.  Seo suíomh le "duine a threorú trí sheisiún urnaí i sé chéim." Nach bhfuil rian eagraithe na nÍosánach le feiscint san abairtín sin?

Cinnte is neomad ciúin atá ann go luath ar maidin agus seo a léigh mé ar maidin.

"Tá Dia i mo chuideachta, ach níos mó ná sin, tá sé ionam."

Stopann sé sin mé gan aon amhras. Cad is brí leis seo? "Moillim ar feadh nóiméid le cuimhneamh ar laithreacht seo Dé taobh istigh díom. I mbualadh mo chroí, i dtuile agus trá m'anála, i ngluaiseachtaí m'aigne. Anois! Agus mé i mo shuí ós chomhair mo ríomhaire!"

An rud is sontaisí faoin gcoincheap sin ná nach mbraitheann sé ormsa. Is firic atá ann (creidimse). Tá sé ann! Is cuma duine olc nó maith mé. (Bhfuil éinne maith ann?).

Bhíodh sé á rá ag an Ath Frederick Faber (1814-1863)* go raibh Dia i gcarcar ionainn mar pheachaí, agus gach uair a deinim peaca tá mé á gceangal níos deanganaí! Nach n-imíonn sé ríomh ón duine is measa agus mar sin ba chóir dó dul i ndiaidh gach peacach len é a shabháil.

Tuigim gur "díth céille é" dar le mórán (mar a dúirt Pól).

* Sagart i Sasana atá dearmadtha anois ach a scríobh an iomann úd "Faith of our Fathers" a canadh ag gach cluiche Chraobh na hÉireann fadó!

8.11.17

Ag cosaint an fhirinne sna meáin!

Tá  feachtas nua fógartha ag an EBU (Aontas Craolcháin na hEorpa), ina léirítear an dea-thionchar a imríonn na meáin phoiblí ar aon sochaí ina bhfuil siad ar fáil - Meáin ar Ardchaighdeán (Ilteangach).

Seo an chéad uair ag eagrais agus craoltóirí poiblí na hEorpa comh-fheachtas den chineál seo a eagrú agus iad ar aon téad agus d’aonghuth faoin leas a dhéanann na meáin phoiblí ag am ina bhfuil ‘nuacht bhréige’, éagothroime pholaitiúil, olltionchar na soláthraithe móra domhanda agus aighnis faoin easpa maoinithe do na craoltóirí poiblí ag cothú deacrachtaí go leor.

Léiriíonn an feachtas an bonn atá faoi na meáin phoiblí agus an tairbhe a dhéanann siad don sochaí.

Deir Ardstiúrthóir EBU Noel Curran: “Is iad na heagrais phoiblí is mó a dhéanann infheistíocht sa léiriúchán clos-amharc ar fud na hEorpa, san iriseoireacht Eorpach agus is mó a imríonn tionchar dearadh ar shaol laethúil na bpobal ar a bhfuil siad ag friotháil."

“Tá go leor ábhair ar fail anois don phobal ach ní ionann méid agus fiúntas agus tá an cás ar son na meán poiblí níos práinní fós dá bharr. Cinntíonn na meáin s’againne spás don ilchineálacht, don mhionteanga agus don tsúil eile. Molaim an feachtas seo” a dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4

Thacaigh Dee Forbes, Ardstiúrthóir RTÉ leis an bhfeachtas freisin: “Is ceart dúinn gach deis a thapú le tábhacht na meán poiblí don daonlathas a chur i láthair an phobail, mar go gcuireann nuacht fhírineach, agus anailís gan fuacht ná faitíos ar mhór-cheisteanna atá ag déanamh tinnis don phobal go mór le leas an tsochaí."

6.11.17

Cearta ar deireadh?

Tá sé ráite ag Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, agus é faoi agallamh i scannán faisnéise nua, go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas le scrúdú a dhéanamh ar an gcás go dtabharfaí pardúin iarbháis do na daoine a ciontaíodh san éagóir i ndúnmharuithe Mhám Trasna sa bhliain 1882.

In agallamh d’fhadscannán nua faisnéise dar teideal Murdair Mhám Trasna, a choimisiúnaigh TG4, deir an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé “ag súil le tuairim an tsaineolaí” atá ceaptha ag an Rialtas leis an gcás a mheas agus ag súil freisin “le tuairim an Rialtais”.

"I wish something could be done for Myles Joyce – "
Ag an bpointe sin, beidh mé ag filleadh ar an méid is féidir liom a dhéanamh. Dá mba rud é go raibh sé ag brath orm féin, is cuma cén rud foirmeálta atá i gceist, táim sásta glacadh leis gur chóir aitheantas a thabhairt don rud [an éagóir] a tharla. I mo thuairimse, tá an mhoráltacht atá i gceist soiléir,” a deir an tUachtarán in Murdair Mhám Trasna.

Tá níos mó faoin triail le fáil ar ár mblag féin le fáil anseo.

Cruthaíodh suíomh faoi leith: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil, sa bhliain 2012.

Foilsíodh an bun-leabhair anuireadh (2016) agus is féidir é a fháil ón bhfoilsitheoir Cois Life.

Tá léarmheas ar an scannán féin scríofa i dTuairisc.ie ag Breandán M Mac Gearailt: Clochmhíle sa chraoltóireacht teilifíse Ghaeilge é Murdair Mhám Trasna.
Maraíodh cúigear de mhuintir Sheoighe go brúidiúil ina dteach cónaithe i Mám Trasna ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo in 1882. Ciontaíodh ochtar fear ón gceantar as na dúnmharuithe bunaithe ar thuairiscí ó bhrathadóirí agus ar fhianaise bhréige. Íocadh suimeanna móra airgid mar chúiteamh le finnéithe – £1,250 ar fad, nó €160,000 in airgead an lae inniu – ach níor cúisíodh riamh na daoine ba mhó a raibh baint acu leis an sléacht.

Aithnítear go forleathan go raibh cás Mhám Trasna ar cheann de na samplaí is measa riamh sa tír seo d’iomrall ceartais.

Trí Bhéarla a cuireadh ar a dtriail na fir a cúisíodh sa chás cé gur beag eolas a bhí ag a bhformhór ar an teanga sin ó tharla gur chainteoirí dúchais Gaeilge iad. Crochadh triúr acu agus gearradh príosún saoil ar an gcúigear eile; bhásaigh beirt acusan sa phríosún agus níor saoradh an triúr eile go dtí go raibh scór bliain caite i ngéibheann acu. Níor cúisíodh riamh an triúr fear ón gceantar céanna a phleanáil na dúnmharuithe agus a bhí páirteach iontu.

Diúltaíodh fiosrúchán poiblí a chur ar bun faoi chás Mhám Trasna agus bhí baint ag an diúltú sin le titim Rialtas Gladstone sa bhliain 1885.

Maidir leo siúd a ciontíodh i gcás Mhám Trasna tá an méid seo le rá ag an Uachtarán Ó hUigínn i Murdair Mhám Trasna:

“Gach rud a tharla ar leibhéal an Stáit bhí sé go dona. Bhí breabaireacht i gceist. Níor tugadh seans ceart do na daoine a bhí cúisithe iad féin a chosaint. Ní raibh atmaisféar na cothromaíochta ann agus ní raibh an chothromaíocht ann nuair a bhí tú ag caint faoin bpróiseas dlí ag an am,” a deir an tUachtarán.

Maidir le riar an dlí agus an chirt sa tréimhse inar tharla na dúnmharuithe, deir an tUachtarán gurbh é an dearcadh a bhí ag údaráis na Breataine faoi mhuintir na hÉireann ag an am ná nach raibh cothrom na Féinne ag dúl dóibh beag nó mór. “Cheap siad gur daoine ar leith iad seo nach raibh ar comhchéim le ‘gnáthdhaoine sibhialta’,” a deir an tUachtarán san fhadscannán faisnéise nua.

Dúirt léiritheoir an scannáin Ciarán Ó Cofaigh gur “dul chun cinn an-suntasach” é fógra an Uachtaráin go raibh saineolaí ceaptha le comhairle a chur ar an Rialtas agus ar an Uachtarán maidir le cás Mhám Trasna. “Bheadh sé ar fheabhas ar fad dá dtabharfaí pardún iarbháis anois dóibh siúd a ciontaíodh san éagóir 135 bliain ó shin. Más mall is mithid,” a dúirt sé.

I measc na ndaoine eile atá faoi agallamh sa scannán tá an Tiarna Alton as Learpholl Shasana, arbh as ceantar Mhám Trasna dá mháthair. Tharraing an Tiarna Alton agus an Tiarna Avebury aird ar an gcás an athuair sa bhliain 2011 agus iad ag iarraidh go n-aithneofaí gur éagóir a tharla. Deir an Tiarna Alton freisin nach bhféadfaí a rá gur cuireadh triail chothrom orthu siúd a ciontaíodh nuair nár thuig siad fiú teanga na cúirte, an Béarla.

“To have a fair trial you need to be able to understand the accusations that are being made against you. You need to be able to understand the evidence being given by your accusers. And you need to be able to understand the directions of the judge. And if you can’t understand any of these it makes it impossible to have a fair trial. And it was also, I think, demeaning of the Irish language.”


Deir Johnny Joyce, duine de shliocht an teaghlaigh a dúnmharóidh i Mám Trasna go maitheann sé é don bhuíon a rinne na dúnmharuithe ach gur mhaith leis go n-aithneofaí an t-iomrall ceartais a tharla dá bharr.

“I wish something could be done for Myles Joyce – his sentence should be commuted – the same with the other Joyces who served their sentences, 20 years hard labour.”

Deir Tomás Ó hÉanacháin, sin-sin-nia le duine de na fir a crochadh, go gcuireann an scéal “fearg” air.

“Cé go raibh a fhios ag na húdaráis nach raibh Maolra Seoighe ná a dheartháireacha páirteach sna dúnmharuithe lean siad ar aghaidh leis an gcrochadh agus leis an éagóir.”

• An comhlacht teilifíse ROSG, atá lonnaithe sa Spidéal, a rinne an scannán, a choimisiúnaigh TG4 le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Taispeánfar/Taispeánadh an scannán den chéad uair anocht/aréir (3 Samhain) mar chuid d’Fhéile an Oireachtais i gCill Airne. Níl dáta craolta an tsaothair ar TG4 socraithe fós ach tá sé i gceist go mbeidh sé le feiceáil ar dtús ag féilte scannán sa tír seo agus thar lear sna míonna atá romhainn.

Colm Bairéad a stiúir Murdair Mhám Trasna agus Ciaran Ó Cofaigh agus Seán Ó Cuirreáin a léirigh é. Tá an scannán bunaithe ar Éagóir le Seán Ó Cuirreáin, leabhar faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna a d’fhoilsigh Cois Life anuraidh. Rinneadh an scannánaíocht ar láithreacha éagsúla i Mám Trasna agus i mBéal Átha na Muice (Contae Mhaigh Eo), i gConamara (Contae na Gaillimhe), i mBaile Átha Cliath agus i Londain.


 @Murdair #Mám82 @CoisLife