"The law must take its course!" - Cábla Fear Ionad Bhanríon Shasana - 15 Nollaig 1882 sa Viceregal Lodge. Pardún iarbháis tugtha ag Uachtarán na hÉireann do Mhaolra Seoighe - 4 Aibreán 2018 in Aras an Uachtaráin. |
Seán Ó Cuirreáin a leagadh bláthfhleasc ag suíomh an uaigh in a cuireadh iad siúd a crocadh i nGaillimh 2012 |
I bhfadscannán faisnéise drámaíochta Murdair Mhám Trasna, atá le craoladh ar TG4, ag 9.30pm, an 4 Aibreán, tugann an tUachtarán Michael D. Higgins le fios go bhfuil saineolaí ceaptha ag an Rialtas chun an cás a scrúdú le súil is pardún a thabhairt i ndiaidh a mbáis do Mhaolra Seoighe agus do na fir eile a ciontaíodh san éagóir sna dúnmharuithe stairiúla seo.
Bunaithe ar an leabhar ‘Éagóir’ a scríobh an tIar-Choimisinéir Teanga agus iar-iriseoir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta Seán Ó Cuirreáin, as Gort an Choirce i dTír Chonaill, atá Murdair Mhám Trasna. I measc na rannpháirtithe sa chlár tá an tAbhcóide Sinsearach Luan Ó Braonáin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, daoine muinteartha na ndaoine a bhásaigh agus neart eile.
Dúirt an tUachtarán Higgins go bhfuil sé ag súil tuairim an tsaineolaí seo a fháil chomh maith le comhairle an Rialtais ar cheann de na hiomraill ceartais is mó le rá i stair dlí na Breataine agus na hÉireann.
“Fillfidh mise ansin, ag an tráth sin”, a deir sé “go bhfeicfidh mé céard a bheidh mé in ann a dhéanamh. Dá mba fúmsa a bheadh sé, gan na foirmiúlachtaí san áireamh, bheinn sásta glacadh leis gur cheart aitheantas a thabhairt don éagóir a tharla. Is é mo thuairim gur léir an cheist mhorálta i gceist.
“Bhí na nithe ar fad a thit amach ó thaobh an stáit de uafásach. Bhí breabaireacht i gceist. Ní bhfuair na cúisithe aon seans ceart iad féin a chosaint. Ní raibh aon chomhionannas ná aon chothroime ag baint leis na córais dlí ag an am sin”.
Tá Murdair Mhám Trasna, bunaithe ar scéal uafásach i stair na hÉireann, dúnmharú a rinneadh in 1882 ar chúigear den teaghlach céanna i mbaile uaigneach Mhám Trasna in Iarthar na hÉireann.
D’fhreagair údaráis na Breataine go pras agus go géar agus ciontaíodh daoine san éagóir, crochadh cuid acu agus cuireadh cuid eile i bpríosún mar thoradh ar fhianaise bhréige agus ar bhreabaireacht.
“One of the most blatant miscarriages of justice in British legal history” an cur síos a rinne an staraí iomráiteach as an mBreatain, Robert Kee, ar an scéal.
De réir mar a tháinig sé chun cinn go raibh éagóir déanta agus a admhaíodh sna páipéir náisiúnta agus idirnáisiúnta ag an am gur tugadh mionnú éithigh, dhiúltaigh rialtas Gladstone, ina dhiaidh sin féin, fiosrúchán poiblí a bhunú agus bhí sin ar cheann de na cúiseanna ar thit rialtas Westminster in 1885.
Ní bhfuair siadsan a ciontaíodh san éagóir aon phardún ó na húdaráis riamh ach d’fhéadfadh mar thoradh ar an bhfadscannán seo go bhfuiltear ag teannadh níos gaire dó sin anois.
• Tá Murdair Mhám Trasna roghnaithe le dul san iomaíocht thar ceann na hÉireann sa chatagóir staire ag Féile na Meán Ceilteach. Is comhlacht léiriúcháin as Gaillimh, ROSG, a léirigh Murdair Mhám Trasna do TG4, le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann.
• Tabharfar cuntas beacht ar na nithe a thit amach nuair a chraolfar Murdair Mhám Trasna an 4 Aibreán ag 9.30pm ar TG4.
Breis eolais faoin leabhair, léarmheas pearsanta ar an scannán agus nithe eile le fáil anseo.
• Comóradh ar éagóir Mhám Trasna 1882. (Samhain 2012)
Tá suíomh faoi leith tógtha don gComóradh i 2012 le fáil anseo: Dúnmharuithe Mhám Trasna - Éagóir Dhlíthiúil.
• Sean-ghrianghraif an-stairiúil ó Mhám Trasna! (Eanáir 2013)
• Scannán fáisnéise ar "Éagóir!" (Meitheamh 2016)
• Géileadh don dlí - cóir nó éagóir! (Iúl 2016)
• Cearta ar deireadh? (Samhain 2017)
• Slua don Éagóir! (Feabhra 2018)
@PresidentIRL @BAItweets @ROSGtv @tg4