Bhí an tUachtarán Ó Cinnéide, JFK na Stáit Aontaithe, le teacht agus ligeadh amach muid le dul thíos chuig an gcathair. Bhí ceamra beag bosca agam agus scannán beag follamh istigh ann. Chuaigh mé thíos chuig Halla na Cathrach. Bhí mé i mo sheasamh ag cúinne Céibh na hAontachta agus an droichead isteach go Sr Anglesea (Sr Inis Mhóin?).
Tháinig sé anuas in ingearán ag Dún Uí Choileáin agus anuas ansin tré Sr. Phádraig agus an Meall Theas agus ansin casadh ar dheis thar an droichead inár dtreo agus ansin ar chlé isteach chuig príomh doras Halla na Cathrach. Bhí an slua ró mhór agus dá bharr san theip orm pictiúr a fháil ann.
Ach bhí fhios agam cá raibh sé le dul nuair a bhí na searmanaisí thart sa halla. Cheap mé go mbfhéidir go mbeadh am agam brustú ar aghaidh i dtreo na áite sin tré na cúlsráideanna gau ag an deireadh d'éirigh liom áit compórdeach a fháil ag cúinne Br Victoria agus Bóthar na Páirce Láir. Buíochas le Dia bhí oráid an fhada ag Árd Maora Chorcaí - bhí sé luaite ag an Uacthtarán féin - agus bhí na himeachtaí fós ar siúil sa halla nuair a shrioch mé an áit agus cé go raibh an-chuid daoine ann bhí radharac maith agam ar an mbóthar. (Seo scannán gearr - 9 neom - ar YouTube ar an ocáid!)
Agus ansin go tobann bhí an caint go léir thart agus bhí sé ar an mbóthar arís. D'éirigh orm pictiúir réasúnta soiléar a ghlacadh agus chuir mé isteach im albam ghriangrafanna é chomh luath agus a réaladh é. Seo an pictiúir agus scríbhinn fear óg fiche bliain d'aois - agus chuir mé an dáta mícheart faoi - thárla sé ar an 28ú lá Meitheamh 1963.
Mo léan, taobh istigh de cúig mhí bhí muid ag dul síos arís chuig Aifreann ar son anama ár gcuairteoir uasal a tháinig abhaile ón Iarthair.
Ar dheis Dé go raibh sé.
Seo nasc chuig scannáin faoin gcuairt (Béarla)!