Féach an iar nóta thíos!
Inné chuamar ag siúl mar is dúil dúinn. Thugamar faoi dearadh rud éigin ag seasamh ar carraig amuigh sa bhfarraige. Is dócha gur Corr Riasc a bhí ann. Is minic atá siad le feiscint ar chosta Chonamara ach an rud is spéisiúla faoin gceann seo ná go raibh a chuid sciathán á leathadh an t-am ar fad - cosúil le sagart a rá "Orate fratres!".
Thóg me roinnt pictiúirí le mo fón. Má brútar ar an gceann thuas feicfidh tú é. Rinne me iarracht pic a thogadh leis an zoom ach níor éirigh chomh maith leo siúd thios
Iarnóta Cheartúcháin- 27 Samhain 2016: Tá mé buíoch as an mblagadóir "Mise Áine" mé a chuir ar an mbóthar ceart anseo mé nuair a dhírigh sí m'airde ar phíosa a scríobh sí anuireadh - Éan scéal. Is cosúil nach Corr Riasc atá ann ach Broigheall nó ainm a thaitníonn go mór lion, An Cailleach Dubh. Tá Scairt air an éan sin i gCúige Uladh dár le Cairde Éanlaith Éireann (Béarla).
• Seans go mbeadh spéis agat sa chean seo faoi éan atá gaolta leis an gcorr riasc a bhí ar chúl an tí sa bhliain 2013: Éan bán i ndiaidh stoirme...